Rátaí Dleachta Reatha ar Réadmhaoin Neamhchónaithe

pdfBuiséad 2012 (PDF, 20KB)

Is é atá i gceist le Réadmhaoin Neamhchónaithe ná maoin ar bith, seachas réadmhaoin chónaithe, stoic nó urrúis indíolta nó polasaithe árachais. Cuimsíonn sí suíomhanna, oifigí, monarchana, áitreabh gnó eile, siopaí, tithe tábhairne, talamh agus cáilmheas a ghabhann le gnó (ach níl sí teoranta dóibh siúd amháin).

D’ionstraimí arna bhfeidhmiú i ndiaidh an 15 Deireadh Fómhair 2008
Comaoin Chomhiomlán Ráta Dleachta
Suas le €10,000 Díolmhaithe
€10,001 go €20,000 1%
€20,001 go €30,000 2%
€30,001 go €40,000 3%
€40,001 go €70,000 4%
€70,001 go €80,000 5%
Os cionn €80,000 6%

Beidh comhiomlánú fós i bhfeidhm agus dliteanas Dleachtanna Stampa á chinneadh áit a bhfuil idirbheart ina chuid d’idirbheart níos mó nó de shraith idirbheart a bhaineann le réadmhaoin neamhchónaitheach. Dá réir sin, má tá an chomaoin inmhuirir níos lú ná €80,000, ba chóir go mbeadh an gnáthdheimhniú* san ionstraim ag lua na tairsí cuí. Má tá an ráta is airde de 6% iníoctha áfach ní gá deimhniú ionstraime a chuimsiú.

* Deimhnítear leis seo go mbaineann an chomaoin (seachas cíos) don díolachán/léas go hiomlán le maoin nach bhfuil ina réadmhaoin chónaithe agus nach bhfuil an t-idirbheart a chuirtear i bhfeidhm leis an ionstraim seo ina chuid d’idirbheart níos mó ná de shraith idirbheart ina mbeadh méid nó luach, nó méid nó luach comhiomlán, na comaoine (seachas cíos) a bhaineann le maoin nach réadmhaoin chónaithe níos mó ná €10,000/€20,000/€30,000/€40,000/€70,000/€80,000.

Ar ais go Barr


Leagan furasta le priontáil