Conas a oibríonn CCI do phríomhchonraitheoir?
Shínigh an tAire Airgeadais an t-ordú um thosach feidhme maidir leis an gcóras nua le haghaidh Cáin Chonarthaí Iomchuí an 13 Nollaig 2011. Tugadh isteach an córas nua an 1 Eanáir 2012. Ní mór do gach príomhchonraitheoir in earnálacha na tógála, na foraoiseachta agus na próiseála feola oibriú i gcomhar leis na Coimisinéirí Ioncaim ar bhonn leictreonach, agus ba cheart dóibh na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Na conarthaí go léir a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim ar líne (Fógra maidir le Conradh)
- Íocaíochtaí a chur in iúl ar líne (Fógraí Íocaíochta)
- Cóip den Údarú Asbhainte, nó sonraí de, a sholáthar don Fhochonraitheoir
- Tuairisceáin mhíosúla/ráithiúla a sheoladh isteach ar líne (Achoimre na nAsbhaintí / Tuairsceán)
- Cáin Chonarthaí Iomchuí asbhainte a íoc
Leictreonach Chóras Chaín Chonarthaí Iomchú - Ceisteanna Coitianta do phríomhchonraitheoirí
Leictreonach Chóras Chaín Chonarthaí Iomchú
Eolas tábhachtach do phrIomhchonraitheoirí ag a bhfuil beirt nó níos mó ag úsáid an chórais nua CCI (PDF, 33KB)
Nósanna imeachta athbhreithnithe maidir le hImréiteach Cánach i leith Conarthaí Seirbhíse Poiblí, Deontas, Fóirdheontas agus íocaíochtaí de chineál dá samhail (Ciorcláin 43/2006 agus 44/2006 na Roinne Airgeadais) (PDF, 27KB).
Leictreonach Chóras Chaín Chonarthaí Iomchú - Cé leis a rachaidh tú i dteagmháil i do Cheantar áitiúil de na Coimisinéirí Ioncaim (PDF, 25KB)
Cad is príomhchonraitheoir ann
Is éard is príomhchonraitheoir sa tionscal tógála, foraoiseachta agus próiseála feola ná duine nó grúpa daoine a fhostaíonn fochonraitheoir agus atá:
- I mbun gnó lena n-áirítear tógáil foirgnimh nó forbairt talún nó déantúsaíocht, cóireáil nó eastóscadh ábhair le húsáid, cibé an úsáidte nó gan a bheith úsáidte, in oibríochtaí tógála;
- I mbun gnó le hoibríochtaí próiseála feola i mbunaíocht atá faofa agus scrúdaithe de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feoil Úr), 1997. I mbun gnó le hoibríochtaí próiseála feola i mbunaíocht atá faofa agus scrúdaithe de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feoil Úr Éanlaith Clóis), 1996;
- I mbun gnó le hoibríochtaí foraoiseachta lena n-áirítear próiseáil adhmaid (gearradh agus caomhnú san áireamh) ó chrainn atá tanaithe nó leagtha i sábh-mhuillinn nó gnólachtaí eile atá cosúil leis nó soláthar crann tanaithe nó leagtha do phróiseáil dá leithéidí;
- Ceangailte le cuideachta atá i mbun gnólachtaí ar bith thuasluaite;
- Ina nÚdarás áitiúil nó cumann fóntais phoiblí nó comhlacht a thagraítear dóibh in (i) nó (ii) d’alt 12(2)(a) nó alt 19 nó 45 den Acht Tithíochta 1966;
- Ina Aire Rialtais;
- Ina mBord atá bunaithe ag nó faoi Reacht nó bord nó comhlacht ar bith atá bunaithe ag nó faoi chairt ríoga agus maoinithe go hiomlán nó go príomha ag airgid atá soláthraithe ag an Oireachtas;
- I mbun gnólachta a bhaineann le gás, uisce, leictreachas, cumhacht hiodrálach, duganna, canálacha nó iarnróid;
- Ina fhochonraitheoir a ligeann cuid den chonradh nó an conradh ar fad ar fhochonradh chuig fochonraitheoir eile.
Stádas Fostaíochta na n-oibrithe a oibríonn leat a chinneadh
Nuair a théann tú i ngleic le hoibrí chun oibríochtaí ábhartha a chomhlíonadh, caithfear cinneadh a dhéanamh i dtús báire cibé an fochonraitheoir nó fostaí is ea an
t-oibrí. Stádas fostaíochta ceart an oibrí a chinneadh
Más amhlaidh go raibh conradh fostaíochta rangaithe go mícheart mar chonradh ábhartha, beidh an príomhchonraitheoir
faoi dhliteanas ÍMAT agus ÁSPC a íoc gur chóir a bheith asbhainte chomh maith le hús agus pionóis mar is cuí.
An bhfuil tú ar an eolas faoi...
- Mar phríomhchonraitheoir san earnáil tógála, beidh tionchar ag an bhFrithmhuirear CBL ort, a tugadh isteach do sheirbhísí tógála atá faoi réir CCI.
