Fógra maidir le Conradh

Nuair a théann príomhchonraitheoir i mbun conradh iomchuí le fochonraitheoir, bíonn oibleagáid air/uirthi sonraí an fhochonraitheora agus an chonartha a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim ar líne, mar aon le dearbhú nach conradh fostaíochta atá sa chonradh atá á dhéanamh. Tugtar "Fógra maidir le Conradh" ar an bpróiseas sin sa chóras nua. Ó 2012 ar aghaidh, ní gá do phíomhchonraitheoirí ná d’fhochonraitheoirí Foirm RCT 1 a chomhlánú ar pháipéar a thuilleadh. De thoradh air sin, níl Fógraí Eisiaimh ón bpróiseas RCT 1 bailí a thuilleadh. Ba cheart do phríomhchonraitheoirí gach conradh iomchuí a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim. Tá treoir (lena n-áirítear físeáin) i leith fógra maidir le conarthaí a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim ar fáil thíos:

Cúnamh le fógra a thabhairt maidir le conarthaí a rinneadh roimh an 31/12/11 a bheidh fós i bhfeidhm in 2012

Mar chuid den phróiseas aistrithe conarthaí, rinne na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis faoi chonarthaí an phríomhchonraitheora a chur isteach sa chóras nua go huathoibríoch. Rinneadh sin trí shonraí ó thuairisceán RCT 2010 an phríomhchonraitheora agus ón RCT 47 a eisíodh dó/di in 2011 a úsáid (ach amháin sa chás gur chuir an príomhchonraitheoir in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim nár mhian leis/léi a bheith páirteach sa phróiseas sin).

pdfTá sonraí iomlána an tsocraithe idirthréimhsigh sin ar fáil (PDF, 30KB)

Tabhair faoi deara: I gcásanna inar cuireadh conarthaí isteach sa chóras nua trí úsáid a bhaint as sonraí RCT 35 2010 agus/nó RCT 47 2011 an phríomhchonraitheora, fágfar dáta tosaithe na gconarthaí sin mar an 25/12/2010.

Faisnéis faoi chonarthaí a íoslódáil::

Bhí deacracht ag roinnt custaiméirí le conarthaí a íoslódáil i bhformáid CSV nó XML. D’fhéadfadh sé sin tarlú de bharr an leagain den bhrabhsálaí Gréasáin Internet Explorer atá suiteáilte ag custaiméirí (leagan 7 nó 8). Má tá leagan 7 nó 8 den bhrabhsálaí Gréasáin Internet Explorer agat, léigh an pdfnóta treorach maidir leis an bhfadhb le conarthaí a íoslódáil a réiteach (PDF, 333KB).

ROS - Fógra maidir le Conradh

 

RCT - Cuardaigh Fógraí maidir le Conradh

 

Faisnéis le haghaidh Fochonraitheoirí faoin gcóras nua RCT

 

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil