CBL ar sheirbhísí atá ceangailte le maoin eachtrach

Seirbhísí atá ceangailte le maoin dhochorraithe eachtrach

  1. Réamhrá
  2. Cad is maoin dhochorraithe ann?
  3. Seirbhísí faoi dhliteanas CBL san áit a bhfuil maoin dhochorraithe lonnaithe
  4. Seirbhísí faoi dhliteanas CBL san áit a bhfuil an soláthróir (nó an custaiméir) lonnaithe
  5. Clárú CBL do dhaoine a sholáthraíonn seirbhísí i ndáil le maoin dhochorraithe eachtrach
  6. Reachtaíocht
  7. Seirbhísí Sonracha/Samplaí
  8. Breis Eolais

1. Réamhrá

Braitheann an ráta CBL atá i gceist le seirbhís a sholáthraítear i dtaca le maoin dhochorraithe** eachtrach* ar chineál na seirbhíse agus ar cé chomh ceangailte is atá an tseirbhís leis an maoin. Cé go bhfuil baint ag roinnt seirbhísí le maoin de réir ghnáthúsáid an fhocail, caitear le seirbhísí áirithe, ag a bhfuil dlúthbhaint le maoine ar leith, i slí eile. Tuigtear go bhfuil na seirbhísí seo ceangailte leis an maoin chun críche CBL agus, ní mór don duine a sholáthraíonn na seirbhísí seo clárú le haghaidh CBL sa dlínse a bhfuil an mhaoin lonnaithe de ghnáth agus CBL a chur i bhfeidhm ar a chuid soláthairtí. I gcás seirbhísí eile, braitheann CBL ar an áit ar chuir an soláthraí a ghnólacht ar bun nó, i gcásanna áirithe, an áit ar chuir an custaiméir a ghnólacht ar bun nó an áit ina bhfuil sé ina chónaí.

Tugann an bhileog eolais seo freagraí ar na ceisteanna seo a leanas ar mhaithe le soláthraithe bunaithe in Éirinn:

Cad iad na seirbhísí atá faoi dhliteanas CBL san áit a bhfuil maoin dhochorraithe lonnaithe?

Cad iad na seirbhísí, ceangailte le maoin eachtrach, atá faoi dhliteanas CBL in Éirinn?

agus

An féidir leis an duine a sholáthraíonn na seirbhísí seo an CBL a ghearrtar uirthi in Éirinn a athéileamh?

* Baineann an bhileog eolais seo le maoin eachtrach go príomha. Nuair a dhéanfar tagairt do mhaoin Éireannach, cuirfear é seo in iúl go soiléir.

** Ciallaíonn aon tagairt do 'mhaoin' nó 'réadmhaoin' sa bhileog eolais seo 'maoin dhochorraithe' mar atá sainmhínithe i gCuid 2 den bhileog eolais.

Ar Ais go Barr

2. Cad is maoin dhochorraithe ann?

Chun críche na bileoige eolais seo, ciallaíonn maoin dhochorraithe talamh; agus aon fhoirgneamh nó daingneán atá daingnithe leis an talamh, lena n-áirítear tionóntáin, oidhreachtáin, tithe agus foirgnimh, ballaí, sconsaí nó aon struchtúr nó daingneán buan eile; talamh clúdaithe le huisce; agus aon eastát, ceart nó leas i dtaca le talamh.

[Caitear le hinnill nach bhfuil suiteáilte mar dhaingneán mar earraí inchorraithe, agus ní dhéanfar plé orthu sa bhileog eolais seo.]

Is éard atá i gceist le maoin dhochorraithe eachtrach ná aon cheann thuas atá lonnaithe lasmuigh den Stát; lena n-áirítear tithe saoire, réadmhaoin chomhroinnte ama, réadmhaoin infheistíochta agus óstáin go sonrach.

Ar Ais go Barr

3. Seirbhísí faoi dhliteanas CBL san áit a bhfuil maoin dhochorraithe lonnaithe

3.1 Níl seirbhísí faoi dhliteanas CBL Éireannaí chun críche CBL i gcleithiúnas go bhfuil siad ceangailte le maoin dhochorraithe eactrach. Nuair atáthar ag meas cé acu an bhfuil an ceangal seo ann nó nach bhfuil, caithfear an cineál seirbhíse a chur faoi chaibidil. Is féidir a shonrú go bhfuil seirbhís ceangailte le maoin, chun críche CBL, sa chás go bhfuil sí soláthartha i dtaca le maoin ar leith, agus ní seirbhís í atá soláthartha i dtaca le maoin i gcoitianta. Tá gach táille a ghearrtar i dtaca le seirbhís den chineál seo faoi dhliteanas CBL trí thagairt don áit a bhfuil an mhaoin lonnaithe – ní bheidh na táillí faoi dhliteanas CBL Éireannaí nuair atá an mhaoin lonnaithe thar lear.

3.2 Áirítear seirbhísí a bhfuil baint dhíreach fhisiciúil leis an maoin, a bhfuil láithreacht pearsanra nó áiseanna riachtanach inti, le seirbhísí atá ceangailte le maoin dhochorraithe eachtrach. Áirítear leo sin:

  • Suirbhé a dhéanamh ar shuíomh nó réadmhaoin;
  • Slándáil nó maoirseacht ar shuíomh nó réadmhaoin;
  • Réadmhaoin a thógáil, a fhorbairt, a dheisiú, a chothabháil (maisiúchán san áireamh), a scartáil, a athchóiriú nó a athrú.

Cuireann na daoine seo a leanas seirbhísí den chineál seo ar fáil de ghnáth:

  • suirbhéirí
  • ailtirí
  • innealtóirí
  • maisitheoirí
  • dearthóirí intí
  • cuideachtaí slándála
  • maoirseoirí suímh
  • cuideachtaí bainistithe réadmhaoine

3.3 Sonraítear go bhfuil seirbhísí ceangailte le maoin dhochorraithe eachtrach go díreach nuair a bhaineann siad le:

  • maoin a dhíol;
  • aon leas sa mhaoin a shannadh nó a ghéilleadh (mar shampla, léas);
  • aon cheart nó ceadúnas a thabhairt i dtaca leis an maoin;
  • maoin a ligean ar cíos, ligean gearrthéarma saoire san áireamh

Cuireann na daoine seo a leanas na seirbhísí seo seo ar fáil de ghnáth:

  • ceantálaithe;
  • dlíodóirí nó proifisiúnaigh dlí eile;
  • gníomhairí eastáit;
  • Aon ghníomhaí eile ag a bhfuil baint leis an idirbheart;
  • tionscnóirí turas.

3.4 Ba chóir a thabhairt faoi deara gur féidir le gníomhairí eastáit, ailtirí, srl. seirbhísí nach bhfuil ceangailte, chun críche CBL, le maoine dochorraithe ar leith, a chur ar fáil. Mar shampla, d'fhéadfadh gníomhairí eastáit seirbhísí ginearálta margaíochta a chur ar fáil i dtaca le forbairtí eachtracha, agus d'fhéadfadh ailtirí pleananna a chur ar fáil le húsáid mar theimpléad chun tithe a thógáil i roinnt tíortha éagsúla. Féach Alt 4 le haghaidh tuilleadh sonraí maidir le cáin agus seirbhísí den chineál seo.

Ar Ais go Barr

4. Seirbhísí faoi dhliteanas CBL san áit a bhfuil an soláthróir (nó an custaiméir) lonnaithe

Ní shonraítear go bhfuil seirbhísí nach bhfuil aon cheangal díreach fisiciúil acu le maoin dhochorraithe eachtrach, agus nach mbaineann le haon leas sa mhaoin a aistriú, ceangailte le maoin chun críche CBL de ghnáth. Áirítear leo sin:

  • Fógraíocht ghinearálta maoine;
  • Maoin a mhargú, lena n-áirítear taispeántais a thionól. Nuair a dhéantar conarthaí i dtaca le díolacháin maoine a idirbheartú ag taispeántas, áfach, sonraítear go bhfuil aon éarlais nó táille chosúil, a íoctar i leith conartha den chineál sin, ceangailte leis an maoin.
  • Ceannaitheoirí a fháil nuair nach bhfuil sé mar chuid den phróiseas chun díolacháin maoine ar leith a idirbheartú;
  • Comhairle agus eolas maidir le praghsanna nó margaí réadmhaoine nach mbaineann le maoin ar leith;
  • Staidéar féidearthachta ar acmhainneacht tráchtála forbartha srl. in áit gheografach;
  • Aon chomhairleacht nó seirbhís comhairle eile a dhéanann plé ar mhaoin eachtrach.

Tá na seirbhísí seo faoi dhliteanas CBL má tá an soláthraí bunnaithe sa Stát. Sa chás go bhfuil aon cheann de na seirbhísí thuasluaite ar an 4ú Sceideal den Acht Cánach Breisluacha, áfach, agus nuair a sholáthraítear seirbhísí den chineál seo do chustaiméirí atá bunaithe taobh amuigh den Stát agus a bhaineann úsáid astu chun críche gnó, tá siad faoi dhliteanas CBL na dlínse ina bhfuil an custaiméir bunaithe – .i. is féidir an ráta nialasach CBL a chur i bhfeidhm ar na seirbhísí chun críche CBL Éireannaí. Mar shampla, comhairle dhlíthiúil agus eolas, fógraíocht agus margaíocht a sholáthar. Is féidir le soláthraí a sholáthraíonn seirbhísí an 4ú Sceideal clárú le haghaidh CBL in Éirinn, fiú mura bhfuil sé páirteach in aon gníomhaíocht inchánach eile sa Stát. Tá bileog eolais maidir le Seirbhísí an 4ú Sceideal le fáil ar shuíomh Idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ar Ais go Barr

5. Clárú CBL do dhaoine a sholáthraíonn seirbhísí i ndáil le maoin dhochorraithe eachtrach

D'fhéadfadh go ndéanfadh trádálaí atá bunaithe in Éirinn agus a sholáthraíonn seirbhísí atá ceangailte le maoin dhochorraithe eachtrach chun críche CBL (.i. sonraithe mar inchánach chun críche CBL san áit a bhfuil an mhaoin lonnaithe) CBL in Éirinn a thabhú le linn na seirbhísí seo a sholáthar. Chun an CBL seo a athéileamh, ba chóir dó/di clárú le haghaidh CBL agus an cháin a athéileamh trí thuairisceán CBL. Tá feidhm aige seo fiú mura ndéanann an duine aon sholáthar in Éirinn agus mura mbeadh sé i dteideal clárú le haghaidh CBL de ghnáth.

Sna cásanna seo, glacfar le hiarratais chlárúcháin ar chuntar go gcuireann an trádálaí cruthúnas ar fáil a chuireann in iúl go soláthraíonn sé/sí seirbhísí atá inchánach thar lear ar a bhféadfadh sé/sí an CBL a athéileamh dá mba rud é go mbeadh sé/sí ag soláthar na seirbhísí céanna in Éirinn.

Ba chóir do thrádálaithe atá cláraithe i leith seirbhísí a sholáthar sa Stát cheana féin, cosúil le gníomhairí eastáit a sholáthraíonn seirbhísí in Éirinn agus seirbhísí eile atá ceangailte, chun críche CBL, le maoin eachtrach, an CBL ar fad atá tabhaithe i dtaca leis na seirbhísí sin a athéileamh trína ngnáththuairisceán CBL.

Ar Ais go Barr

6. Reachtaíocht

Leagann Alt 5(5) den Acht Cánach Breisluacha, 1972 (arna leasú) amach gur í áit an tsoláthair an áit a bhfuil gnólacht an duine atá ag soláthar na seirbhíse bunaithe.

Leagann Alt 5(6)(a) den Acht amach gur í áit an tsoláthair i dtaca le maoin dhochorraithe, seirbhísí gníomhairí eastáit, ailtirí agus gnólachtaí a sholáthraíonn maoirseacht ar an láithreán san áireamh, an áit a bhfuil an maoin dhochorraithe lonnaithe.

Leagann Alt 5(6)(e) den Acht amach gur í áit an tsoláthair seirbhísí áirithe (luaite i 4ú Sceideal an Achta Chánach Breisluacha), sa chás go bhfuil na seirbhísí sin faighte chun críche gnó, an áit a bhfuil áitreabh an chustaiméara lonnaithe nó, má tá níos mó ná áitreabh amháin ag an gcustaiméir, an t-áitreabh ina mbainfear an úsáid is dírí as na seirbhísí.

Leagann Alt 12(1)(b)(iii) amach go bhfuil duine a sholáthraíonn seirbhísí lasmuigh den Stát i dteideal CBL atá tabhaithe in Éirinn i dtaca leis na seirbhísí a athéileamh sa mhéid go mbeadh sé/sí i dteideal CBL a athéileamh dá mba rud é go mbeadh sé/sí ag soláthar na seirbhísí céanna in Éirinn.

Ar Ais go Barr

7. Seirbhísí Sonracha/Samplaí

7.1 Taispeántas Réadmhaoine reáchtáilte in Éirinn

Sa chás go ngearrtar táille isteach chun dul isteach go taispeántas réadmhaoine, tá feidhm ag an ngnáthráta CBL ar an táille seo. Ní mór d'aon duine atá ag gearradh táille den chineál sin clárú le haghaidh CBL agus CBL a chur san áireamh, faoi réir na ngnáththairseacha cláraithe. Déantar plé ar na samplaí seo a leanas ar bhonn nach bhfuil táille isteach á gearradh:

  1. Taispeántas atá curtha ar siúl ag duine atá ag díol, ag soláthar leasa i, maoin dhochorraithe thar lear:
    Nuair is é an duine atá ag cur an taispeántais ar siúl an duine atá ag soláthar leasa i maoin eactrach chomh maith, níl aon sholáthar inchánach ag tarlú in Éirinn. Má tá an duine bunaithe in Éirinn, is féidir leis/léi clárú le haghaidh CBL agus aon CBL atá tabhaithe le linn an taispeántas a chur ar siúl a athéileamh trí ghnáththuairisceán CBL.
  2. Taispeántas atá curtha ar siúl thar ceann duine atá ag díol, ag soláthar leasa i, maoin dhochorraithe thar lear:
    Nuair nach bhfuil an mhaoin ar seilbh ag an duine atá ag cur an taispeántas ar siúl, tá sé/sí ag soláthar seirbhíse margaíochta d'úinéir na maoine. Sa chás go bhfuil an t-úinéir bunaithe in Éirinn, beidh air/uirthi CBL Éireannach ar an ngnáthráta a íoc ar an tseirbhís mhargaíochta seo. D'fhéadfadh úinéir na maoine clárú le haghaidh CBL sa chás seo, agus aon CBL a gearradh air/uirthi a athéileamh. Mura bhfuil an t-úinéir bunaithe in Éirinn, ba chóir don duine atá ag cur an taispeántas ar siúl CBL a ghearradh ar an ráta nialasach, de bharr go bhfuil an custaiméir faoi dhliteanas CBL na dlínse ina bhfuil sé bunaithe, ar aon dul le 4ú Sceideal an Achta Chánach Breisluacha, 1972 (arna leasú).

Tá aon díolachán nó idirbheartaíocht conarthaí i leith maoin dhochorraithe, a tharlaíonn ag taispeántas, faoi dhliteanas CBL na dlínse a bhfuil an mhaoin lonnaithe, agus níl siad faoi dhliteanas CBL na háite ina dtarlaíonn an díolachán. Dá réir sin, níl aon CBL Éireannach dlite ar éarlaisí, táillí socraithe, nó táillí cosúla eile a íoctar i dtaca leis na díolacháin seo.

7.2 Gníomhaire Eastáit ag gníomhú thar ceann forbróra maoine dochorraithe eachtraí

Tá aon seirbhís a sholáthraíonn gníomhaire eastáit atá bunaithe in Éirinn atá sonraithe mar cheangailte le díolachán maoine eachtraí chun críche CBL, faoi dhliteanas CBL na dlínse ina bhfuil an mhaoin lonnaithe. Níl na táillí gearrtha faoi dhliteanas CBL Éireannaí dá bharr. (D'fhéadfadh go mbeadh ar an ngníomhaire clárú le haghaidh cháin na dlínse ina bhfuil an mhaoin lonnaithe, de réir rialacha an Stáit sin.) Is féidir leis an ngníomhaire, áfach, clárú le haghaidh CBL in Éirinn d'fhonn aon CBL tabhaithe le linn díolachán a shocrú a athéileamh. Má tá an gníomhaire cláraithe in Éirinn cheana féin, ba chóir dó/di aon CBL a athéileamh tríd an tuairisceán CBL amhail is dá dtabhófaí i gcúrsa a g(h)níomhaíochtaí intíre í. D'fhéadfadh go mbeadh gníomhaire nach bhfuil bunaithe sa Stát i dteideal CBL tabhaithe a athéileamh faoin 8ú nó 13ú Treoir maidir le CBL, agus ba chóir dó/di teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg um Aisíocaíochtaí CBL Neamhchláraithe, Teach na hAbhann, Cé Charlotte, Luimneach, maidir leis.

