Soláthairtí Measctha Earraí agus Seirbhísí

Earraí agus Seirbhísí Díolta le Chéile. Alt 11(3) den Acht Cánach Breisluacha arna leasú.

Réamhrá

1. Rinne Alt 97 (1)(b) den Acht Airgeadais, 2006 Alt 11(3) den Acht Cánach Breisluacha a leasú chun rialacha nua a chur i bhfeidhm maidir le CBL agus pacáistí a chuimsíonn dhá rud nó níos mó, lena bhféadfadh rátaí éagsúla CBL a bheith i gceist. Cuireadh an fhoráil seo i bhfeidhm ar 1 Samhain 2006 in ionad an riail ar tugadh 'an riail phacáiste' uirthi. De réir na "rialach pacáiste", ba é an ráta CBL a gearradh ar sholáthar earraí nó seirbhísí a bhí díolta le chéile CBL an ruda a raibh an ráta ab airde air.

Ginearálta

2. Cuireann an reachtaíocht nua forálacha an Achta Cánach Breisluacha ar aon dul le forálacha an tséú treoir CBL, mar a bhí léirmhínithe ag breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le blianta beaga anuas. Mar riail ghinearálta, tá an chomaoin ar earraí nó seirbhísí atá soláthartha mar phacáiste cionroinnte idir na rudaí éagsúla atá mar chuid den soláthar. Gearrtar CBL ar na rudaí seo ar an ráta a ghearrfadh orthu dá mba rud é go mbeadh siad díolta mar rudaí ar leithligh. I gcás catagóirí áirithe soláthair ar a dtugtar soláthairtí ilchodacha, áfach, leagann an reachtaíocht nua amach go ngearrfar CBL ar an ráta a bhaineann le príomhchuid an tsoláthair.

3. Tá na Coimisinéirí Ioncaim tar éis dul i ngleic leis na prionsabail a bhí bunaithe i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus a léirmhíniú ar reactaíocht CBL na hÉireann roimh 1 Samhain 2006. Táthar ag súil nach mbeidh athrú mór ar chleachtais reatha mar gheall ar an reachtaíocht nua.

4. Cuimsíonn Rialúchán 21 de na Rialúcháin maidir le Cáin Bhreisluacha, 2006 (pdfIonstraim Reachtúil. Uimh. 548, 2006 (PDF, 430KB)), réimsí áirithe ar leith agus déanann sé an phríomhreachtaíocht san Acht Cánach Breisluacha a fhorlíonadh.

5. Leagann an foilseachán seo bunghnéithe na reachtaíochta nua amach agus an tslí a mbaineann siad leis na hearnálacha faoi réir. Táthar ag coinne go dtiocfaidh an cur chuige nua seo chun cinn de réir a chéile, bunaithe ar thaithí na mBallstát eile maidir leis na prionsabail chéanna a chur i bhfeidhm. Rachaidh taithí nua san earnáil, forbairt táirgí nua, torthaí cásanna ar leibhéil náisiúnta agus leibhéil Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcion ar an bpróiseas seo, agus tiocfaidh sé i dtaithí orthu.

Ar Ais go Barr

Sainmhínithe Nua san Acht Cánach Breisluacha

6. Rinne an tAcht Airgeadais, 2006 Alt 1 den Acht Cánach Breisluacha a leasú freisin. Cuireadh 5 shainmhíniú nua ar chineálacha éagsúla soláthair le hAlt 1. Bhí siad seo tábhachtach de bharr na leasuithe a rinneadh ar alt 11(3) maidir le rátaí le cur i bhfeidhm ar chineálacha éagsúla soláthair.

Cé go bhfuil 5 shainmhíniú ann, tá dhá phríomhchatagóir tábhachtach d'fhonn an ráta iomchuí CBL a chur i bhfeidhm, eadhon "ilsholáthar" agus "soláthar ilchodach".

  • is é an sainmhíniú atá ar ilsholáthar ná dhá sholáthar nó níos mó a dhéantar chuig custaiméir i gcónasc lena chéile, ar a n-íoctar comaoin iomlán a chuimsíonn gach ceann acu, i gcleithiúnas gur féidir na soláthairtí sin a scaradh óna chéile go fisiciúil agus go heacnamaíoch. Caitear le gach aon soláthar a dhéantar i gcónasc le soláthair eile mar sholáthar aonair agus tá siad inchánach/díolmhaithe ina n-aonar;
  • is é an sainmhíniú atá ar sholáthar ilchodach ná soláthar ina bhfuil príomhchuid ar a dtugtar an príomhsholáthar, agus ina bhfuil codanna eile chomh maith ar a dtugtar soláthairtí coimhdeacha. Gabhann na soláthairtí coimhdeacha seo leis an bpríomhsholáthar i gcónaí agus is é príomhghné na soláthairtí coimhdeacha seo ná nach soláthrófaí iad gan an bpríomhsholáthar de bharr nach mbeadh aon chiall leis.

Ar Ais go Barr

Conas a chuirtear na rátaí nua CBL i bhfeidhm de réir na rialacha nua

7. Leagann Foalt 11(3) nua den Acht Cánach Breisluacha amach an tslí a gcuirfear cáin i bhfeidhm ar ilsholáthairtí nó soláthairtí ilchodacha mar atá sainmhínithe san Acht.

  • I gcás ilsholáthairtí, caithfear le gach aon chuid den idirbheart mar sholáthar aonair chun críche rátála CBL. Caithfidh an duine inchánach an chomaoin iníoctha a chionroinnt idir na codanna soláthartha, ionas go gcinnteofar go gcuirfear an ráta iomchuí CBL i bhfeidhm ar gach cuid den chomaoin iníoctha. De réir an Achta Cánach Breisluacha, caithfear an chomaoin iomlán a chionroinnt i slí a léiríonn cóimheas cruinn na suimeanna atá i gceist. Caithfidh an duine inchánach a bheith in ann, ar iarratas agus chun shástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, a thaispeáint go bhfuil toradh na cionranna seo réasúnach. Mar shampla, d'fhéadfaí an chomaoin a chionroinnt de réir chóimheasa an chostais ar na codanna sa soláthar, nó de réir margadhluacha na gcodanna sa soláthar.
  • I gcás soláthairtí ilchodacha, níl ann ach príomhchuid nó príomhsholáthar lena bhfuil cuid choimhdeach nó codanna coimhdeacha eile. Tá feidhm ag ráta amháin CBL ar an idirbheart ar fad ar an ráta a bhaineann leis an bpríomhsholáthar.

8. De ghnáth, bíonn an chatagóir a bhaineann le gach soláthar soiléir. Éireofar cásanna, áfach, nuair nach mbeidh sí chomh soiléir sin. Sna cásanna seo, beidh na critéir seo a leanas, léirithe ag samplaí, fóinteach chun cineál soláthair áirithe a chinneadh, i.e. cé acu an ilsholáthar é ina bhfuil roinnt soláthairtí aonair atá inchánach ar rátaí éagsúla, nó an soláthar ilchodach é atá inchánach ar ráta amháin nó díolmhaithe mar is iomchuí.

9. Is gné de sholáthar aonair é, a bhíonn mar chuid d'ilsholáthar i gcónaí de réir sainmhínithe, gur féidir iad a scaradh ó chodanna eile an ilsholáthair sin go fisiciúil agus go heacnamaíoch. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh gach cuid atá á soláthar chuig an gcustaiméir a bheith ina cuid ar leithligh den soláthar ar an iomlán. Caithfidh gur níos mó ná breisiúchán don phríomhsholáthar é. De réir fhriotal Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ní mór dó a bheith in ann "cuspóir ann féin" a léiriú. De ghnáth, is soláthar aonair é rud nuair a d'fhéadfaí agus nuair a bheadh ciall leis an rud nó cuid a sholáthar ina aonar go leithleach.

Seo a leanas roinnt samplaí d'ilsholáthar:

  • Ciseacha bia a dhíol ina bhfuil earraí a bheadh faoi chuimsiú an ráta nialasaigh, an ráta laghdaithe agus an ghnáthráta dá mba rud é go mbeadh siad díolta mar rudaí ar leithligh. De réir na rialacha nua, cuirtear rátaí cánach iomchuí i bhfeidhm ar na codanna éagsúla mar sholáthairtí aonair. Caithfear an chomaoin a chionroinnt d'fhonn an tsuim inchánach a bhaineann le gach ráta bainteach CBL a léiriú. (Tá sé seo ag teacht le cóireáil lamháltais na soláthairtí sin faoi na seanrialacha.)
  • Béile dá bhfuil bia agus deoch bhog nó fíon mar chuid atá díolta ar phraghas amháin. Tá an ráta CBL laghdaithe i gceist leis an mbia, cé go bhfuil an gnáthráta i gceist leis an deoch bhog nó fíon. De réir na rialacha nua, caitear leis an mbéile seo mar ilsholáthar de bharr gur féidir codanna an bhéile a scaradh óna chéile go fisiciúil agus go heacnamaíoch. Mar gheall air seo, ní mór an chomaoin iníoctha ina hiomlán a chionroinnt i riocht is go gcuirfear an ráta laghdaithe i bhfeidhm ar an mbia, agus go gcuirfear an gnáthráta i bhfeidhm ar an deoch. (Tá sé seo ag teacht le cóireáil lamháltais na soláthairtí sin faoi na seanrialacha.)
  • Déantar fónamh ar charr agus déantar tacar bonn a fheistiú ag an am céanna mar chuid d'aon comaoin amháin. Mar gheall nach mbíonn soláthar bonn cairr mar chuid de ghnáthfhónamh ar charr, caitear leis an bhfónamh agus soláthar na mbonn mar ilsholáthar. Is féidir an dá sholáthar a scaradh óna chéile go fisiciúil agus go heacnamaíoch. Sa chás seo, ba chóir an chomaoin a choinroinnt i riocht is go gcuirfear an ráta laghdaithe i bhfeidhm ar an bhfónamh agus go gcuirfear an gnáthráta i bhfeidhm ar na boinn.

10. Tá feidhm ag an riail soláthair ilchodaigh nuair atá príomhchuid á soláthar, chomh maith le cuid choimhdeach nó codanna coimhdeacha agus nuair atá sé réadúil nach ndíolfaí na codanna coimhdeacha ina n-aonar gan an príomhchuid. Ní féidir na codanna coimhdeacha seo a scaradh ón bpríomhsholátar go fisiciúil ná go heacnamaíoch. Is é ráta CBL an phríomhsholáthair an ráta a bhfuil feidhm aige ar an gcomaoin ina hiomlán. Arís, de réir fhriotal Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ní mór caitheamh le soláthar mar sholáthar coimhdeach sa chás "nach sásaíonn sé cuspóir ar leithligh don chustaiméir, ach is féidir leis úsáid a bhaint as chun úsáid níos fearr a bhaint as an bpríomhsholáthar soláthartha." Chomh maith leis sin, nuair atáthar ag meas cé acu an soláthar ilchodach é soláthar nó nach é, ba chóir aird mar is iomchuí a thabhairt ar ghnéithe riachtanacha an idirbhirt, mar shampla, an bhféadfaí an chuid choimhdeach a sholáthar ina haonar agus an mbeadh aon chiall leis, cad iad téarmaí an chonartha, aidhm na bpáirtithe bainteacha, na socruithe praghsála, srl. Ní chóir soláthar atá ina sholáthar ilchodach a scaradh go saorga d'fhonn leas cánach a bhaint amach ach oiread. Sa chomhthéacs seo, ní chuireann dhá chonradh ná eisiúint dhá shonrasc ná níos mó in iúl i gcónaí gur thit dhá sholáthar ar leithligh amach.

Seo a leanas roinnt samplaí de sholáthar ilchodach:

  • Soláthar Fóin phóca (ar an ngnáthráta CBL) in éineacht le leabhrán treorach (ar an ráta nialasach). Is léir go bhfuil an leabhrán treorach ann ionas go mbeidh an duine in ann úsáid níos fearr a bhaint as an bhfón póca agus go bhfuil sé coimhdeach leis. Is é an gnáthráta an ráta a bhfuil feidhm aige ar an bpríomhsholáthar agus tá feidhm ag an ráta seo ar an soláthar ina iomlán, beag beann ar an tslí a ndéanann an soláthraí an chomaoin a chionroinnt.
  • Ceannach nó léasú ríomhairí atá ríomhchláraithe chun feidhm ar leith a dhéanamh, chomh maith le hoiliúint maidir leis an gcóras a fheidhmiú agus rochtain ar an gcóras, mar chuid thábhachtach den idirbheart ar an iomlán. Is é léasú na ríomhairí an príomhsholáthar (ar an ngnáthráta CBL) agus tá an oiliúint (díolmhaithe ó CBL) coimhdeach leis. Dá réir sin, beidh feidhm ag an ngnáthráta ar an idirbheart ina iomlán.

