Soláthar Earraí & Seirbhísí - Ceisteanna Coitianta
- Déanaim deisiúcháin agus soláthraím páirteanna chun deisiúcháin a chur i gcrích. An féidir leat an Riail an Dá Thrian a mhíniú?
- Cad iad seirbhísí sa Cheathrú Sceideal?
Soláthar Earraí (PDF, 67KB), Caibidil 3 na Treorach CBL 2008
Soláthar Seirbhísí (PDF, 81KB), Caibidil 4 na Treorach CBL 2008
Déanaim deisiúcháin agus soláthraím páirteanna chun deisiúcháin a chur i gcrích. An féidir leat an Riail an Dá Thrian a mhíniú?
Má tá deisiúcháin á chur i gcrích agat, beidh sé riachtanach páirteanna áirithe a sholáthar go minic chomh maith le saothar. Go ginearálta, breathnaítear ar pháirteanna mar sin mar chuid den tseirbhís deisiúcháin, agus ní bhíonn gá le luach na n-earraí nó an ráta CBL a áireamh ar leithligh. Mar sin féin, má sháraíonn luach (den chostas ortsa ag eisiamh CBL) na bpáirteanna atá úsáidte chun deisiúchán a chur i gcrích dhá thrian den táille iomlán (CBL-eisiatach) don chustaiméar, bainfidh an ráta CBL a bhaineann leis na páirteanna (caighdeánach go hiondúil) leis an gconradh iomlán.
Mar shampla, má tá meaisín níocháin a dheisiú le druma nua ag teastáil, agus an costas CBL-eisiatach duit ná €201. Má ghearrtar méid iomlán CBL-eisiatach €300 ar an gcustaiméir, tá costas an druma níos mó ná dhá thrian den táille iomlán, agus beidh méid iomlán do bhille dlite do CBL ag an ráta céanna le soláthar an druma; an ráta caighdeánach.
Sna cúinsí céanna, má tá costas CBL-eisiatach an druma níos lú ná €200, tá costas an druma níos lú ná dhá thrian den táille iomlán CBL-eisiatach €300 don chustaiméar, agus tá an bille iomlán dlite ag ráta a bhaineann leis an deisiúchán; .i. an ráta laighdaithe.
Cad iad seirbhísí sa Cheathrú Sceideal
Tugtar seirbhísí sa cheathrú sceideal orthu mar tá siad liostaithe sa Cheathrú Sceideal den Acht Cánach Breisluacha 1972 (arna leasú). Cuimsítear seirbhísí a bhfuil CBL dlite orthu sa tír ina bhfuil an custaiméir bunaithe (chomh fada agus go mbíonn siad soláthraithe thar theorainneacha idirnáisiúnta do ghnó an chustaiméara).
Is í an riail ghinearálta do sheirbhísí ná go mbíonn siad inchánach san áit ina bhfuil an soláthraí bunaithe, nó san áit ina ndéantar an obair a chur i gcrích. Mar shampla, gearrfaidh garáiste in Éirinn CBL na hÉireann ar obair dheisiúcháin a dhéantar do chuideachta tarlaithe ón Ríocht Aontaithe.
Nuair a bhíonn seirbhísí sa Cheathrú Sceideal soláthraithe do chustaiméar CBL-cláraithe atá bunaithe i mBallstát eile an A.E., caithfidh an custaiméir CBL a áireamh don soláthar. Mar shampla, eiseoidh sainchomhairleoir in Éirinn a sholáthraíonn seirbhísí do chuideachta sa Ríocht Aontaithe sonrasc ag náid faoin gcéad, agus áireoidh an custaiméir sa Ríocht Aontaithe don CBL sin. Ba chóir uimhir CBL an chustaiméara sa Ríocht Aontaithe a chur san áireamh ar an sonrasc.
Go ginearálta, bíonn seirbhísí sa cheathrú sceideal intleachtúil nó doláimhsithe .i. seirbhísí comhairliúcháin, baincéireachta, airgeadais agus árachais. Bíonn CBL dlite ar sheirbhísí sa Cheathrú Sceideal atá bainteach go díreach le maoin san áit ina bhfuil an mhaoin lonnaithe, gan aird ar an áit ina bhfuil an soláthraí nó an custaiméir lonnaithe.
Tuilleadh faisnéise ar fáil sa Bhileog Eolais ar Sheirbhísí sa Cheathrú Sceideal ar láithreáin gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.
