Ceisteanna Coitianta faoi Athéilimh CBL
Athéilimh CBL d'Fheithiclí Gnó
Braitheann sé ar cheithre rud cé acu is féidir nó nach féidir le trádálaí an CBL ar cheannach feithicle a athéileamh:
- An bhfuil an trádálaithe cláraithe le haghaidh CBL agus an bhfuil sé/sí i dteideal CBL a athéileamh go ginearálta?
- An úsáidfear an fheithicil chun críocha an ghnó?
- An mbaineann an fheithicil le catagóir a cheadaíonn aisíocaíocht?
- Ar gearradh CBL ar dhíol na feithicle?
Má thugtar freagra diúltach ar cheist (1) nó (2), ní bheidh teidlíocht CBL a athéileamh ar fheithicil ar bith. Má thugtar freagra dearfach ar an dá cheist seo, beidh gá mar sin le ceisteanna (3) agus (4) a bhreithniú. Dírítear ar na saincheisteanna a bhaineann leis na cúinsí seo thíos:
Catagóirí feithiclí a cheadaíonn aisíocaíocht CBL
Chun críocha praiticiúla, rinneadh iarracht sna Ceisteanna Coitianta seo an reachtaíocht maidir le CBL a chomhoiriúnú leis na catagóirí clárúchán CCF. Roinntear mótarfheithiclí de réir chatagóirí éagsúla chun críocha CCF. D'fhéadfadh feithiclí a bheith faoi dhliteanas rátaí éagsúla CCF agus nósanna imeachta éagsúla clárúcháin ag brath ar an gcatagóir. Go ginearálta, baineann feithiclí a úsáidtear chun críocha tráchtála le Catagóirí B agus C, agus beidh siad faoi dhliteanas CCF ag rátaí níos ísle ná feithiclí a bhaineann le Catagóir A. Tá sonraí breise faoi Catagóirí CCF ar fáil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.
Go ginearálta bíonn feithiclí a bhaineann le Catagóirí CCF B & C, m.sh. veaineanna, leoraithe, truiclíní agus criúchábáin má ghairtear go minic ‘feithiclí tráchtála' chun críocha CBL, in-asbhainteach ó thaobh CBL de. Níl busanna nó mionbhusanna, áfach, atá oiriúnach chun idir 12 agus 16 dhuine (an tiománaí san áireamh) a iompar in-asbhainteach ó thaobh CBL go ginearálta, cé go mbaineann siad le Catagóir C. (Cibé ar bith é, ní bhíonn busanna nó mionbhusanna in-asbhainteach ó thaobh CBL de ghnáth, ós rud é go n-úsáidtear iad de ghnáth chun paisinéirí a iompar; gníomhaíocht atá díolmhaithe ó cháin). (Mar sin féin, bheadh cuideachta a cheannaigh bus, mar shampla, atá oiriúnach do 16 dhuine nó níos mó, chun a fhoireann féin a iompar idir ionaid oibre, i dteideal cuid den CBL nó an t-iomlán a fháil ar ais.)
Suas go dtí deireadh 2008, níorbh fhéidir le trádálaithe aon CBL a fháil ar ais ar fheithiclí tráchtála nó ar fheithiclí a bhain le Catagóir A [arna áireamh carranna (salúin, caranna fada, carranna cúlthaiste, carranna inathraithe, coupéanna, MPVanna, Jípeanna, srl.)], fiú amháin más ‘carranna cuideachta’ a bhí iontu nó go n-úsáideadh iad ar dhóigh eile chun críocha gnó. Agus ní raibh aon teidlíocht ann chun CBL a athéileamh ar ghluaisrothair, mótar-scútairí nó ar aon fheithiclí cosúla ach oiread. Is iad na trádálaithe seo a leanas amháin a bhí i dteideal CBL a athéileamh ar cheannach aon cheann de na feithiclí seo: déileálaithe mótarfheithiclí a cheannaigh iad mar stoc trádála; scoileanna foghlama tiomána a cheannaigh iad chun críocha teagaisc; cuideachtaí fruilithe carranna a cheannaigh iad chun críocha fruilithe; agus cuideachtaí seirbhísí airgeadais a dhíolann feithiclí tríd socruithe fruilcheannaigh, nó feithiclí a ligean ar cíos.
Athraíodh an seasamh seo le héifeacht ón 1 Eanáir 2009, áfach. Le héifeacht ón dáta sin, tá aon trádálaithe cláraithe le haghaidh CBL, seachas iad siúd thuasluaite, i dteideal cuid den CBL inmhuirearaithe ar cheannach nó fruiliú feithiclí a bhaineann le Catagóir CCF A a fháil ar ais, faoi réir choinníollacha áirithe, lena n-áirítear:
- Go mbaineann an foráil seo le feithiclí cláraithe ón 1 Eanáir 2009 amháin;
- Is féidir uasmhéid 20% den CBL tabhaithe a athéileamh. Sa chás ina bhfuil muirir fruilithe nó léasaithe i gceist, is féidir uasmhéid 20% den CBL ar na muirir léasaithe míosúil a athéileamh.
- Is féidir CBL a athéileamh ar fheithiclí a bhfuil leibhéal astaíochta CO2 níos lú ná 156g/km acu (.i. bandaí astaíochta CO2 A, B agus C).;
- Ní mór do 60% d'úsáid na feithicle a bheith chun críocha gnó;
- Má tá an gnó díolmhaithe ó CBL (m.sh. tacsaí, limisín agus córais iompair phaisinéirí eile) ní féidir CBL ar bith a athéileamh. Is féidir le gnóthaí atá díolmhaithe go páirteach ó CBL cuid, nach é an t-iomlán, den 20% a athéileamh.
- Má dhéantar CBL a athéileamh ar fheithicil a ceannaíodh faoi réir na forála seo, ní mór cuid den CBL nó an CBL ar fad a aisíoc chuig na Coimisinéirí Ioncaim má dhéantar an fheithicil (trí dhíol nó ar aon bhealach eile) a dhiúscairt faoi cheann dhá bhliain.
- Níl aon ghá ann CBL a ghearradh ar dhiúscairt na feithicle, fiú amháin má athéilítear CBL faoi réir na forála seo;
- Má dhíoltar nó má thrádáiltear isteach an fheithicil le déileálaí mótarfheithiclí, cuirfear an scéim speisialta maidir le feithiclí athláimhe i bhfeidhm, agus is féidir leis an déileálaí aon CBL iarmharach a athéileamh.
Is féidir teacht ar na sonraí ar fad a bhaineann le haisghabháil na CBL seo, agus samplaí san áireamh, sa bhileog eolais Asbhaint CBL le haghaidh Carranna Gnó Áirithe.
D'fhéadfadh feithiclí a bhaineann le Catagóir D den CCF, agus feithiclí eile nach mbaineann le Catagóirí A, B, ná C, a bheith inasbhainte, ag brath ar na ceannaitheoirí a bheith cláraithe i gcomhair CBL agus ar na cineálacha úsáide a bhaintear as na feithiclí.
Ar gearradh CBL ar dhíol na feithicle?
Go ginearálta gearrtar CBL, agus dá bhrí sin is féidir í a athéileamh, ar gach fheithicil ghnó a dhíolann déileálaí mótarfheithiclí do thrádálaithe cláraithe le haghaidh CBL. Ní mór don déileálaí sonrasc CBL a eisiúint agus don trádálaí an sonrasc sin a choinneáil. Más rud é gur ceannaíodh an fheithicil ó dhuine príobháideach, nó ó thrádálaí nach bhfuil cláraithe le haghaidh CBL, dá dhroim sin ní bheidh siad in ann sonrasc CBL a eisiúint, agus ní féidir CBL ar bith a athéileamh. Más feithicil athláimhe a ceannaíodh ó dhéileálaí a oibríonn faoi réir na scéime speisialta d’fheithiclí athláimhe a bhí i gceist, ní bheidh teidlíocht ann CBL a athéileamh, cé go n-eiseofar sonrasc don díol. Cuirfear formhuiniú le sonrasc den chineál sin arna sonrú nach féidir aon CBL a athéileamh air.
Athéileamh CBL réamhchláraithe
Cé nach mbíonn foráil ann go ginearálta le haghaidh siardhátaithe clárúcháin CBL, is féidir leat creidmheas a éileamh don mhéid CBL atá le gearradh ar stoc le hathdhíol má tá an stoc sin i do shealbh agat ag tús na tréimhse cánach démhíosúil ar ar chláraigh tú dó a chéaduair. Is é sin le rá, má chláraíonn tú le haghaidh CBL ar an 10 Feabhra, is féidir leat creidmheas a éileamh ar stoc atá i do shealbh nó a cheannaigh tú ón chéad lá den mhí roimhe sin; ós rud é gur aon tréimhse amháin chánach an tréimhse Eanáir-Feabhra. Níl tú i dteideal creidmheasa CBL, áfach, ar earraí caipitil .i. gléasra & innealra, foirgnimh, feithiclí, daingneáin, feistis, srl., atá i do shealbh ag am an chláraithe.
Athéileamh CBL ar Ghníomhaíochtaí Díolmhaithe
Go ginearálta, ríomhtar aisíocaíochtaí CBL de réir 'leithdháilte dhírigh'
Is é sin le rá, is féidir an CBL a thabhtar ar cheannach earraí (nó seirbhísí)
a úsáidtear go díreach i leith ghníomhaíochta inchánaithe a athéileamh; Ní
féidir CBL tabhaithe ar cheannach earraí (nó seirbhísí) a úsáidtear go díreach
i leith ghníomhaíochta dhíolmhaithe a athéileamh. Is féidir céatadán den CBL
tabhaithe ar ‘fhorchostais’ (m.sh. solas, teas, cíos, srl.) a úsáidtear i leith
ghníomhaíochtaí inchánaithe agus díolmhaithe araon a athéileamh ar chóimheas
láimhdeachais inchánaithe/dhíolmhaithe. Ní mór teacht ar réiteach le do Cheantar
Ioncaim áitiúil faoin gcóimheas seo. Tá
treoir
maidir leis na rialacha chun CBL a chionroinnt (PDF, 491KB) idir
ghníomhaíochtaí inchánaithe agus díolmhaithe ar fáil ar shuíomh Gréasáin na
gCoimisinéirí Ioncaim.
Athéilimh CBL feirmeoirí ráta-cothrom
Féadfaidh feirmeoirí nach bhfuil cláraithe i gcomhair CBL éileamh a dhéanamh
ar an CBL a d'íoc siad i ndáil le tógáil, síneadh, athrú nó atógáil foirgneamh
agus struchtúr feirme nó i ndáil le siltean talún agus míntíriú talún. Ba chóir
éilimh ar aisíocaíochtaí den sórt sin a dhéanamh ar
Fhoirm
CBL 58 (PDF, 170KB) - Éileamh ó Fheirmeoir Neamhchláraithe ar
Aisíocaíocht Cháin Bhreisluacha, agus an fhoirm a sheoladh ar aghaidh chuig:
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim,
Aisíocaíochtaí CBL do dhaoine Neamhchláraithe,
An 3ú hÚrláir, Teach na hAbhann,
Duga Ché Charlotte, Luimneach.
(Íosghlao 1890 252449 nó 00353 61 212799, Facsáil 00353 61 402125, rphost: unregvat@revenue.ie)