Rialacháin

11. Déileálann Rialúchán 21 de na Rialúcháin maidir le CBL, 2006 (pdfIonstraim Reachtúil Uimh. 548, 2006 (PDF, 430KB)), leis an gcás nuair nach bhfuil an costas do sholáthraí ar sholáthar aonair nó ar sholáthairtí atá mar chuid d'ilsholáthar níos mó ná 50 faoin gcéad den chomaoin iomlán gan cháin, a bhfuil duine inchánach ina dteideal nó €1, cibé acu is lú. (riail de minimis). Sa chás sin, tugann na Coimisinéirí Ioncaim deis don duine inchánach rogha a dhéanamh chun neamhaird a dhéanamh ar sholáthar/sholáthair aonair den chineál sin, d'fhonn go mbeidh sé in ann an ráta iomchuí a chur i bhfeidhm air/orthu. Ciallaíonn sé seo gur é an tsuim is mó ar a bhféadfadh neamhaird a dhéanamh ná €1 (ní féidir luach aon sholáthair aonair a scaradh sa chás seo), fiú sa chás go bhfuil costas gan cháin atá níos lú ná €1 ag níos mó ná aon soláthar aonair amháin atá mar chuid d'ilsholáthar.

Tá feidhm ag an riail seo ar chuntar go bhfuil soláthar aonair amháin ar a laghad fágtha san ilsholáthar nach bhfuil neamhaird déanta air. Tugtar 'soláthar aonair fágtha' ar sholáthar aonair nach raibh neamhaird déanta air sna Rialacháin. Ní féidir neamhaird a dhéanamh ar sholáthar deochanna faoin Rialachán seo.

Tá feidhm ag na rialacha seo a leanas sa chás go ndéanann an duine inchánach rogha chun neamhaird a dhéanamh ar sholáthar aonair amháin nó níos mó:

  • nuair nach bhfuil ach aon soláthar aonair amháin fágtha tar éis neamhaird a dhéanamh ar sholáthar aonair/sholáthairtí aonair eile, beidh feidhm ag an ráta cánach a bhaineann leis an soláthar aonair fágtha ar chomaoin iomlán an ilsholáthair.
  • nuair atá níos mó ná aon soláthar aonair amháin fágtha tar éis neamhaird a dhéanamh ar sholáthar aonair/sholáthairtí aonair eile, beidh feidhm ag an ráta cánach a bhaineann leis na soláthairtí aonair fágtha, nó an ráta is ísle má bhaineann níos mó ná ráta amháin leis na soláthairtí aonair fágtha, ar chomaoin iomlán an ilsholáthair.

Ar Ais go Barr

Lamháltais atá ann cheana féin.

12. Is léir go gcuimseoidh an reachtaíocht nua roinnt socraíochtaí lamháltais a chuir na seanrialacha i bhfeidhm.

Léiríonn na samplaí seo a leanas é seo:

  • Caithfear le fruiliú agus ní éadaí mar ilsholáthar. Leanfar ar aghaidh le cáin a ghearradh ar gach cuid ar leithligh den soláthar agus déanfar an chomaoin iomlán a chionroinnt idir na codanna éagsúla ar na rátaí iomchuí.

Beidh na simpliúcháin riaracháin a bhí socruithe cheana féin fós i bhfeidhm. Seo a leanas roinnt samplaí:

  • Is féidir caitheamh le soláthar manglam brioscaí mar sholáthar ilchodach faoi chuimsiú an ráta laghdaithe nuair nach gcuimsíonn na brioscaí seacláide ach 15% den mheáchan iomlán.
  • I gcás soláthair phlanda phota, is féidir cáin a chur i bhfeidhm ar an ráta cánach a bhaineann leis an bplanda féin, i.e. ar an ráta laghdaithe nuair atá luach an phota níos lú ná 20% den phraghas gan cháin atá ar an bplanda agus an pota le chéile.

Eile

13. Lascainí: Sa chás go dtugann trádálaí lascaine ar phraghas ilsholáthair, caithfear na sonraí maidir le conas a rinneadh an lascaine sin a chionroinnt idir codanna éagsúla an tsoláthair sin a thaifeadadh ag am an tsoláthair ionas go mbeidh siad ar fáil do cheantar áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh iniúchadh. Caithfidh trádálaí, nach bhfuil ríomhchóras díolphointe a fhéadann cionroinnt na lascaine ar chodanna éagsúla an tsoláthair a thaifeadadh aige, an chionroinnt a aontú le ceantar áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim (féach Bileog Threorach 63 maidir le Cáin, Bealtaine 2006, lch 10).

14. Bronntanais agus Earraí Fógraíochta: Tagann fadhbanna chun solais go minic nuair a sholáthraítear earraí ar bhonn fógraíochta cé acu an bhfuil siad ina n-aonar nó in éineacht le soláthairtí eile. Tugtar sainmhíniú ar bhronntanas chun críche CBL in Airteagal 16 de Threoir na Comhairle Eorpaí 2006/112/EC, Alt 3(1A) den Acht Cánach Breisluacha, agus Rialachán 27 de na Rialacháin maidir le Cáin Bhreisluacha, 2006. Ní bronntanas é ach amháin nuair nach bhfaigheann an soláthraí aon chomaoin as. Sna cásanna seo, nuair atá costas an bhronntanais níos lú ná €20, ní gá don soláthraí aon CBL aschuir a íoc, cé go bhfuil an CBL ionchuir in-asbhainteach.

Ach, nuair is gá don chustaiméir comaoin a íoc as earra faighte, fiú má dhéanann an soláthraí cur síos ar an earra sin mar "bhronntanas", nó mar earra "saor in aisce", (mar shampla "ceannaigh ceann, faigh ceann saor in aisce", barra seacláide saor in aisce nuair a cheannaíonn tú crúsca caife, nó dlúthdhiosca/earra fógraíochta saor in aisce nuair a cheannaíonn tú nuachtán/irisleabhar), ní bronntanas é chun críche CBL. Nuair a íoctar comaoin, baineann sé le gach earra soláthartha i gcónaí.

I gcás tairiscintí 'ceannaigh ceann, faigh ceann saor in aisce', baineann CBL ar an gcomaoin le soláthar an dá earra. Níl aon cheist maidir leis an ráta a bhaineann leis an soláthar. I gcás an bharra sheacláide saor in aisce (ar an ngnáthráta) in éineacht le crúsca caife (ar an ráta nialasach), baineann CBL ar an gcomaoin leis an dá earra, i.e. ilsholáthar, ar chuntar nach bhfuil feidhm ag an riail de minimus (féach alt 11). I gcás nuachtán, irisleabhar agus tréimhseachán atá soláthartha in éineacht le dlúthdhiosca, mar shampla, nó earra fógraíochta eile, chaithfeadh na Coimisinéirí Ioncaim le soláthairtí den chineál seo mar ilsholáthairtí le híoc i gcúrsa nó dul chun cinn an ghnólachta. Níor chóir caitheamh leis an earra fógraíochta mar bhronntanas sna cásanna seo. Caithfear an chomaoin iomlán iníoctha a chionroinnt de réir treoracha maidir le hilsholáthar in alt 7. D'fhéadfadh go mbeadh feidhm ag an riail de minimus, áfach (féach alt 11).

15. Barántaí Monaróirí/ Árachas Breise: De réir na rialacha atá ar an bhfód cheana féin maidir le haon árachas atá mar bhunchuid de sholáthar earraí, mar shampla, baránta nó ráthaíocht an mhonaróra, tá feidhm ag ráta CBL na n-earraí ar an árachas. Beidh árachas breise, díolta in éineacht le hearraí, fós díolmhaithe ó CBL ar chuntar go n-íoctar as ina iomlán don chuideachta árachais.

16. Radharceolaithe: Radharceolaithe: Tar éis chinneadh an Choimisinéara Achomhairc, glacann na Coimisinéirí Ioncaim, i gcás go soláthraíonn radharceolaí seirbhís dáiliúcháin in éineacht le spéaclaí ceartaitheacha nó lionsaí tadhaill, gur ilsholáthar atá ann, dá bhfuil dhá sholáthar aonair mar chuid, eadhon:

  1. Soláthar inchánach earraí,
  2. Soláthar díolmhaithe seirbhísí gairmiúla den chineál optúil, dá dtagraítear mar 'sheirbhísí dáiliúcháin'.

17. Teilifís chábla: Rugadh breith sa Chúirt Uachtarach gur dhá sholáthar ar leith iad seirbhís chraoltóireachta agus seirbhís suiteála. Chun an cinneadh sin a dhéanamh, thug an Chúirt faoi deara go raibh dhá shuim ar leith sonrasctha le haghaidh dhá sheirbhís ar leithligh, agus go raibh an obair suiteála inaitheanta ón tseirbhís chraoltóireachta go fisiciúil agus go sealadach. Thug an Chúirt cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi deara maidir leis an gceist.

I gcomhthéacs na reachtaíochta nua, is ilsholáthar iad an dá sholáthar de bharr gur féidir an tsuiteáil a sholáthar ina haonar, mar shampla, do thógálaí/fhorbróir sula ndíoltar títhe do cheannaitheoirí aonair. Mar gheall air seo, níl na Coimisinéirí Ioncaim den tuairim go ndéanann an reachtaíocht nua aon athrú ar stádas cánach an dá sholáthar. Ní féidir caitheamh le soláthar na seirbhísí suiteála mar sholáthar coimhdeach agus ní sholáthraítear an tsuiteáil ionas go mbeadh daoine in ann úsáid níos fearr a bhaint as an tseirbhís chraoltóireachta amháin.

18. Riail "Dhá Thrian": Rinneadh an reachtaíocht nua a dhréachtú ar bhonn go mbeadh a forálacha faoi réir na rialach dhá thrian. Mar gheall air seo, tá feidhm ag an riail dhá thrian go fóill sa chás go gcuimsíonn soláthairtí seirbhísí soláthairtí earraí chomh maith. De réir alt 10(8) den Acht, baineann an chomaoin iomlán leis na hearraí sa chás go gcuimsíonn soláthar seirbhísí soláthar earraí (seachas bia) chomh maith agus i gcleithiúnas go ngabhann costas iomlán na n-earraí gan cháin thar dhá thrian de phraghas iomlán an chonartha (gan costas iompair a chur san áireamh). Sa chás seo, tá ar an duine inchánach CBL a chur i bhfeidhm ar an gcomaoin ina hiomlán ar an ráta a bhaineann leis na hearraí.

Ar Ais go Barr

Taifid

19. De réir alt 16 den Acht Cánach Breisluacha, caithfear gach taifead agus cáipéis ag a bhfuil baint, nó ag a bhféadfadh go bhfuil baint ar dhliteanas CBL duine inchánaigh a choimeád ar feadh na tréimhse iomchuí. Ba chóir do thrádálaithe a bhaineann úsáid as ríomhchóras díolphointe (EPOS) a chinntiú go bhfuil sé ríomhchláraithe chun an tslí a gcuirtear rátaí éagsúla CBL i bhfeidhm ar ilsholáthar a thaifeadadh. Nuair a dhéanann cáiníocóir rogha chun neamhaird a dhéanamh ar sholáthar de réir na rialacha ar a ndéantar cur síos in alt 11, nó nuair a úsáideann sé modheolaíocht speisialta, ar a ndéantar cur síos in alt 13, sna taifid, ní mór do na taifid an tslí a ndéantar an chomaoin a chionroinnt a chur in iúl go soiléir.

Conclúid

20. Ó cuireadh an córas CBL ar bun, tá ceisteanna tar éis éirí dá dhroim maidir le dliteanas ceart CBL ar sholáthairtí ina bhfuil earraí nó seirbhísí ar leithligh. Tá sé seo ríthábhachtach sa chás go bhfuil meascán idir rudaí inchánacha agus rudaí a d'fhéadfadh a bheith faoi chuimsiú faoisimh ó CBL dá soláthrófaí ina n-aonar iad in aon sholáthar amháin. Éireofar na ceisteanna seo fad is a bheidh samhlacha trádála nua agus táirgí nua ag teacht ar an bhfód agus cásdlí ag fabhrú. Ní deirtear go mbeidh an reachtaíocht seo, a bhí dréachtaithe i gcomhthéacs chásdlí na hEorpa, ina réiteach ar gach ceist, ach leagann sí slí amach chun réitigh níos fearr a bhaint amach, bunaithe ar chásdlí cothrom le dáta. Rinne na Coimisinéirí Ioncaim iarracht treoir a chur ar fáil maidir le réimse leathan cásanna agus ceisteanna, ach níl aon amhras ann go dtiocfaidh ceisteanna agus cásanna eile chun solais le himeacht ama. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a ndícheall déileáil leis na cásanna seo de réir mar a éiríonn siad.

Breis Eolais

21. Má tá aon cheist agat maidir le haon cheist atá sa Bhileog Eolais seo, ba chóir duit dul i dteagmháil le ceantar na gCoimisinéirí Ioncaim a dhéanann plé ar do chúrsaí cánach. Tá sonraí teagmhála ceantair na gCoimisinéirí Ioncaim ar fad le fáil ar an Leathanach Sonraí Teagmhála .

An Brainse Léirmhínithe CBL,
An Rannán Cánach Indírí,
Foirgneamh Stampála,
Caisleán Bhaile Átha Cliath.

Eanáir 2010

(Adobe Acrobat Reader PDFNasc seachtrach)

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil