Cáin Chonarthaí Iomchuí do Chonraitheoirí Neamhchónaitheacha

Leictreonach Chóras Chaín Chonarthaí Iomchú

pdfNósanna imeachta athbhreithnithe maidir le hImréiteach Cánach i leith Conarthaí Seirbhíse Poiblí, Deontas, Fóirdheontas agus íocaíochtaí de chineál dá samhail (Ciorcláin 43/2006 agus 44/2006 na Roinne Airgeadais) (PDF, 27KB)

Baineann Cáin Chonarthaí Iomchuí (CCI) le híocaíochtaí a dhéanann príomhchonraitheoir le fochonraitheoir faoi chonradh ábhartha (conradh chun oibríochtaí sa tionscal tógála, foraoiseachta nó próiseála feola a chomhlíonadh nó lucht saothair a chur a fáil don chúis sin). Bíonn íocaíochtaí le fochonraitheoirí i ndáil le conradh ábhartha déanta go ginearálta faoi asbhaint cánach, ach is féidir ollíocaíochtaí a dhéanamh freisin nuair a shásaíonn fochonraitheoir coinníollacha áirithe.

Baineann CCI le conraitheoirí cónaitheacha agus neamhchónaitheacha araon a théann i ngleic le hoibríochtaí ábhartha sna tionscail tógála, foraoiseachta nó próiseála feola.

Ba chóir do chonraitheoirí neamhchónaitheacha iad féin a chur ar an eolas faoi a chuid
pdfoibleagáidí chánach (PDF, 133KB) .

Athchistiú ar CCI asbhainte

Nuair atá asbhaint cánach fulaingthe ag fochonraitheoir ar íocaíochtaí déanta ag príomhaí, beidh deimhniú asbhainte tugtha ag an bpríomhaí don fhochonraitheoir (Foirm RCTDC). Is féidir le fochonraitheoirí iarratas a dhéanamh an cháin a asbhaint, a aisíoc nó a fhritháireamh. Caithfear éilimh ar aisíocaíocht nó fritháireamh ó fhochonraitheoirí neamhchónaitheacha a sheoladh chuig:

An Rannóg Éileamh Idirnáisiúnta,
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim,
Rannán an Ard-Bhailitheora,
Oifigí an Rialtais,
An tAonach,
Co. Thiobraid Árann,
Éire.

Teileafón: +353 (0) 67 63400
Facs: +353 (0) 67 44182
ríomhphost: intclaims@revenue.ie

Caithfidh iarrthóirí aonair pdfFoirm IC 1 (PDF, 38KB) a chomhlánú. Caithfidh iarrthóirí cuideachta
pdfFoirm IC 3 (30KB) a chomhlánú. Is féidir na foirmeacha seo a fháil ar iarratas ón Rannóg Éileamh Idirnáisiúnta.

Caithfidh an fhoirm éilimh chomhlánaithe a bheith deimhnithe ag na húdaráis Cánach/na gCoimisinéirí Ioncaim sa tír cónaithe chun críocha cánach sa bhliain cánach ina thuilltear an t-ioncam. Cé go gclúdaíonn deimhniú tréimhse trí bliana i láthair na huaire, tabhair faoi deara le do thoil gur féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim iarratas a dhéanamh ar dheimhniú i ndáil le héileamh ag am ar bith. Tabhair faoi deara freisin go bhfuil an tréimhse reatha trí bliana faoi réir athbhreithnithe.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil ceistneoir le comhlánú freisin i ndáil le gach conradh a bhíonn comhlíonta ag fochonraitheoir neamhchónaitheach. Maidir le conarthaí leanúnacha, caithfear cóip den Cheistneoir bhunaidh a sheoladh ar aghaidh leis na RCTDC ar fad. Ba chóir sonraí RCTDC do Cheist 3 a Cheistneora a chur in iúl ar bhileog faoi leith. Íoslódáil an wordCeistneoir – Cáin Chonarthaí Iomchuí (MS Word, 38KB).

Ollíocaíochtaí

Chun a bheith incháilithe le haghaidh íocaíochtaí gan asbhaint cánach, caithfidh an fochonraitheoir Foirm C2 a bheith acu agus caithfidh cárta íocaíochtaí ábhartha atá bailí a bheith ag an bpríomhchonraitheoir atá ag déanamh íocaíochta (Foirm RCT 47).

