Clárú i gcomhair CBL - Ceisteanna Coitianta

Conas a chláraím do CBL?

Chun clárú do CBL, caithfidh tú pdfFoirm TR1 a chomhlánú (PDF, 77KB)(más duine aonair, comhpháirtíocht nó comhlacht neamhchorpraithe atá ann) nó pdfFoirm TR2 (PDF, 75KB) más cuideachta atá i gceist. Ba chóir an fhoirm a sheoladh ar aghaidh chuig Dúiche Áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim.

Tóg cúram speisialta nuair atá an fhoirm á chomhlánú, agus bíodh ainm, seoladh, Uimhir PSP, cineál gnó agus cineálacha cánach ábhartha tugtha agat. Caithfear an fhoirm a shíniú agus a dhátú freisin. Bí cinnte uimhir theagmhála a chur san áireamh leis an bhfoirm nuair atá sí á sheoladh ar aghaidh. Dá réir sin, beidh an oifig ábalta teagmháil a dhéanamh leat faoi cheisteanna ar bith faoi fhaisnéis ar an bhfoirm.

Ar Ais go Barr

Cén daoine a bhfuil dualgas orthu clárú do CBL?

Go ginearálta, bíonn dualgas ar thrádálaí clárú do CBL chun soláthar earraí agus/nó seirbhísí a dhéanamh, má sháraíonn a láimhdeachas tairseacha áirithe. Is iad na tairseacha is coitianta ná €37,500 do sholáthar seirbhísí, agus €75,000 do sholáthar earraí. Bíonn trádálaithe áirithe nach mbíonn dualgas orthu go ginearálta clárú do CBL, cé gur féidir leo roghnú é seo a dhéanamh. Bíonn trádálaithe nach sáraíonn na tairseacha thuas san áireamh, agus bíonn feirmeoirí i gceist freisin. Níl cead ag trádálaithe atá bainteach le gníomhaíochtaí díolmhaithe CBL a ghearradh. Mar sin féin, cosúil le feirmeoirí, Ranna Rialtais agus comhlachtaí eile, is féidir í a ghearradh chun CBL a áireamh do sheirbhísí agus earraí a fuarthas lasmuigh d’Éirinn.

Ar Ais go Barr

Cad í an tairseach láimhdeachais do chlárú CBL?

Is iad na príomhthairseacha infheidhmithe ná na cinn seo a leanas:

  • (a) €37,500 do dhaoine ag soláthar seirbhísí,
  • (b) €37,500 do dhaoine ag soláthar seirbhísí atá dlite ag rátaí laghdaithe nó caighdeánach atá déanta nó táirgthe le hamhábhair le rátáil nialasach ,
  • (c) €37,500 do dhaoine i mbun postdíola nó ciandíola isteach sa Stát,
  • (d) €41,000 do dhaoine ag déanamh fáltais laistigh den Chomhphobal,
  • (e) €75,000 do dhaoine ag soláthar earraí,
  • (f) €75,000 do dhaoine ag soláthar earraí agus seirbhísí nuair atá 90% nó níos mó den láimhdeachas díorthaithe ó sholáthar earraí (lasmuigh de chineál a thagraítear dóibh ag (b) thuas) agus
  • (g) Tá dualgas ar dhuine neamhbhunaithe a sholáthraíonn earraí nó seirbhísí inchánacha sa Stát clárú do CBL agus í a áireamh is cuma cén leibhéal láimhdeachais.

Níl dualgas ar dhuine inchánach bunaithe sa Stát clárú do CBL mura sroicheann a láimhdeachas an tairseach chuí atá thuasluaite. Mar sin féin, d’fhéadfadh siad rogha a dhéanamh clárú do CBL.

Ar Ais go Barr

Is feirmeoir ar ráta comhréidh atá ionam agus táim chun comhbhuainteoir a cheannach san Ríocht Aontaithe. An bhfuil dualgas orm clárú do CBL?

Má sháraíonn costas an mheaisín €41,000, tá dualgas ort clárú do cbl in Éirinn i ndáil le d’fháltais AE amháin. Mar sin féin, is féidir leat do stádas ar ráta comhréidh a choinneáil i ndáil le do ghnáthghníomhaíochtaí feirmeoireachta. Caithfidh tú cbl a íoc ar chostas an mheaisín ag an ráta caighdeánach agus níl tú i dteideal asbhaint a thógáil.

Ar Ais go Barr

Táim bunaithe in Éirinn agus soláthraím seirbhísí do chustaiméirí thar lear go hiomlán atá incháinithe san áit a fuarthas iad. An bhfuil dualgas orm clárú do CBL?

Ó 1/01/2010 tá an cuid is mó de seirbhísí incháinithe san áit a fuarthas iad.
(Rialacha nua CBL laistigh den Chomhphobal ar Áit a Chur ar Fáil Seirbhísí). Má soláthraíonn tú seirbhísí atá incháinithe san áit a fuarthas iad amháin, níl dualgas ort clárú do CBL. I bhfírinne, níl trádálaithe atá bunaithe sa Stát nach ndéanann soláthairtí inchánacha ar bith sa Stát , ach a sholáthraíonn seirbhísí atá incháinithe san áit a fuarthas iad lasmuigh den Stát amháin, i dteideal clárú do CBL. Mar sin féin, bheadh dualgas ar na trádálaithe sin CBL ar bith atá tabhaithe in Éirinn a aisghabháil trí éileamh aisíocaíochta Treoir ón gComhairle 2008/9/EC nó Treorach 13.
(Aisíocaíochtaí do Dhaoine Neamhchláraithe)

Chun na trádálaithe sin a éascú le CBL a aisghabháil, ceadaíonn na Coimisinéirí Ioncaim dóibh iarratas a dhéanamh clárú do CBL sa Stát. Ba chóir do na trádálaithe CBL ar bith atá tabhaithe in Éirinn a athéileamh ina dtuairisceán tréimhsiúil CBL, seachas trí Bhrainse na n-Aisíocaíochtaí Neamhchláraithe CBL.

Ba chóir do thrádálaithe atá cláraithe cheana féin i ndáil le soláthar seirbhísí sa Stát an CBL ar fad atá tabhaithe i ndáil le seirbhísí a sholáthraítear thar lear atá incháinithe san áit a fuarthas iad a aisghabháil ina dtuairisceán CBL rialta.

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil