Carr a Cheannach nó a Dhíol
Baineann na ceisteanna coitianta seo leis na ceisteanna atá ag daoine nuair atá siad ag ceannach nó ag díol feithiclí príobháideacha nó pearsanta. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, tá treoirleabhar maidir leis na himpleachtaí cánach breisluacha (CBL) agus cánach cláraithe feithiclí (CCF) do dhaoine atá ag ceannach nó ag díol mótarfheithiclí:
CBL agus CCF agus Idirbhearta a bhaineann le Mótarfheithiclí.
De ghnáth, caithfear cáin bhreisluacha (CBL) ar an ngnáthráta a íoc ar mhótarfheithiclí in Éirinn. Chomh maith leis sin, caithfear cáin chláraithe feithiclí (CCF) a íoc sa chás go bhfuil mótarfheithicil nua á díol in Éirinn, nó nuair atá mótarfheithicil á hiompórtáil isteach go hÉirinn ó thír eile. Braitheann an ráta CCF ar shórt na feithicile, agus ar astúcháin CO2 go háirithe. Tabharfaidh áireamhán CCF na gCoimisinéirí Ioncaim cúnamh duit chun ráta CCF d'fheithicile a áireamh. Tá liosta iomlán foirmeacha CCF , is féidir leat a íoslódáil, le fáil ar láithreán Gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.
Braithfidh na nósanna imeachta CBL agus CCF a úsáidfear agus tú ag ceannach feithicil nua ar stádas an díoltóra. Mar shampla, déileálaithe feithiclí, trádálaithe ag díol a mótarfheithiclí gnó féin, ceantanna feithiclí, daoine aonair, srl. Tá nósanna imeachta speisialta ann chomh maith a bhaineann le hidirbhearta i dtaca le mótarfheithiclí athláimhe, nó sa chás go bhfuil feithiclí á n-iompar idir tíortha mar chuid de cheannach nó díolachán.
Nuair a cheannaítear feithicil do dhuine faoi mhíchumas, tá seans ann gur féidir cuid den CBL agus/nó an CCF nó an CBL agus/nó an CCF ina n-iomlán a fháil ar ais.
Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an tslí a gcuirtear CBL agus CCF i bhfeidhm ar cheannach nó díolachán mótarfheithiclí pearsanta, agus na cásanna ina bhféadfadh na cánacha seo a fháil ar ais, féach ar: Táim ag ceannach mótarfheithicil phearsanta dom féin.