7.3 Seirbhísí dlíodóra i dtaca le maoin dhochorraithe

Nuair a sholáthraíonn dlíodóir seirbhísí i dtaca le leas i maoin a aistriú, conradh a bhaineann le haistriú den chineál seo a dhréachtú san áireamh, tá siad faoi dhliteanas CBL na dlínse ina bhfuil an mhaoin lonnaithe. Sa chás go bhfuil an mhaoin lonnaithe in aon tír seachas Éire, d'fhéadfadh go mbeadh ar an dlíodóir clárú le haghaidh CBL (nó cáin chosúil) sa tír sin.

Ní shonraítear go bhfuil na táillí a ghearrann dlíodóirí ceangailte le maoin chun críche CBL, agus bíonn siad faoi dhliteanas CBL mar seo a leanas:

  1. Má tá an cliant bunaithe nó ina chónaí in Éirinn, beidh feidhm ag CBL Éireannach.
  2. Má tá an cliant bunaithe san Aontas Eorpach, agus ag gníomhú mar dhuine príobháideach, beidh feidhm ag CBL Éireannach.
  3. Má tá an cliant bunaithe san Aontas Eorpach, agus ag gníomhú thar ceann gnólachta, beidh feidhm ag an ráta nialasach, i.e. ní ghearrann dlíodóir Éireannach aon CBL, de bharr go mbeidh ar an gcliant CBL a íoc ina t(h)ír féin amhail is dá ndéanfadh sé féin an soláthar.
  4. Má tá an cliant bunaithe lasmuigh den Aontas Eorpach, beidh feidhm ag an ráta nialasach ar na seirbhísí.

7.3.1 Dlíodóir ag gníomhú thar ceann cuideachta a bhfuil maoin dhochorraithe aici i dtíortha eile

Sa chás go bhfostaíonn cuideachta dlíodóir atá bunaithe in Éirinn chun gníomhú thar a ceann i dtaca le hidirbhearta a bhaineann le maoin atá ar seilbh aici i dtíortha eile, braitheann an CBL ar chineál an idirbhirt.

Más mian leis an gcuideachta aon mhaoin dhochorraithe nó gach maoin dhochorraithe a mhorgáistiú, lena n-áirítear maoin atá lonnaithe in Éirinn, ní shonraítear an t-idirbheart seo mar sheirbhís atá ceangailte le maoin de réir Alt 4 thuas, agus beidh na seirbhísí dlíthiúla atá soláthartha i dtaca leis an idirbheart seo inchánach agus faoi réir na rialacha a rialaíonn seirbhísí dlíthiúla; i.e. má tá an chuideachta bunaithe in Éirinn, beidh feidhm ag CBL Éireannach; Má tá an chuideachta bunaithe lasmuigh d'Éirinn, beidh feidhm ag an ráta nialasach ar an soláthar. Ba cheart a thabhairt faoi deara go mbraithfeadh an CBL ar an áitreabh a bhaineann an úsáid is dírí as na seirbhísí soláthartha sa chás go mbeadh an chuideachta bunaithe in Éirinn agus i dtír eile chomh maith.

Ar an taobh eile, más mian leis an gcuideachta aon mhaoin dhochorraithe a dhiúscairt, beidh aon obair dhlíthiúil a dhéanfaidh an dlíodóir i dtaca le maoin ar leith a dhiúscairt faoi dhliteanas CBL na dlínse ina bhfuil an mhaoin lonnaithe, agus d'fhéadfadh go mbeadh ar an dlíodóir clárú le haghaidh CBL i ngach tír. Sa chás go ndéanann dlíodóirí áitiúla an diúscairt faoi threoir dlíodóir Éireannach, is iad seirbhísí na ndlíodóirí áitiúla seo atá faoi dhliteanas CBL na dlínse ina bhfuil an mhaoin lonnaithe. Tá seirbhísí an dlíodóra Éireannaigh i leith treoir a thabhairt do dhlíodóirí áitiúla, nó comhairle dhlíthiúil a chur ar fáil maidir leis an díolachán, luachálacha a fháil, srl. faoi dhliteanas CBL faoi réir na rialacha atá leagtha amach in alt 7.3.

