Téarmaí agus Sainmhínithe Úsáideacha

Daoine Cuntasacha

Is duine cuntasach é aon duine inchánach a chaithfidh clárú le haghaidh CBL i leith earraí nó seirbhísí a sholáthar taobh istigh den Stát. Tá na daoine seo a leanas cuntasach freisin: daoine a sholáthraíonn maoin dhochorraithe (i gcásanna áirithe); daoine a chaithfidh clárú i leith ábhar ceannaithe ó bhallstáit eile an Aontais Eorpaigh; daoine a fhaigheann seirbhísí an 4ú Sceideal; daoine a fhaigheann seirbhísí cultúrtha, ealaíne, siamsaíochta nó seirbhísí cosúla ó thaibheoirí neamhbhunaithe; daoine lena gcaitheann mar ghrúpa chun críche CBL.
Níl na daoine seo a leanas cuntascah mura bhfuil siad bunaithe sa Stát: daoine a sholáthraíonn earraí le haghaidh suiteála nó cóimeála amháin sa Stát; daoine a sholáthraíonn gás tríd an gcóras dáileacháin gáis nádúrtha; daoine a sholáthraíonn leictreachas amháin; fochonraitheoirí a sholáthraíonn seirbhísí foirgníochta do phríomhchonraitheoir amháin; daoine a sholáthraíonn seirbhísí cultúrtha, ealaíne, siamsaíochta nó seirbhísí cosúla amháin.
Is daoine cuntasacha iad na daoine a fhaigheann na seirbhísí seo mar chuid de na hidirbhearta seo, agus ní mór dóibh clárú le haghaidh CBL.

Gníomhaire/Idirghabhálaí

Duine a fheidhmíonn thar ceann príomhaí chun conarthaí a dhéanamh le tríú páirtithe thar a cheann.

Innealraí Talmhaíocha

Is é innealra nó trealamh talmhaíoch aon rud as a mbaineann feirmeoir ar an ráta comhréidh úsáid i gcúrsa feirmeoireachta, mar atá leagtha amach sa 5ú Sceideal den Acht Cánach Breisluacha. Baineann sé seo le feithiclí tráchtála a úsáidtear i gcúrsa gnó feirmeoireachta.

Comhlacht daoine

Aon chomhlacht polaitiúil, corpraithe nó coláisteach, agus aon chuideachta, comhpháirtíocht, bráithreachas, comhbhráithreachas, agus cumann daoine, cé acu an bhfuil siad corparáideach nó nach bhfuil.

Gnólacht

Aon ghníomhaíocht eacnamaíoch, cibé aidhm nó torthaí, agus cuimsíonn sí aon ghníomhaíocht táirgeoirí, trádálaithe nó daoine a sholáthraíonn seirbhísí, lena n-áirítear mianadóireacht, gníomhaíochtaí talmhaíochta, agus gníomhaíochtaí na ngairmeacha beatha, agus réadmhaoin inláimhsithe nó dholáimhsithe a shaothrú chun críche ioncam a fháil ar bhonn leanúnach.

Feithiclí Tráchtála agus Neamhthráchtála

Ní úsáidtear an téarma 'feithicil thráchtála' sa reachtaíocht a bhaineann le CBL, agus níl aon sainmhíniú dian air dá bharr. Ach, nuair atá sé beartaithe ag trádálaí feithicil a cheannach, cuirtear na ceisteanna 'an fheithicil thráchtála í?' agus 'an féidir liom an CBL a athéileamh?' go minic. Is féidir le trádálaithe CBL a athéileamh ar roinnt cineálacha éagsúla feithicle (sa mhéid go n-úsáidtear chun críche gnó í). Is ar na feithiclí seo a thugtar 'feithiclí tráchtála' de ghnáth, agus cuireann úsáid an téarma seo in iúl gur féidir an CBL a asbhaint, .i. is féidir le haon trádálaí atá cláraithe le haghaidh CBL an CBL a gearradh ar cheannach nó fruiliú na feithicle a athéileamh.

 

Braitheann sé ar cheithre rud cé acu is féidir nó nach féidir le trádálaí an CBL ar cheannach feithicle a athéileamh:

  1. An bhfuil an trádálaí cláraithe le haghaidh CBL agus an mbíonn sé in ann CBL a athéileamh de ghnáth?
  2. An bhfuil an fheithicil úsáidte chun críche gnólachta atá cláraithe le haghaidh CBL?
  3. An mbaineann an fheithicil le catagóir a cheadaíonn aisíocaíocht?
  4. Ar gearradh CBL ar dhíol na feithicle?

Glacfaimid go bhfuil i gcás (1) agus (2), agus díreoimid ar cheist (3) agus (4) thíos.

 

Catagóirí Feithiclí

De ghnáth, ní féidir le duine a cheannaíonn (seachas mar stoc trádála) feithicil, atá ceaptha nó tógtha chun daoine a iompar de bhóthar, an CBL a athéileamh. Ní féidir CBL a athéileamh ach oiread ar mhótarfheithiclí spóirt, carranna fada, gluaisrothair, scútair, móipéidí, ná mótar-rothair cé acu an bhfuil siad ceaptha nó tógtha chun daoine a iompar de bhóthar nó nach bhfuil. D'fhéadfadh go mbeifí in ann CBL a athéileamh, áfach, i gcás feithiclí atá ceaptha agus tógtha chun níos mó ná 16 duine (tiománaí san áireamh) a iompar, carranna d'easláin agus feithiclí eile atá ceaptha d'easláin nó daoine crólaga eile.

Ar mhaithe le praiticiúlacht, rinneadh iarracht an reachtaíocht a bhaineann le CBL a chomhoiriúnú le catagóirí clárúcháin CCF. Tá roinnt catagóirí éagsúla mótarfheithicle chun críche CCF. D'fhéadfadh feithiclí a bheith faoi dhliteanas rátaí éagsúla CCF agus nósanna imeachta éagsúla clárúcháin ag brath ar an gcatagóir. Go ginearálta, baineann feithiclí a úsáidtear chun críocha tráchtála le Catagóirí B agus C, agus beidh siad faoi dhliteanas CCF ag rátaí níos ísle ná feithiclí a bhaineann le Catagóir A. Tá sonraí breise faoi Catagóirí CCF ar fáil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

De ghnáth, is féidir CBL a asbhaint i gcás feithiclí i gcatagóirí B agus C, mar aon le veaineanna, leoraithe, truiclíní, agus cábáin foirne, agus tugtar 'feithiclí tráchtála' orthu go minic chun críche CBL. Ní féidir an CBL a asbhaint, áfach, i gcás busanna nó mionbhusanna a iompraíonn idir 12 agus 16 duine (tiománaí san áireamh), cé go bhfuil siad i gcatagóir C. (Ní féidir an CBL a asbhaint i gcás busanna nó mionbhusanna de ghnáth mar gheall go n-úsáidtear chun daoine a iompar iad, ceann de na gníomhaíochtaí díolmhaithe. Ach, is féidir le cuideachta an CBL nó cuid den CBL a asbhaint sa chás go gceannaíonn siad bus atá in ann níos mó ná 16 duine a iompar d'fhonn a mbaill foirne féin a iompar idir láithreáin oibre.)

De ghnáth, ní féidir an CBL a asbhaint i gcás feithiclí i gcatagóir A [a chuimsíonn carranna (salúin, carranna fada, carranna cúlhaiste, carranna a bhfuil díon fillte nó inbhainte acu, coupé, feithiclí ilchuspóireacha (MPV), jeep, srl.) agus mionbhusanna a bhfuil níos lú ná 12 shuíochán bhuana acu], nó i gcás gluaisrothar, scútar, nó feithiclí cosúla eile ach oiread. Ní féidir le trádálaithe an CBL a asbhaint ach nuair a cheannaíonn mar stoc trádála iad, nó le haghaidh úsáide i scoil tiomána, nó le haghaidh úsáide i ngnólacht fruilithe carranna.

D'fhéadfadh feithiclí a bhaineann le Catagóir D den CCF, agus feithiclí eile nach mbaineann le Catagóirí A, B, ná C, a bheith inasbhainte, ag brath ar na ceannaitheoirí a bheith cláraithe i gcomhair CBL agus ar na cineálacha úsáide a bhaintear as na feithiclí.

Feithiclí tráchtála a cheannach agus a dhíol

Nuair a dhíolann déileálaí (nó trádálaí eile atá cláraithe le haghaidh CBL) feithicil thrádála do cheannaitheoir atá cláraithe le haghaidh CBL, déanfaidh an ceannaitheoir iarracht an CBL a fháil ar ais de ghnáth. Ní féidir le trádálaí an CBL atá gearrtha air nó uirthi ar cheannach feithicle tráchtála a athéileamh ach sa chás go n-eisíonn an díoltóir sonrasc CBL a éascaíonn asbhaint CBL (gnáthshonrasc CBL).

Má dhíolann déileálaí feithicle aon fheithicil, a bheadh in-asbhainteach de ghnáth, de réir na ' Scéime Speisialta do Mhótarfheithiclí athláimhe' , caithfidh an déileálaí sonrasc a eisiúint a cuireann in iúl go sonrach nach bhfuil cead ag an gceannaitheoir an CBL a asbhaint. Dá n-eiseodh an déileálaí gnáthshonrasc i leith na feithicle, ní bheadh an carr sa scéim a thuilleadh, agus bheadh ar an déileálaí coigeartú a dhéanamh i leith aon CBL éilithe roimhe sin.

Nuair a dhíolann trádálaí atá cláraithe le haghaidh CBL feithicil, trí thrádáil isteach nó slí eile, ar a raibh an CBL athéilithe cheana féin, caithfidh an trádálaí sonrasc CBL a eisiúint, agus CBL a chur san áireamh don díolachán sin.

Comaoin

Airgead a fhaigheann soláthraí mar mhalairt ar earraí nó seirbhísí a sholáthar, ach d'fhéadfadh go mbeadh earraí nó seirbhísí babhtáilte nó scaoileadh ó oibleagáid, srl. i gceist.

Sochar

De réir an chórais CBL, tá an cáiníocóir i dteideal CBL a d'íoc sé i gcúrsa nó dul chun cinn a ghnólachta a athéileamh, faoi réir teorainneacha áirithe. Is sochar CBL é sa chás go ndéantar an CBL ionchurtha seo a athéileamh nó a fhritháireamh in aghaidh CBL dlite ar sholáthairtí.

CBL in-asbhainteach

CBL a íoctar ar cheannacháin, iompórtáilte nó ábhar ceannaithe ó bhallstáit eile an Aontais Eorpaigh, a d'fhéadfaí a athéileamh nó a fhritháireamh in aghaidh fiachas CBL.

Ciandíolacháin

Tá ciandíol i gceist nuair a dhíolann soláthraí i mballstát an Aontais Eorpaigh earraí do dhuine i mballstát eile an Aontais Eorpaigh nach bhfuil cláraithe le haghaidh CBL agus nuair atá an soláthraí freagrach as na hearraí a sheachadadh. Baineann sé seo le postdhíol agus teilidhíol.

CBAE (ECJ)

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Cás Roghnach

Is éard atá i gceist le cás roghnach ná trádálaí a chláraíonn le haghaidh CBL cé nach bhfuil sé de dhualgas air, mar shampla, siopa atá faoi bhun na teorann clárúcháin nó pluiméir atá faoi bhun na teorann seirbhíse nó feirmeoir ar neamhchead dá láimhdeachas.

Áit Ghnólachta

Aon áit bhuan gnólachta, ach ní chuimsítear áit gnólachta gníomhaire nó duine ach sa chás go bhfuil údarás ginearálta ag an ngníomhaire agus má fheidhmíonn sé an údarás sin chun téarmaí a idirbheartú agus socruithe a dhéanamh thar ceann an duine nó má tá stoc earraí aige lena gcomhlíonann sé comhaontuithe i leith soláthar earraí thar ceann an duine ar bhonn rialta.

Gníomhaíocht Dhíolmhaithe

Soláthar earraí nó seirbhísí atá luaite sa Chéad Sceideal (féach Aguisín A agus Alt 1 den Acht Cánach Breisluacha).

Easpórtáil

Earraí a sholáthar chuig thír cheann scríbe taobh amuigh den Aontas Eorpach.

Feirmeoir

Is é feirmeoir chun críche CBL aon duine a dhéanann barra a tháirgeadh agus/nó a théann i ngleic le feirmeoireacht bheostoic ghinearálta agus/nó foraoiseacht agus/nó feirmeoireacht éisc, agus is torthaí nó seirbhísí talmhaíocha í a chuid soláthairtí a dhéanann sé féin a tháirgeadh nó a chur ar fáil.

Daingneáin

Earraí atá daingnithe le foirgnimh i riocht is nach féidir iad a bhaint gan dochar suntasach a dhéanamh do na hearraí féin nó do na foirgnimh lena bhfuil siad daingnithe.

Feirmeoir ar an Ráta Comhréidh

Feirmeoir nach duine cuntasach é (nó, más duine cuntasach é/í, ach amháin de bharr seirbhísí an 4ú Sceideal a fháil nó ábhar ceannaithe ó bhallstáit eile an Aontais Eorpaigh, agus ar chuntar go bhfuil sé/sí cláraithe i leith na gníomhaíochta sin amháin.)

Seirbhísí an 4ú Sceideal

Leagann an 4ú Sceideal amach na seirbhísí atá inchánach trí fhrithmhuirear nuair a fhaightear chun críche gnólachta ó lasmuigh den Stát iad.

Earraí

Gach rud inchorraithe agus dochorraithe , ach ní chuirtear rudaí i ngníomh nó in airgead san áireamh agus cuimsíonn tagairtí d'earraí tagairtí d'earraí nua agus athláimhe. Cuimsíonn an téarma seo leictreachas, gás, agus aon fhoirm chumhachta, theasa, chuisniúcháin, nó aeraithe.

