Conas a oibríonn CCI don bhfochonraitheoir?
Leictreonach Chóras Chaín Chonarthaí Iomchú
Nósanna imeachta athbhreithnithe maidir le hImréiteach Cánach i leith Conarthaí Seirbhíse Poiblí, Deontas, Fóirdheontas agus íocaíochtaí de chineál dá samhail (Ciorcláin 43/2006 agus 44/2006 na Roinne Airgeadais) (PDF, 27KB)
Leictreonach Chóras Chaín Chonarthaí Iomchú - Cé leis a rachaidh tú i dteagmháil i do Cheantar áitiúil de na Coimisinéirí Ioncaim (PDF, 40KB)
Fochonraitheoir nó fostaí?
Nuair atá obair ar bun agat sna tionscail tógála, foraoiseachta nó próiseála feola, ba chóir duit a chinntiú go bhfuil tú rangaithe i gceart mar fhostaí nó mar fhochonraitheoir féinfhostaithe.
An stádas fostaíochta ceart atá ag oibrí a chinneadh
An eol duit...
- Beidh cáin asbhainte ar bith ó íocaíochtaí déanta ag an bPríomhaí ar fáil mar chreidmheas in aghaidh do chuid cánach agus ÁSPC, ach caithfidh tú tuairisceán a thabhairt ar do chuid ioncaim chuig na Coimisinéirí Ioncaim. D’fhéadfadh creidmheas ar bith do cháin asbhainte tionchar a bheith aige ar an teorainn ama ginearálta 4 bliana maidir le haisíocaíochtaí - tá tuilleadh sonraí ar fáil i r-Fhaisnéis Uimh. 31/2008.
- Murar chláraigh tú do CBL nuair gur chóir go mbeadh a leithéid déanta agat, beidh tú faoi dhliteanas CBL ar bith atá dlite a íoc chomh maith le hús agus pionóis mar is cuí.
- Tar éis an Frithmhuirear CBL a thabhairt isteach ar an 1 Meán Fómhair 2008, beidh dualgas fós ar fhochonraitheoirí cónaitheacha a sholáthraíonn seirbhísí tógála (atá faoi réir CCI) do phríomhchonraitheoirí clárú do CBL, faoi réir na gnáthrialacha CBL. Mar sin féin, ní bheidh dualgas ar na fochonraitheoirí sin níos mó CBL a ghearradh nó a áireamh ar sheirbhísí tógála (seachas tarlú ar cíos) atá soláthraithe do phríomhchonraitheoirí.
- Ón 1 Meán Fómhair 2008, ní bheidh dualgas ar fhochonraitheoirí
neamhchónaitheacha a sholáthraíonn seirbhísí tógála do
phríomhchonraitheoirí laistigh den réimse CCI clárú do CBL (mar a sainítear in
Alt 530 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 ach nach gcuireann tarlú ar cíos san
áireamh). Mar sin féin, is féidir le fochonraitheoirí dá leithéid clárú do CBL
chun creidmheas a éileamh maidir le hionchur CBL atá tabhaithe.
Tuilleadh
faisnéise d’fhochonraitheoirí (PDF, 33KB). - Nuair a bhíonn Frithmhuirear CBL i gceist, caithfidh na príomhchonraitheoirí CBL a áireamh mar a bheadh an tseirbhís soláthraithe acu féin.
- Ní bhíonn tionchar ag an bhFrithmhuirear CBL ar dhualgais CBL na bhfochonraitheoirí cónaitheacha agus neamhchónaitheacha atá i mbun oibríochtaí ábhartha sna tionscail próiseála feola nó foraoiseachta nó daoine atá i mbun tarlaithe ar cíos laistigh de thionscal na tógála – leanfaidh na fochonraitheoirí sin lena ndualgas chun CBL a ghearradh agus a áireamh, faoi réir na gnáthrialacha CBL.
- Tuilleadh faisnéise ar Fhrithmhuirear CBL.
Comhairlítear d’fhochonraitheoirí breathnú ar
Threoir
CBL na gCoimisinéirí Ioncaim (PDF, 1.2MB) nó cuairt a thabhairt ar an
Rannóg CBL de láithreán gréasáin na
gCoimisinéirí Ioncaim lena ndualgais CBL a fhionnadh.
