Stoic agus Urrúis Indíolta

Foirmeacha Aistrithe Scaire

Tá aistriú stoic nó urrús indíolta de chuid chuideachta ar bith atá ionchorpraithe sa Stát faoi dhliteanas dleacht stampa ag 1% den chomaoin íoctha. Nuair a tharlaíonn an t-aistriú go leictreonach tríd an gcóras CREST bíonn muirear 1% i gceist chomh maith.

Foirmeacha Aistrithe Scaire nuair atá comaoin de €1,000 nó níos lú

Tá an foráil seo a leanas in alt 87 den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008, a achtaíodh ar an 24 Nollaig 2008, agus tugadh isteach í chun an t-ualach riaracháin atá ar cháiníocóirí agus a gcuid gníomhairí a laghdú trí roinnt ionstraimí ísealtoraidh a bhaint ón bpróiseas stampa.

Tá ionstraim ar bith a chuirtear i bhfeidhm ar an 24 Nollaig 2008 nó ina dhiaidh a aistríonn stoc nó urrúis indíolta ar díol áit ar fiú €1,000 nó níos lú luach na comaoine, díolmhaithe ó dhleacht stampála. Chun leas a bhaint as an díolúine (ón uastáille dleachta stampála de €10) ní mór go mbeadh an ionstraim deimhnithe mar seo a leanas:

“Deimhnítear leis seo nach bhfuil an t-idirbheart a chuirtear i bhfeidhm leis an ionstraim seo ina chuid d’idirbheart níos mó ná de shraith idirbheart ina mbeadh méid nó luach, nó méid nó luach comhiomlán, na comaoine a bhaineann le stoic nó urrúis indíolta níos mó ná €1,000.”

Ba chóir an deimhniú a chur leis an bhfoirm aistrithe stoic agus ba chóir go mbeadh sé sínithe ag an aistrí. Má tá an foirm aistrithe stoic deimhnithe go cuí, ní gá an fhoirm a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh stampála agus ba chóir í a sheoladh díreach chuig cláraitheoir na cuideachta (.i. an duine a choinníonn clár scaireanna na cuideachta agus Cláraitheoir na gCuideachtaí).

Beidh próiseas comhchosúil i gceist maidir le hionstraim a fheidhmíonn mar bhronntanas de stoic nó urrúis indíolta ina chuirtear luach na stoc nó na n-urrús indíolta isteach in áit mhéid nó luach na comaoine don díolachán.

Más fiú €1,000 nó níos lú an chomaoin d’aistriú stoc nó urrús indíolta ar leith ach nach bhfuil an t-aistriú ina chuid d’idirbheart níos mó ná de shraith idirbheart ina mbeadh méid nó luach, nó méid nó luach comhiomlán, na comaoine a bhaineann le stoic nó urrúis indíolta níos mó ná €1,000, beidh dleacht stampála ad valorem ag 1% inmhuirir ar an ionstraim agus caithfear é a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh stampála. Baineann sé seo le bronntanas i gcúinsí comhchosúla ach cuirtear luach na stoc nó na n-urrús indíolta isteach in áit méid nó luach na comaoine don díolachán.

Ní théann an t-athrú i gcion ar aistrithe leictreonacha stoc nó urrús indíolta. Dá réir sin, leanfar le dleacht stampála ad valorem ag 1% a ghearradh ar aistrithe a chuirtear i bhfeidhm trí CREST beag beann ar mhéid nó luach na comaoine don díolachán atá i gceist.


Leagan furasta le priontáil