Is féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim teorainn a ghearradh ar mhéid na n-íocaíochtaí gur féidir le príomhchonraitheoir a dhéanamh gan asbhaint cánach, ar chártaí íocaíochtaí ábhartha d’fhochonraitheoirí áirithe. Déanfar an teorainn a phriontáil ar an gcárta íocaíochtaí ábhartha. Nuair a sháraíonn iomlán na n-íocaíochtaí leis an bhfochonraitheoir an teorainn shonraithe atá léirithe ar an gcárta íocaíochtaí ábhartha, ba chóir CCI a asbhaint ó íocaíochtaí ar bith a sháraíonn an teorainn sin. Nuair a bhíonn CCI asbhainte ón íocaíocht, ba chóir RCTDC comhlánaithe a thabhairt don fhochonraitheoir.

Baineann na critéir incháilithe le haghaidh iarrthóirí C2 le fochonraitheoirí cónaitheacha agus neamhchónaitheacha araon. Tá sonraí faoi chritéir incháilithe do C2 leagtha amach in Conas a oibríonn CCI agus na foirmeacha atá i gceist. I gcás iarrthóra a bhíodh cónaitheach lasmuigh den Stát ag am áirithe sa tréimhse incháilithe, caithfidh siad cloí leis na hoibleagáidí inchomparáide uile atá forchurtha ag dlíthe na tíre ina bhfuil an iarrthóir cónaitheach.

Tabhair faoi deara go mbeidh ceistneoir breise le comhlánú ag gach iarrthóir neamhchónaitheach a dhéanann iarratas ar C2. Tá an ceistneoir ar fáil ón seoladh thuas nó tríd an nasc a leanas:
wordCeistneoir – Cáin Chonarthaí Iomchuí (MS Word, 38KB).

Ba chóir d’fhochnraitheoirí neamhchónaitheacha na hiarratais a sheoladh chuig Dúiche Lár na Cathrach:

Na Coimisinéirí Ioncaim,
Rannóg CCI/CBL,
Dúiche Lár na Cathrach,
9/10 Sráid Uí Chonaill Uachtarach,
Baile Átha Cliath 1, Éire.

Teileafón: +353 (0) 1 865 5000

Tionchar an Fhrithmhuirir CBL ar Sheirbhísí Tógála atá faoi réir CCI

Tar éis an Frithmhuirear CBL a thabhairt isteach ar an 1 Meán Fómhair 2008, beidh dualgas fós ar fhochonraitheoirí cónaitheacha a sholáthraíonn seirbhísí tógála (atá faoi réir CCI) do phríomhchonraitheoirí clárú do CBL, faoi réir na gnáthrialacha CBL. Mar sin féin, ní bheidh dualgas ar na fochonraitheoirí sin níos mó CBL a ghearradh nó a áireamh ar sheirbhísí tógála (seachas tarlú ar cíos) atá soláthraithe do phríomhchonraitheoirí.

Ón 1 Meán Fómhair 2008, ní bheidh dualgas ar fhochonraitheoirí neamhchónaitheacha a sholáthraíonn seirbhísí tógála do phríomhchonraitheoirí laistigh den réimse CCI clárú do CBL (mar sainítear in Alt 530 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 ach nach gcuireann tarlú ar cíos san áireamh). Mar sin féin, is féidir le fochonraitheoirí dá leithéid clárú do CBL chun creidmheas a éileamh maidir le hionchur CBL atá tabhaithe. pdfTuilleadh faisnéise d’fhochonraitheoirí (PDF, 33KB).

Nuair a bhíonn Frithmhuirear CBL i gceist, caithfidh na príomhchonraitheoirí CBL a áireamh mar a bheadh an tseirbhís soláthraithe acu féin.

Ní bhíonn tionchar ag an bhFrithmhuirear CBL ar dhualgais CBL na bhfochonraitheoirí cónaitheacha agus neamhchónaitheacha atá i mbun oibríochtaí ábhartha sna tionscail próiseála feola nó foraoiseachta nó daoine atá i mbun tarlaithe ar cíos laistigh de thionscal na tógála – leanfaidh na fochonraitheoirí sin lena ndualgas chun CBL a ghearradh agus a áireamh, faoi réir na gnáthrialacha CBL.

Tuilleadh faisnéise ar Fhrithmhuirear CBL. Comhairlítear d’fhochonraitheoirí breathnú ar
pdfThreoir CBL na gCoimisinéirí Ioncaim (PDF, 1.2MB) nó cuairt a thabhairt ar an Rannóg CBL de láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim lena ndualgais CBL a fhionnadh.


Leagan furasta le priontáil