Aisíocaíochtaí CBL trasteorann san AE
An seasamh ginerálta, de réir téarmaí an 8ú nó an 13ú Treoir ón AE maidir le CBL, ná gur féidir le duine cláraithe le haghaidh CBL atá i mbun gnó lasmuigh den Stát, agus nach bhfuil i mbun gnó laistigh den Stát, aisíocaíocht ar CBL na hÉireann a éileamh ar fhormhór na gceannaigh gnó a dhéanann sé nó sí sa Stát. Faoi láthair, is iad seo a leanas na príomh-choinníollacha a rialaíonn aisíocaíocht:
- Sa chás go mbíonn an t-éilitheoir i mbun gnó lasmuigh den Aontas Eorpach, ní mór dó/di cruthúnas ar ghníomhaíocht eacnamaíoch a chur ar fáil i scríbhinn arna eisiúint ag an údarás inniúil ina Stát féin;
- Ní mór do na hearraí/seirbhísí is cúis leis an éileamh bheith ina n-earraí/seirbhísí i leith go mbainfí cáin dá mba rud é go rachadh an t-éilitheoir i mbun gnó in Éirinn, agus ní chóir earraí atá le soláthar laistigh den Stát nó mótarfheithiclí le fruiliú nó le húsáid laistigh den Stát a chur san áireamh.
- Ní mór don ghnó ar ceannaíodh na hearraí/seirbhísí ar a shon a bheith ina ghnó incháinithe dá mba rud é gurbh in Éirinn a bhí sé bunaithe;
- Suas go dtí 31/12/2009, rinneadh iarratas ar aisíocaíocht ó thrádálaithe cláraithe le haghaidh CBL bunaithe lasmuigh d’Éirinn ach laistigh den AE (de réir 8ú Treoir an AE maidir le CBL) ar Fhoirm CBL 60CE. Cuireadh nós imeachta aisíocaíochta leictreonaice CBL nua, a tháinig in éifeacht an 1 Eanáir 2010, in áit an nós imeachta iarratais seo (féach thíos);
- Is féidir iarratais ar aisíocaíocht ó thrádálaithe cláraithe le haghaidh CBL atá bunaithe
lasmuigh den AE (de réir 13ú Treoir an AE maidir le CBL) a dhéanamh ar
Fhoirm CBL 60OEC (PDF, 71KB) - Iarratas ar Aisíocaíocht Cháin Bhreisluacha (CBL) ó
dhuine inchánach nach bhfuil bunaithe in Éirinn (13ú Treoir).
Athraíodh an córas i gcomhair Trádálaithe cláraithe san AE le héifeacht ón dáta 01/01/2010 ar aghaidh
Tháinig reachtaíocht shuntasach ón AE in éifeacht ón 1 Eanáir 2010. Tugadh isteach nós imeachta aisíocaíochta leictreonaice CBL nua ar fud an AE le haghaidh gach éilimh a dhéanann trádálaithe atá bunaithe laistigh den AE. Ní ghlacfaidh Údaráis Ioncaim agus Chánach de chuid Bhallstát eile an AE le hiarratais pháipéir i ndiaidh 1ú Eanáir 2010. Tá an nós imeachta leasaithe mar seo a leanas:
Má tá do ghnó bunaithe in Éirinn:
- Ceanglófar ort iarratas leictreonach ar aisíocaíocht CBL tabhaithe i Stát eile den AE a chur isteach. Is gá an t-iarratas leictreonach ar aisíocaíocht CBL (nó EVR) seo a dhéanamh go díreach leis na Coimisinéirí Ioncaim trí ROS, Seirbhís na gCoimisinéirí Ioncaim ar líne, faoi réir an cheannteidil chánach nua "EVR" (ar fáil ón 01/01/2010). Cláraigh le haghaidh ROS
- Seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim d'éileamh ar aghaidh, go leictreonach, go dtí an Ballstát iomchuí le haghaidh próiseála.
- Níl gá a thuilleadh le Teastais Stádais Inchánaigh
- Beidh trádálaithe cláraithe le haghaidh CBL na hÉireann (agus/nó a gcuid gníomhairí) atá cláraithe freisin le ROS cheana féin, in ann dá dhroim sin iarratas ar EVR a chur isteach ón 1 Eanáir 2010.
Má tá do ghnó bunaithe i mBallstát eile den AE.,
- Ón dáta 01/01/2010 ar aghaidh, ní ghlacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le hiarratais pháipéir ar aisíocaíocht CBL.
- Caithfidh tú iarratas leictreonach ar aisíocaíocht CBL a chur isteach chuig Údarás Cánach an Bhallstáit sin seachas go díreach chuig na Coimisinéirí Ioncaim mar a dhéantar faoi láthair.
Ceisteanna coitianta ginearálta
- Cén fáth a bhfuil na nósanna imeachta nua seo á chur i bhfeidhm?
- Cad é cuspóir na Treorach nua?
- An gá dom a bheith cláraithe le haghaidh CBL chun aisíocaíocht a athéileamh?
- Cén teorainn ama a chuirtear le hiarratas a chur isteach?
- Le haghaidh cén tréimhse a cheadaítear éilimh?
- Cá mhéad iarratais is féidir liom a chur isteach?
- Cé chomh fada a mhaireann próiseáil na n-iarratas?
- An gá dom Teastas Stádais Inchánaigh a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim fós?
- Cén t-eolas a theastaíonn chun iarratas ar líne a dhéanamh?
- An mbeidh doiciméid choimhdeacha ag teastáil?
- Cad is sonrasc simplithe ann?
- Cad é an t-íosmhéid is féidir liom a éileamh?
- Cén uimhir a úsáidim má tá níos mó ná uimhir amháin CBL agam?
- Cén uimhir a úsáidim más clárú grúpa atá i gceist?
- Cad iad na costais is féidir liom a éileamh?
- Nuashronú
Cén fáth a bhfuil na nósanna imeachta nua seo á chur i bhfeidhm?
Tá gá leis na nósanna imeachta nua de réir Treorach 2008/9/CE an AE, a tháinig i bhfeidhm an 01/01/2010
Cad é cuspóir na Treorach nua?
Shimpligh an Treoir nua an nós imeachta aisghabhála trí cead a thabhairt do thrádálaithe iarratais ar aisíocaíocht leictreonaice CBL a chur isteach chuig a gcuid údaráis chánacha féin le haghaidh CBL tabhaithe i mBallstát eile den AE. Chuir an Treoir deireadh leis an riachtanas na foirmeacha iarratais agus Teastais Stádais Inchánaigh a bhí ann cheana a úsáid, le héifeacht ón 01/01/2010.
An gá dom a bheith cláraithe le haghaidh CBL chun aisíocaíocht a athéileamh?
Is gá. Ní mór duit a bheith cláraithe le haghaidh CBL do thréimhse iomlán na haisíocaíochta atá á éileamh.
Cén teorainn ama a chuirtear le hiarratas a chur isteach?
Ón 1 Eanáir 2010 ar aghaidh, ní mór iarratais a chur isteach roimh an 30 Meán Fómhair sa bhliain féilire a thagann díreach i ndiaidh na bliana féilire a tabhaíodh an caiteachas, m.sh. ní mór iarratais don bhliain 2009 a chur isteach roimh an 30 Meán Fómhair 2010. Tá an spriocdháta don bhlian 2009 [2009 amháin] sintí go dtí 31 Márta 2011 .
Le haghaidh cén tréimhse a cheadaítear éilimh?
Tá an tréimhse éilithe bunaithe ar bhliain féilire amháin (m.sh. 01/01/2010 go 31/12/2010). Ní féidir le haon iarratas a bheith bainteach le níos mó ná bliain féilire amháin nó le níos lú ná trí mhí féilire as a chéile (ach amháin má fhreagraíonn an tréimhse do chuid den bhliain féilire atá fágtha, m.sh. Samhain & Nollaig). Níor chóir d'aon dhá thréimhse éilithe dul thar a chéile.
Is féidir leat suas go dtí 5 éileamh a chur isteach, ag cur éilimh bliana féilire san áireamh. Is féidir leis an éileamh bliana féilire seo an tréimhse iomlán 12 mhí a chlúdach agus is féidir é a úsáid freisin chun caiteachas a fágadh ar lár ó éilimh a cuireadh isteach roimhe sin a chur san áireamh.
Bíonn riachtanais éagsúla ag Ballstáit agus, dá bhrí sin, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an mBallstát cuí chun tú féin a chur ar an eolas.
Sampla 1 -
Éilimh arna gcur isteach do na tréimhsí seo a leanas:
01/01-31/03 (Eanáir go Márta)
01/04-31/06 (Aibreán go Meitheamh)
01/07-30/09 (Iúil go Meán Fómhair)
01/10-31/12 (Samhain go Nollaig)
01/01-31/12 (Eanáir go Nollaig)
Sa chás seo is é 5 éileamh uasmhéid na n-éileamh a cheadaítear.
Sampla 2 -
Éilimh arna gcur isteach do na tréimhsí seo a leanas:
01/02-31/12 (Feabhra go Nollaig)
01/01 -31/12 (Eanáir go Nollaig)
Sa chás seo is é 2 éileamh uasmhéid na n-éileamh a cheadaítear.
Cá mhéad éilimh is féidir liom a chur isteach?
Is féidir le hiarratasóirí suas go dtí 5 éileamh le haghaidh gach Ballstáit a chur isteach in aon bhliain féilire ar leith. Ní cheadóidh roinnt Ballstát níos mó ná 4 éileamh, áfach.
Cé chomh fada a mhaireann próiseáil na n-iarratas?
Déanfaidh an Stát Aisíocaíochta cinneadh laistigh de thréimhse 4 mhí cibé an gceadaíonn nó an ndiúltaíonn sé d’iarratas ar aisíocaíocht. Más gá don Stát Aisíocaíochta tuilleadh eolais a iarraidh i leith an iarratais, áfach, síneofar an teorainn ama go dtí 8 mhí ar a mhéid.
An gá dom Teastas Stádais Inchánaigh a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim fós?
Ní gá. Ó 1 Eanáir 2010, ní bheidh gá a thuilleadh le Teastais Stádais Inchánaigh.
Cén t-eolas a theastaíonn chun iarratas ar líne a dhéanamh?
Beidh dearbhú ar líne i gceangal le d'iarratas agus iarrfar an t-eolas seo a leanas chomh maith:
- D'ainm agus do sheoladh iomlán.
- Do sheoladh ríomhphoist.
- Cur síos ar an ghníomhaíocht gnó lena mbaineann na hearraí agus na seirbhísí atá faighte agat
- An tréimhse aisíocaíochta atá clúdaithe ag an iarratas
- Sonraí chuntas bainc; cóid BIC agus IBAN san áireamh.
- Sonraí faoi gach sonrasc agus doiciméad allmhairithe, arna áireamh:
- Ainm agus seoladh iomlán an soláthraí
- Uimhir aitheantais CBL nó uimhir thagartha cánach an soláthraí
- Réimír an Bhallstáit Aisíocaíochta (m.sh. Éire = IE)
- Dáta agus uimhir an sonraisc nó an doiciméid allmhairithe
- Méid incháinithe agus méid na CBL curtha in iúl in airgeadra an Bhallstáit Aisíocaíochta
- An méid CBL inasbhainte ríofa curtha in iúl in airgeadra an Bhallstáit Aisíocaíochta
- Nádúr na hearraí agus na seirbhísí a fuarthas
An mbeidh doiciméid choimhdeacha ag teastáil?
Beidh, i gcásanna áirithe d'fhéadfadh an Ballstát Aisíocaíochta doiciméid bhreise a iarraidh. D’fhéadfadh roinnt Ballstát a éileamh go gcuirfí sonraisc nó doiciméid allmharaithe i gceangal leis an iarratas a chuirtear isteach.
Cad is sonrasc simplithe ann?
Ceadófar socruithe simplithe le haghaidh eisiúna sonrasc nuair is deacair riachtanais ghinearálta sonraiscthe a chomhlíonadh de bharr chleachtais thráchtála, theicniúil nó riaracháin in earnáil ghnó áirithe, nó má tá méid an sonraisc suarach.
Caithfear na sonraí seo a leanas a lua ar cháipéisí bainteacha:
- an dáta eisiúna
- aitheantas an soláthraí, agus uimhir CBL an soláthraí san áireamh
- aitheantas na n-earraí nó seirbhísí a soláthraíodh, agus
- an cháin dhlite nó a t-eolas atá riachtanach chun an cháin atá dlite a ríomh
Ba chóir iarratais le haghaidh faofa socruithe simplithe a chur isteach chuig an údarás cánach inniúil i do Bhallstát féin.
Cad é an t-íosmhéid is féidir liom a éileamh?
Ní mór don mhéid iomlán CBL a éilítear bheith níos mó ná:
- €400 má chuirtear isteach an t-éileamh do thréimhse idir 3 mhí agus bliain féilire amháin
- €50 má chuirtear isteach an t-éileamh do thréimhse bliana féilire (12 mhí) nó don chuid atá fágtha de bhliain féilire i.e. Samhain & Nollaig.
Cén uimhir a úsáidim má tá níos mó ná uimhir amháin CBL agam?
Má tá níos mó ná uimhir chláraithe CBL amháin ag do ghnó, ba chóir duit an uimhir chláraithe CBL is oiriúnaí don chaiteachas a úsáid.
Cén uimhir a úsáidim más clárú grúpa atá i gceist?
Más páirt thú do ghrúpa cláraithe, ní mór an t-iarratas a chur isteach faoi réir na huimhreach íocóra ghrúpa. Mura bhfuil uimhir íocora ghrúpa ann, is féidir le gach ball den ghrúpa iarratas aonair a chur isteach.
Cad iad na costais is féidir liom a éileamh?
Aicmeofar caiteachas de réir chóid agus fo-chóid. Beidh liosta cuimsitheach de na cóid seo ar fáil le linn chomhlánaithe an iarratais.
Nuashronú
Féach thíos, le do thoil, an nuashonrú is déanaí maidir le feidhmiú an nós imeachta nua leictreonach a aisíoc CBL.
EVR nuashonrú 2011
Eolas breise
Beidh eolas breise ar nós imeachta aisíocaíochta nua an AE maidir le CBL ar fáil ar an suíomh Gréasáin seo ar bhonn leanúnach. Ba chóir aon fhiosrúchán eile a dhíriú chuig: Unregvat@revenue.ie.
Faisnéis nuashonraithe: Meitheamh 2011