7.3.2 Dlíodóir ag gníomhú thar ceann eastát

Tá seirbhísí dlíthiúla atá soláthartha do chliant príobháideach (neamhghnó) i dtaca le heastát a riar faoi dhliteanas CBL na dlínse ina bhfuil an dlíodóir bunaithe – beidh feidhm ag CBL Éireannach má tá an dlíodóir bunaithe in Éirinn agus an cliant bunaithe in Éirinn nó i mballstát eile an Aontais Eorpaigh. Sa chás go bhfuil an cliant bunaithe nó ina chónaí lasmuigh den Aontas Eorpach, áfach, beidh feidhm ag an ráta nialasach ar na táillí seo. D'fhéadfadh go gcuimseodh riar ginearálta eastáit seirbhísí a sholáthraítear i dtaca le maoin, ach nach bhfuil sonraithe mar cheangailte léi chun críche CBL, mar aon le héilimh dhlíthiúla i gcoinne an eastáit a chosaint maidir le haon teideal chun talún.

Tá seirbhísí a sholáthraíonn dlíodóir i dtaca le haon mhaoin a dhiúscairt faoi dhliteanas CBL na dlínse ina bhfuil an mhaoin lonnaithe, áfach. Má tá duine atá ina c(h)ónaí lasmuigh den Stát ina t(h)airbhí eastáit a chuimsíonn talamh nó maoin eile in Éirinn, agus fostaíonn an duine sin dlíodóir atá bunaithe in Éirinn d'fhonn an mhaoin a dhíol nó a ligean ar cíos, beidh táillí an dlíodóra sin faoi dhliteanas CBL Éireannaí. Sa chás go bhfuil an talamh sa sampla thuas lonnaithe in aon tír eile, beidh na táillí faoi dhliteanas CBL faoi réir rialacha na tíre sin, agus ní bheidh feidhm ag CBL ar tháillí an dlíodóra Éireannaigh.

Nuair a sholáthraíonn dlíodóir atá bunaithe in Éirinn seirbhísí dlíthiúla do chliant atá ina c(h)ónaí lasmuigh den Aontas Eorpach, agus nuair a chuimsíonn na seirbhísí seo seirbhísí atá sonraithe mar cheangailte le maoin chun críche CBL mar a leagtar amach thuas, chomh maith le seirbhísí nach bhfuil ceangailte sa tslí seo, ba chóir caitheamh leis an soláthar seo mar ilsholáthar, agus an táille a scaradh ionas go gcuirfí na seirbhísí a bheadh faoi dhliteanas CBL Éireannaí agus na seirbhísí a mbeadh feidhm ag an ráta nialasach orthu a chur in iúl go soiléir.

7.4 Cuideachtaí bainistithe Maoine

Sa chás go bhfuil cuideachta atá bunaithe in Éirinn fostaithe chun maoine dochorraithe a bhainistiú lasmuigh den Stát, beidh na seirbhísí seo faoi dhliteanas CBL na dlínse ina bhfuil siad lonnaithe. Sa chomhthéacs seo, ciallaíonn 'bainistiú' (ach gan a bheith teoranta dóibh)

  • Maoin a mhaoirsiú agus a chothabháil;
  • cíosanna, táillí seirbhíse agus táillí árachais a riar;
  • ligean a rialú agus a riar.

Is féidir le cuideachta a sholáthraíonn na seirbhísí seo clárú le haghaidh CBL in Éirinn chun aon CBL atá tabhaithe anseo le linn na seirbhísí seo a sholáthar a athéileamh.

Breis Eolais

Má tá aon cheist agat maidir le haon cheist atá sa Bhileog Eolais seo, ba chóir duit dul i dteagmháil le ceantar na gCoimisinéirí Ioncaim atá freagrach as do chúrsaí cánach. Sonraí teagmhála le haghaidh gach ceantar na gCoimisinéirí Ioncaim.

Tá an bhileog eolais seo eisithe ag:
An Brainse Achomharc agus Cumarsáide CBL ,
An Rannán Cánach Indírí,
Caisleán Bhaile Átha Cliath.

Nollaig 2008

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil