CBL

Is cáin ar chaiteachas tomhaltóirí í CBL. Bailíonn trádálaithe atá cláraithe do CBL í ar sholáthar earraí agus seirbhísí san Stát, atá le háireamh dá gcustaiméirí. Go ginearálta, gearrann gach trádálaí sa slabhra soláthair ón déantúsóir go dtí an miondíoltóir táillí CBL ar a c(h)uid díolacháin* agus tá sé/sí i dteideal an CBL atá íoctha ar a c(h)eannacháin a bhaint ón méid sin.

[*Faoi chúinsí áirithe, go háirithe i dtionscal na foirgníochta, ní ghearrann an soláthraí CBL, ach déanann an custaiméar CBL a áireamh cosúil le go bhfuil sí gearrtha go simplí.]

Is é an tionchar a bhaineann le CBL ar cheannacháin a fhrithchúiteamh in aghaidh CBL ar dhíolacháin ná cáin a ghearradh ar an luach breise ag gach céim den táirgeachta – dá bhrí sin Cáin Bhreisluacha. Don tomhaltóir deiridh, nach bhfuil cláraithe i gcomhair CBL, bíonn CBL díreach mar chuid den phraghas ceannacháin.

Lámhleabhair Cánach & Dleachtanna - Alt 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise


Leagan furasta le priontáil