Taibhiú in ócáid bheo, nó ócáid bheo a óstáil nó a fhógairt

Baineann rialacha CBL ar leith le daoine atá páirteach in ócáidí beo ceoil agus amharclannaíochta de réir a bpáirtíochta, agus an ionaid ina bhfuil an ócáid ar siúl. Mar shampla, caithfidh taibheoir ag a bhfuil láimhdeachas níos mó ná €37,500 le linn tréimhse 12 mhí, CBL ar an ngnáthráta a ghearradh ar a tháille. D'fhéadfadh gur chóir CBL ar an ráta laghdaithe a ghearradh ar thicéid le haghaidh taibhiú beo, má tá bia substaintiúil nó deochanna meisciúla ar fáil ag an ionad. Nó, d'fhéadfadh go mbeadh díolacháin ticéad díolmhaithe ó CBL.

Féach ar threoirleabhar cuimsitheach maidir le CBL agus ócáidí beo a óstáil nó a fhógairt nó taibhiú in ócáidí beo..

Seo a leanas na ceisteanna is coitianta a chuirtear maidir leis an ábhar seo, agus freagra gairid tugtha ar gach ceann acu:

Sa chás go n-íocann tionscnóir táille d'úinéir áitribh cheadúnaithe chun ócáid bheo a chur ar siúl, agus cuireann sé iontráil ar fáil (trí thicéid nó ag an doras), cé atá freagrach as an gCBL ar na ticéid/an bpraghas iontrála?

Is é úinéir an áitribh an ceadúnaí agus meastar gur eisean tionscnóir aon ócáide a chuirtear ar siúl san áitreabh le linn fheidhm an cheadúnais sin. Mar sin, tá an t-úinéir freagrach as CBL ar an méid iomlán airgid a íocann daoine as ticéid/iontráil, chomh maith le haon chomaoin eile (mar shampla, fógraíocht, urraíocht, srl.) a fhaightear i dtaca leis an ócáid. Íocann an ceadúnaí aon suim dlite don tionscnóir nó taibheoir (mar shampla, a chuid den airgead a bailíodh ag an doras) as an méid iomlán airgid a fuarthas. Caithfidh tionscnóir nó taibheoir atá cláraithe le haghaidh CBL sonrasc CBL a eisiúint chuig an gceadúnaí, agus is é an tionscnóir nó an taibheoir sin atá freagrach as an gCBL ar a chuid airgid féin. Tá feidhm ag an socrú seo chomh maith sa chás go gcuirtear an ócáid ar siúl i seomra ar leith san áireamh ceadúnaithe atá scartha ón áit ina bhfuil na deochanna meisciúla agus bia ar fáil.

Is ceoltóir mé atá i mo chónaí lasmuigh d'Éirinn. Dá seinnfinn in Éirinn, an gcaithfinn clárú le haghaidh CBL?

De ghnáth, mar dhuine neamhchónaitheach (neamhbhunaithe), ní gá duit clárú le haghaidh CBL, ach ní mór duit CBL a íoc ar tháille an taibhithe. Is é an duine a dhéanann do thaibhiú a choimisiúnú, cé acu an tionscnóir é nó an t-úinéir an áitribh cheadúnaithe ina mbeidh an taibhiú ar siúl é, freagrach as an gCBL a ghearrfaí ort dá mba rud é go raibh tú cláraithe le haghaidh CBL. I gcás tionscnóirí neamhchónaitheacha, beidh orthu clárú le haghaidh CBL ina ionad. Is é an ráta CBL a bhaineann le seirbhísí ceoil nó amharclannacha taibheora ná an gnáthráta . Sa chás go bhfuil an ócáid nó ceolchoirm féin faoi dhliteanas CBL, beidh an tionscnóir, srl. in ann sochar a fháil ar ais le haghaidh na CBL seo.

Is carthanas muidne atá ag reáchtáil ceolchoirm tiomsaithe airgid. An gcaithfimid déileáil le CBL ar dhíolacháin ticéad?

De ghnáth, tuigtear nach bhfuil carthanais i ngnó chun críche CBL. Ciallaíonn sé seo nach gcaithfidh siad CBL a ghearradh ar aon rud a sholáthraíonn siad, ticéid a dhíol le haghaidh ócáid tiomsaithe airgid san áireamh. Beidh ar an gcarthanas CBL a ghearrtar air le linn an ócáid a eagrú a íoc, áfach, agus beidh air cuntas le haghaidh CBL a chlárú i leith aon táille taibhithe a ghearrann aon taibheoir neamhchónaitheach. Ní féidir leis an gcarthanas an CBL seo a éileamh ar ais, beag beann ar an gcineál ócáide atá i gceist.


Leagan furasta le priontáil