Maoin Dhochorraithe

Talamh

Iompórtálacha

Earraí iompórtáilte ó thír lasmuigh den Aontas Eorpach cé acu an bhfuil sé díreach nó trí bhallstát eile an Aontais Eorpaigh sa chás nach raibh CBL gearrtha.

Mótarfheithiclí a Iompórtáil

Mótarfheithicil a iompórtáil chuig an Stát ó aon áit lasmuigh den Aontas Eorpach. Caithfear CBL a íoc ar iompórtálacha ag an bpointe a théann siad isteach san Aontas Eorpach, agus íoctar do Chustaim go díreach í sula scaoilfear na hearraí de ghnáth. Cuimsíonn iompórtálacha feithiclí a théann isteach san AE i dtír eile agus atá tras-sheolta ón tír sin go hÉirinn.

Neamhspleách

Nuair a úsáidtear an téarma 'neamhspleách' i dtaca le duine inchánach, eisiann sé duine atá fostaithe nó faoi cheangal fostóra trí chonradh fostaíochta nó aon cheangal dlíthiúil eile a chuireann caidreamh idir fhostóir agus fhostaí i leith coinníollacha oibre, luacha saothair agus dhliteanas an fhostaí ar bun.

Cáin ionchurtha

CBL atá ionchurtha mar gheall ar earraí nó seirbhísí nó earraí ceannaithe ó thír eile an AE a cheannach nó a iompórtáil. D'fhéadfadh go mbeadh sé in-asbhainteach i gcásanna áirithe.

Idirghabhálaí

Féach "Gníomhaire/Idirghabhálaí"

Ábhar ceannaithe/faighte ó bhallstát eile an AE

Is éard atá i gceist le 'hábhar ceannaithe/faighte ó bhallstát eile an AE' ná aon earra inchorraithe atá soláthartha ag duine atá cláraithe le haghaidh CBL i mballstát an AE chuig duine, nach duine príobháideach é, i mballstát eile an AE, agus atá seolta ó bhallstát amháin an AE chuig ballstát eile an AE mar chuid den soláthar. Tuigtear gur 'ábhar ceannaithe/faighte ó bhallstát eile an AE' é aon mhodh nua iompair a fhaightear ó bhallstát eile an AE.

Mótarfheithiclí ceannaithe/faighte ó bhallstát eile an AE

Is idirbheart a bhaineann le hábhar ceannaithe/faighte ó bhallstát eile an AE é aon idirbheart a bhaineann le mótarfheithicil atá ceannaithe nó faighte ar shlí eile ó bhallstát eile an AE ar a gcaithfidh duine in Éirinn CBL Éireannach a íoc. Tá sé seo i gceist:

  1. nuair a sholáthraíonn duine, lena n-áirítear duine príobháideach, 'modh nua iompair' i mballstát eile an AE agus seolann nó iompraíonn sé nó an ceannaitheoir chuig an Stát é. Baineann sé seo le 'modh nua iompair' a théann isteach san Aontas Eorpach mar iompórtáil i mballstát eile seachas Éire, ach atá iompartha ar aghaidh chuig Éirinn. Caithfear CBL a íoc ar 'mhodh nua iompair' sa tír ina mbeidh úsáid bainte as i gcónaí, beag beann ar an áit a gceannaítear é, nó cé a cheannaíonn é nó cé dó a gceannaítear é.
  2. nuair atá aon mhodh iompair eile soláthartha ag duine atá cláraithe le haghaidh CBL in aon bhallstát eile agus nuair atá sé seolta nó iompartha aige chuig duine atá i mbun gnó in Éirinn, ach i gcleithiúnas nach bhfuil an fheithicil sin díolta faoin Scéim Speisialta nó Scéim Chorrlaigh do Mhótarfheithiclí athláimhe sa Stát sin. Tá na feithiclí seo faoi dhliteanas CBL sa tír a bhfuil an soláthraí lonnaithe inti.

Tá bileog eolais maidir le hábhar ceannaithe/faighte ó bhallstáit eile an Aontais Eorpaigh le fáil ar shuíomh Idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim ag:
Ábhar ceannaithe/faighte ó Bhallstát eile an AE.

Ábhar soláthartha do Bhallstát eile an AE

Earraí a sholáthar do dhuine atá cláraithe le haghaidh CBL i mballstát eile an AE.

Mótarfheithiclí soláthartha do Bhallstáit eile an AE

Is éard atá i gceist le soláthar do bhallstát eile an AE ná idirbheart chun feithicil a sholáthar do bhallstát eile an AE ar a bhféadann trádálaí atá cláraithe le haghaidh CBL in Éirinn CBL ar an ráta nialasach a ghearradh. Tá feidhm ag an riail seo sa chás go ndéantar feithicil a sheoladh nó a iompar chuig trádálaí atá cláraithe le haghaidh CBL agus atá i mbun gnó i mballstát eile, ach i gcleithiúnas nach bhfuil an fheithicil sin díolta faoin Scéim Speisialta nó Scéim Chorrlaigh do Mhótarfheithiclí athláimhe. Tá na feithiclí seo faoi dhliteanas CBL in Éirinn. Sa chás go ndéanann aon duine in Éirinn, duine príobháideach san áireamh ‘modh nua iompair’ a sholáthar agus nuair a dhéanann sé nó an ceannaitheoir é a sheoladh nó a iompar chuig ballstát eile, beidh an modh nua iompair faoi dhliteanas CBL sa bhallstát sin mar ábhar ceannaithe/faighte ó bhallstát eile an AE. Beidh an ceannaitheoir i dteideal an CBL a bhí íoctha in Éirinn ar phraghas ceannaigh na feithicle a athéileamh, ar chuntar go bhfuil sé in ann a chruthú go raibh CBL íoctha. Tá bileog eolais maidir le soláthairtí idir ballstáit an AE le fáil ar shuíomh Idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim ag: Soláthairtí idir ballstáit an AE.

Beostoc

eallach, capaill, caoirigh, gabhair, muca agus fianna beo.

Ballstát

Is tír é ballstát atá ina lánbhall an Aontais Eorpaigh (AE), agus páirteach i gcóras CBL an Aontais Eorpaigh dá bharr.

Déileálaí Feithiclí

Is duine é déileálaí feithiclí a cheannaíonn agus a dhíolann carranna mar chuid dá ghnólacht. De ghnáth, bíonn déileálaithe feithiclí cláraithe le haghaidh CBL (déileálaí inchánach), agus d'fhéadfadh go mbeidís údaraithe chun trádáil i bhfeithiclí neamhchláraithe (déileálaí údaraithe).

  • Déileálaí Inchánach: Is duine atá cláraithe le haghaidh CBL é déileálaí inchánach a cheannaíonn agus a dhíolann mótarfheithiclí mar chuid dá ghnólacht, agus/nó innealraí talmhaíocha thar a c(h)eann féin, nó thar ceann daoine eile. Ní mór do dhéileálaithe clárú le haghaidh CBL i gcás go ngabhann, nó go bhfuil seans ann go ngabhfaidh láimhdeachas thar €75,000 (méadaithe ó €70,000 w.e.f. 12/05/08) le linn aon tréimhse 12 mhí. Is féidir le duine a bheith ina dhéileálaí inchánach chun críche CBL gan a bheith ina Dhéileálaí Údaraithe (féach ar an gcéad alt eile) chun críche CCF.
  • Déileálaí Údaraithe: Is déileálaí mótarfheithicle é déileálaí údaraithe a bhfuil údarás aige chun feithiclí neamhchláraithe nó cláraithe i dtíortha eile a cheannach nó a dhíol. Eisíonn ceantar áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim TAN (Uimhir Chuntais Trádálaí) chuig an déileálaí. Tá tuilleadh eolais maidir leis an bpróiseas iarratais agus na riachtanais i leith déileálaithe mótarfheithiclí a údarú le fáil ar shuíomh Idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim, ar a bhfuil Treoir maidir le Modhanna Íocaíochta do Thrádálaithe CCF chomh maith. Baineann údarú agus seilbh uimhreach cuntais trádálaí (TAN) le CCF amháin agus ní bhaineann sé le CBL in aon chor.

Earraí Inchorraithe

Earraí seachas earraí dochorraithe.

Modhanna Nua Iompair!

Baineann an téarma 'modh nua iompair' le feithiclí atá níos óige ná aois shonraithe, nó atá tar éis níos lú ná fad sonraithe a thaisteal. Is coincheap é i ndlí CBL an Aontais Eorpaigh, agus níl feidhm aige ach nuair atáthar ag áireamh dliteanais CBL le haghaidh feithiclí atá á iompórtáil go ballstát amháin ó bhallstát eile nó tír eile nach de chuid an AE í. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go mbeadh feithicil inchánach mar 'mhodh nua iompair' fiú sa chás go raibh an fheithicil ar seilbh ag duine amháin nó níos mó daoine, nó cláraithe i dtír amháin nó níos mó tíortha cheana féin dá mbogfadh an fheithicil ó thír amháin go tír eile. Seo a leanas roinnt samplaí de 'mhodhanna nua iompair':

  • Mótarfheithicil talún a bhfuil toilleadh sorcóra innill 48 ceintiméadar chiúbacha nó cumhacht níos mó ná 7.2 cileavata aici a bhí soláthartha 6 mhí nó níos lú tar éis an dáta a chuaigh sí i seirbhís don chéad uair; atá tar éis 6,000 ciliméadar nó níos lú a thaisteal.
  • Árthach níos mó ná 7.5 méadar i bhfad a bhí soláthartha 3 mhí nó níos lú tar éis an dáta a chuaigh sé i seirbhís don chéad uair; atá tar éis a bheith faoi sheol ar feadh 100 uair nó níos lú
  • Aerárthach a bhfuil meáchan éirithe de thalamh níos mó ná 1,550 cileagram aige, atá beartaithe chun daoine nó earraí a iompar agus a bhí soláthartha 3 mhí nó níos lú tar éis an dáta a chuaigh sí i seirbhís don chéad uaid; atá tar éis a bheith ag eitilt ar feadh 40 uair nó níos lú.

I gcás mótarfheithicle, is é 'an dáta a chuaigh sí i seirbhís don chéad uair' an dáta ar a raibh an fheithicil cláraithe de ghnáth, mura raibh moill ar an gclárú de bharr aon chúis. Dá mbainfeadh aon cheann de na sonraíochtaí thuas le feithicil atá á hiompórtáil go hÉirinn, bheadh ar an duine atá á hiompórtáil CBL a íoc uirthi. De ghnáth, d'íocfaí an CBL seo nuair a bheadh an fheithicil á clárú in Éirinn. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur é an dáta oibríoch soláthair, nuair atáthar ag cinneadh cé acu an raibh an modh iompair iompórtáilte laistigh de na teorainneacha ama nó nach raibh, an dáta ar cheannaigh an t-úinéir reatha í. Déantar an fad taistealta a áireamh trí thagairt don am a sroicheann an fheithicil Éire. Mar shampla:

  1. Dá gceannódh duine carr sa Ríocht Aontaithe a bheadh 4 mhí d'aois, agus dhéanfadh sé an carr a iompórtáil go hÉirinn nuair a bheadh sé 7 mí d'aois, bheadh an carr sin níos lú ná 6 mhí d'aois ag am an tsoláthair. Ba mhodh nua iompair í an fheithicil seo, beag beann ar an bhfad taistealta, agus bheifí CBL Éireannach a íoc uirthi.
  2. Dá gceannódh duine carr sa Ríocht Aontaithe a bheadh 7 mí d'aois, agus ní bheadh sé tar éis ach 5,000 ciliméadar a thaisteal ag am an tsoláthair, ach bheadh sé tar éis 6,001 ciliméadar a thaisteal ag an am a sroicheann an carr Éire, níor mhodh nua iompair í an fheithicil sin.

Mótarfheithicil Nua

Neamhchosúil leis an téarma 'modh nua iompair', níl aon sainmhíniú ar choincheap mótarfheithicle nua, i gcodarsnacht le feithicil athláimhe, sa reachtaíocht a bhaineann le CBL. Tuigtear gur feithicil nua é aon fheithicil nach raibh ar seilbh ag duine seachas an monaróir, dáileoir(í), nó déileálaí/déileálaithe údaraithe chun críche na bileoige seo. Ach, sa chás go ndéanann an déileálaí an fheithicil a chlárú ina (h-)ainm féin agus díolann sé/sí an fheithicil ina dhiaidh sin, caithfear caitheamh leis an bhfeithicil mar fheithicil athláimhe agus í a dhíol tríd an Scéim Speisialta, fiú mura raibh sí ar seilbh ag aon duine eile.

Duine Príobháideach

Chun críche na bileoige seo, is é duine príobháideach aon duine nach bhfuil ag feidhmiú chun críche gnólachta agus é ag ceannach nó ag díol feithicle. Baineann sé seo le daoine nach bhfuil i ngnó na bhfeithiclí nó in aon ghnó ag a bhfuil baint le feithiclí a cheannach nó a dhíol chomh maith. Baineann sé le daoine atá i ngnó na bhfeithiclí agus atá ag ceannach nó ag díol a fheithicle pearsanta chomh maith. Mar shampla, caithfear le tarlóir féinfhostaithe atá cláraithe le haghaidh CBL agus atá ag iompórtáil feithicle ón Ríocht Aontaithe le haghaidh a úsáide pearsanta féin mar dhuine príobháideach i gcás an idirbhirt sin.

Duine

Ní hamháin go bhfuil duine aonair i gceist leis an bhfocal 'duine' ach cuideachtaí, cuideachtaí poiblí teoranta, comhpháirtíochtaí, iontaobhaíochtaí agus comhlachtaí neamhchorpraithe daoine chomh maith.

Córas Cuntasaíochta ar Atráth

Úsáidtear an téarma seo nuair a chuirtear íocaíocht CBL ar rud siar ag am iompórtála de bharr shocrú le Custam. Úsáidtear an téarma chomh maith nuair a chuirtear cuntasaíocht maidir le ábhair ceannaithe/faighte ó bhallstáit eile an Aontais Eorpaigh siar go dtí an chéad tuairisceán CBL eile.

Gníomhaíochtaí cáilithíocha

Baineann an téarma seo, atá úsáidte in Alt 12(1) den Acht Cánach Breisluacha, le gníomhaíochtaí ar a bhfuil duine in ann CBL a íoctar ar cheannacháin a athéileamh cé nach mbíonn sé i dteideal CBL a athéileamh de ghnáth.

Feithiclí Cáilithíocha

Is feithicil cháilithíoch í aon fheithicil atá cáilithe chun CBL iarmhair a asbhaint de réir na Scéime Speisialta do Mhótarfheithiclí athláimhe. Go bunúsach, de réir na scéime, is feithicil cháilithíoch í aon fheithicil

  1. atá díolta nó trádáilte isteach don déileálaí ag duine nach raibh i dteideal aon CBL a asbhaint nuair a cheannaigh sé an fheithicil sin. nó
  2. atá díolta nó trádáilte isteach ag déileálaí eile a rinne an CBL iarmhair a asbhaint nuair a cheannaigh sé an fheithicil sin.

Is féidir le déileálaí a cheannaíonn feithicil cháilithíoch an CBL iarmhair a éileamh ar an bhfeithicil, ach, nuair a dhíolann sé an fheithicil ní mór dó sonrasc a eisiúint a chuireann in iúl nach bhfuil cead ag an gceannaitheoir CBL a asbhaint.

Clárú le haghaidh CCF

Coinníonn gach ballstát an Aontais Eorpaigh (agus gach dlínse eile) clár na mótarfheithiclí cláraithe. Chun críche na bileoige seo, ciallaíonn clárú le haghaidh CCF feithicil a chlárú leis an Oifig Chlárúcháin Feithiclí sa Stát, lena n-áirítear an CCF a íoc. Sonraítear feithicil mar fheithicil neamhchláraithe fiú má tá sí cláraithe i ndlínse eile.

CBL Iarmhair

Is í CBL iarmhair an chuid den phraghas a íocann déileálaí mótarfheithiclí as CBL nach bhfuil inghnóthaithe a d'íoc úinéir roimhe ar charr. Mar shampla, má cheannaíonn duine príobháideach carr, níl sé nó sí i dteideal aon CBL a athéileamh. Má dhéantar an carr seo a thrádáil nó a dhíol do dhéileálaí, is féidir leis an déileálaí CBL a áireamh ar bhonn an phraghais a íocadh as, agus aon CBL 'ghafa' nó CBL iarmhair a athéileamh ó na Coimisinéirí Ioncaim. Ní féidir le déileálaí an CBL a athéileamh ach nuair a bheidh an fheithicil díolta ar aghaidh faoin Scéim Speisialta do Mhótarfheithiclí athláimhe.

Frithmhuirear

Tarlaíonn frithmhuirear nuair atá sé de dhualgas ar fhaighteoir CBL a chur san áireamh ar sholáthar, mar shampla, ar ábhar ceannaithe/faighte ó bhallstát eile an AE, seirbhís an 4ú Sceideal, earraí suiteáilte nó cóimeáilte aige/aici nó ag soláthraí neamhchónaitheach, nó nuair a fhaigheann príomhchonraitheoir seirbhísí ó fhochonraitheoir.

Mótarfheithicil Athláimhe

Díreach cosúil le 'mótarfheithicil nua', níl aon sainmhíniú ar fheithicil athláimhe sa reachtaíocht a bhaineann le CBL. Chun críche na bileoige seo, tuigtear gur í feithicil athláimhe aon mhótarfheithicil, inneall talmhaíoch, srl. a bhí ar seilbh ag duine eile ar a laghad, an t-úinéir reatha san áireamh, ach gan déileálaí mótarfheithiclí ag a raibh an fheithicil ar seilbh, i.e. mar stoc trádála, a chur san áireamh. Ní mór caitheamh leis an bhfeithicil mar fheithicil athláimhe, áfach, sa chás go ndearna an déileálaí an fheithicil a chlárú ina (h-)ainm féin, agus caithfear an fheithicil sin a dhíol faoin Scéim Speisialta, fiú nach raibh sí ar seilbh ag aon duine. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur féidir le feithicil a bheith ina 'modh nua iompair' thuas fiú más feithicil athláimhe í.

Féinchuntasaíocht

Baineann an téarma seo le CBL a chur san áireamh ar fhrithmhuirear nó féinsholáthar.

Feithicil Fhéinchláraithe

Is feithicil fhéinchláraithe í aon fheithicil atá tar éis a bheith cláraithe in ainm an déileálaí nó an dáileora. Tarlaíonn sé seo nuair a bhaineann déileálaí úsáid as feithicil mar fheithicil thaispeána, nó nuair a thógtar as stoc trádála í de bharr aon chúis eile. Má dhíoltar feithicil, nó má chuirtear ar fáil do dhuine seachas an déileálaí nó an dáileoir í, ní ceart í a fhéinchlárú, ach ba cheart í a chlárú in ainm an cheannaitheora nó an úsáideora. Sa chás go bhfuil feithicil, seachas feithicil thráchtála, féinchláraithe, caithfear aon CBL a bhí athéilithe ar cheannach na feithicle a thabhairt ar ais chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Dá ndíolfadh an fheithicil ina dhiaidh sin, ba cheart í a dhíol faoin Scéim Speisialta do Mhótarfheithiclí Athláimhe. Is féidir leis an déileálaí suim CBL iarmhair a athéileamh cothrom leis an CBL gearrtha ar an díolachán.

Féinsholáthar

Tarlaíonn féinsholáthar earraí nuair a úsáideann duine cuntasach earraí gnó i ngníomhaíocht dhíolmhaithe nó i ngníomhaíocht dá bhfuil cuid díolmhaithe nó nuair a dhílsíonn sé earraí chuig úsáid neamhghnó nó nuair a chuireann sé earraí de láimh saor in aisce. Ní féidir an CBL atá dlite ar fhéinsholáthar a asbhaint.

Seirbhís

Aon soláthar nach soláthar earraí é.

Scéim Speisialta do Mhótarfheithiclí Athláimhe

Faoin Scéim Speisialta do Mhótarfheithiclí Athláimhe, is féidir le déileálaí an CBL bharúlach nó CBL iarmhair a athéileamh ar phraghas cairr a cheannaíonn sé nó sí ó dhuine príobháideach, agus leagann sí amach na rialacha a bhaineann le díolachán na feithicle ina dhiaidh sin.

Earraí Inchánacha

Earraí atá ceannaithe/faighte ó bhallstát eile an AE nach bhfuil a soláthar díolmhaithe.

Tréimhse Inchánach

Tréimhse 2 mhí lena gcuirtear tús ar chéad lá Eanáir, Márta, srl.

Duine Inchánach

Duine a théann i ngleic le haon ghnó sa Stát.

Seirbhís Inchánach

Seirbhís nach gníomhaíocht dhíolmhaithe é a soláthar.

Tairseach

Nuair a ghabhann luach ar sholáthairtí de chuid trádálaí thar luach socraithe airgeadúil, nó nuair atá seans ann go ngabhfaidh luach ar sholáthairtí de chuid trádálaí thar luach socraithe airgeadúil, caithfidh sé nó sí clárú le haghaidh CBL. Tugtar 'an tairseach' ar an teorainn seo go minic.

Trádálaí

Duine a théann i ngleic le gníomhú tráchtála.

Trádáil isteach

Is trádáil isteach é nuair a dhíoltar feithicil do dhéileálaí d'fhonn costas ceannaigh feithicle eile (atá níos costasaí, de ghnáth) ón déileálaí céanna a laghdú. Is dhá idirbheart ar leith iad seo chun críche CBL – díolachán na seanfheithicle don déileálaí, agus ceannach na feithicle eile ina dhiaidh sin.

Gníomhairí neamhluaite

Duine, a airbheartaíonn gur dó/di féin a ghníomhaíonn sé, a dhéanann comhaontuithe ina (h-)ainm féin, ach é/í ag gníomhú de réir treoracha agus thar ceann cuntais duine eile. Chun críche CBL, caithfear le gníomhairí neamhluaite mar phríomhaí.

Cáin Bhreisluacha (CBL)

Déantar Cáin Bhreisluacha a ghearradh ar sholáthar earraí agus seirbhísí. Caithfidh gach trádálaí a ghabhann thar an teorainn bhainteach láimhdeachais clárú le haghaidh CBL agus í a ghearradh. Éiríonn dliteanas CBL as modh nua iompair a iompórtáil chuig an Stát chomh maith, a chaithfear a íoc ag am clárúcháin na feithicle, in éineacht le CCF.

Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF)

Caithfear Cáin Chláraithe Feithiclí a íoc nuair a dhéantar mótarfheithicil a chlárú sa Stát. Ní mór gach mótarfheithicil a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim sula ndéanfaí iad a cheadúnú chun críche cánach bóthair, seachas na feithiclí a thugann cuairteoirí isteach go sealadach.

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil