Cáin Tonnáiste
Rogha is ea cáin tonnáiste mar mhalairt ar Cháin Chorparáide ar féidir le cuideachtaí loingseoireachta áirithe rogha a dhéanamh a gcuid brabús a chur ina leith, faoi réir coinníollacha áirithe.
- Cé hiad na daoine ar féidir Cáin Tonnáiste a ghearradh orthu?
- Sonraí a bhfuil gá leo agus fógra á thabhairt maidir le Cáin Tonnáiste a roghnú
- Ábhar Tagartha
Cé hiad na daoine ar féidir Cáin Tonnáiste a ghearradh orthu?
Is féidir le cuideachtaí loingseoireachta áirithe rogha a dhéanamh Cáin Tonnáiste a ghearradh ar a gcuid brabús seachas Cáin Chorparáide, faoi réir coinníollacha áirithe.
Sonraí a bhfuil gá leo agus fógra á thabhairt maidir le Cáin Tonnáiste a roghnú
Ní mór do chuideachta incháilithe a theastaíonn uathu brabús a ríomh faoi rialacha Cánach Tonnáiste an rogha seo a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 697D den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997. Déantar an rogha trí an bhfoirm
Form Tonnage Tax 1 - Application Form for entry/election into the Tonnage Tax scheme under section 697D Taxes Consolidation Act 1997 (PDF, 128KB) - Foirm Iarratais chun cur isteach ar an scéim um Cháin Tonnáiste faoi alt 697D den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 a chomhlánú agus a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim.
I measc na faisnéise is gá a thabhairt ar Fhoirm 1 um Cháin Tonnáiste:
- An cineál rogha atá le déanamh .i. rogha cuideachta aonair nó grúpa cuideachtaí.
- I gcás rogha grúpa, ainm agus seoladh na cuideachta ionadaí agus ainm rúnaí na cuideachta (is féidir le grúpa incháilithe cuideachtaí cuideachta amháin a ainmniú le gníomhú mar an gcuideachta ionadaíoch chun déileáil le cúrsaí cánach tonnáiste thar ceann an ghrúpa iomláin).
- An tréimhse chuntasaíochta óna mbeidh an rogha i bhfeidhm (má tá sí seo difriúil ón tréimhse ina ndéantar an rogha, caithfear cúis a thabhairt).
Ba chóir a thabhairt faoi deara:
- Ní mór do gach cuideachta atá ina ball de ghrúpa Foirm 1 um Cháin Tonnáiste ar leith a chomhlánú agus a chur isteach
- Caithfear sonraí a sholáthar maidir le stiúrthóirí cuideachtaí, scairshealbhóirí tairbhiúla, longa incháilithe, gníomhaíochtaí cánach tonnáiste agus bainistíocht straitéiseach agus tráchtála na long incháilithe.
- Ní mór an Dearbhú ag deireadh na Foirme a shíniú do gach rogha.
- Ag deireadh na tréimhse cuntasaíochta cuí ba chóir an fhoirm
Forlíonadh an Fhoirm CT1 - Brabúis Chánach Tonnáiste (PDF, 42KB) a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim mar aon le tuairisceán Cánach Corparáide rialta na cuideachta.
Ba chóir Foirm 1 um Cháin Tonnáiste a chur chuig:
An tAonad Cánach Corparáide,
Cánacha Díreacha, an Rannóg Léirmhínithe agus Idirnáisiúnta,
2ú Urlár,
An Foirgneamh Stampála,
Caisleán Bhaile Átha Cliath,
Baile Átha Cliath 2.
[teil: 01.7024102]
Ábhar tagartha
- Ailt 697A agus 697D agus Sceideal 18B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997
Forlíonadh an Fhoirm CT1 - Brabúis Chánach Tonnáiste (PDF, 42KB)
Foirm 1 um Cháin Tonnáiste: Foirm Iarratais chun cur isteach ar an scéim um Cháin Tonnáiste faoi alt 697D den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 (PDF, 128KB)
Lámhleabhair Cánach & Dleachta - Alt 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise
