SA CHUID SEO

Cáin Réadmhaoine Cónaithe

Cuireadh deireadh leis an gcáin le héifeacht do gach dáta luachála ag tosú ar 5 Aibreán 1997 nó ina dhiaidh sin.

Ba cháin bhliantúil a bhí i gceist le cáin réadmhaoine cónaithe a ghearrtaí ar mhargadhluach réadmhaoin chónaithe a bhí faoi úinéireacht agus duine ina chónaí ann ar an dáta luachála - an 5 Aibreán gach bliain.

Tairseach na Díolúine Margadhluacha 5 Aibreán 2006

Is é €1,389,000 Tairseach na Díolúine Margadhluacha amhail an 5 Aibreán 2006. Cé gur cuireadh deireadh le Cáin Réadmhaoine Cónaithe le héifeacht ó 5 Aibreán 1997, tá gnáthamh le Deimhniú Imréitigh fós i bhfeidhm maidir le réadmhaoine cónaithe áirithe a dhíol d’fhonn cabhrú leis an Coimisinéirí Ioncaim cáin gan íoc a bhailiú.

Méadaíodh an tairseach luacha maidir leis an Deimhniú Imréitigh ar Cháin Réadmhaoine Cónaithe go dtí €1,389,000 de réir na bhforálacha "innéacsaithe" sa reachtaíocht (Alt 100 den Acht Airgeadais 1983, arna leasú).

Cuirtear an tairseach nua, a bhaineann go heisiach leis an ngnáthamh imréitigh cánach, i bhfeidhm i leith conarthaí díolacháin tithe a chuirtear i gcrích ar an 5 Aibreán 2006 nó ina dhiaidh. Ón dáta sin ar aghaidh, má tá an chomaoin díolacháin do réadmhaoin chónaithe níos mó ná €1,389,000 ní mór don díoltóir Deimhniú ó na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar fáil don cheannaitheoir a léiríonn go bhfuil an Cháin Réadmhaoine Cónaithe go léir a bhí dlite do na blianta ina raibh an cháin i bhfeidhm íoctha. Mura bhfaigheann sé/sí an deimhniú tá ar an gceannaitheoir méid sainithe a choinneáil siar ón gcomaoin díolacháin agus an méid sin a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim (Alt 110A den Acht Airgeadais 1983, arna leasú).

Ar Ais go Barr

Rátaí

Gearradh an cháin ag ráta 1.5% ar bharrachas an mhargadhluacha ar réadmhaoine cónaithe ábhartha uile duine thar theorainn díolúine margadhluacha agus bhí sé iníoctha chomh fada is a bhí ioncam an teaghlaigh níos mó ná teorainn díolúine ioncaim. Cuireadh deireadh leis an gcáin le héifeacht do gach dáta luachála ag tosú ar 5 Aibreán 1997 nó ina dhiaidh sin.

Ar Ais go Barr

Ábhar Tagartha

Bileog RP2 - Nótaí maidir le Cáin Réadmhaoine Cónaithe

Bileog RP4 - Nós Imeachta um Athbhreithniú agus Achomharc

Bileog RP5 - Deimhnithe Imréitigh

Bhí na bileoga thuas cruinn agus an doiciméad seo á fhoilsiú

Alt 118 arna leasú go 110a seo alt den Acht Airgeadais 1983 agus deireadh leis an Scéim Deimhnithe Imréitigh Díolacháin Réadmhaoine Cónaithe i gcrích ar nó tar éis an 1 Feabhra 2007.

Ar Ais go Barr

Faisnéis bhreise

Déan teagmháil le d'Oifig Ioncaim áitiúil. Is an t-aimsitheoir teagmhála an bealach is tapúla chun sonraí teagmhála a fháil le haghaidh d'oifige Ioncaim áitiúil.

Lámhleabhair Cánach & Dleachtanna - Alt 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise

(Adobe Acrobat Reader PDFNasc seachtrach)

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil