Athruithe ar Cháin Cláraithe Feithiclí (CCF) san Acht Airgeadais 2008
Ón 1 Iúil 2008, níl CCF bunaithe ar mhéid an innill níos mó ach ar astuithe CO2 an chairr. Is athrú bunúsach é seo ar an mbealach a ghearrtar CCF agus tá tionchar aige ar an méid CCF a ghearrtar ar gach carr nua ar díol sa Stát agus ar charranna athláimhe a dhéantar a iompórtáil ó thar lear. Ciallaíonn an nasc idir rátaí CCF agus leibhéal astuithe CO2 go bhfuil níos lú CCF á íoc ag daoine aonair a cheannaíonn carranna níos glaine agus le hastuithe níos lú - tá CCF níos mó á íoc ag daoine a roghnaíonn feithiclí le hastuithe níos airde a cheannach.
Is féidir rochtain a fháil ar na doiciméid a leanas agus ar naisc chuig láithreáin eile:
Naisc úsáideacha
Sonraí na Roinne Airgeadais
Sonraí na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil
- Rátaí Mótarchánach Bliantúla bunaithe ar astuithe CO2 - le héifeacht ó 1 Eanair 2009

- Rátaí Mótarchánach Bliantúla bunaithe ar mhéid an innill - le héifeacht ó 1 Eanair 2009

Liosta de láithreáin gréasáin a úsáideann na Coimisinéirí Ioncaim ina gcuid doiciméad.
- Driver and Vehicle Licensing Agency UK (DVLA)

- Vehicle Certification Agency (VCA)

- Údarás Fuinneamh Inmharthana na hÉireann

- Córas Ar Líne ROS na gCoimisinéirí Ioncaim - Córas Fiosrúcháin CCF
Bá chóir a thabhairt faoi deara nach mbeidh tionchar ar bith ag na hathruithe sa CCF ar fheithiclí paisinéara (catagóir A) atá cláraithe sa Stát cheana féin - mar is cáin aonuaire í CCF a ghearrtar ar chlárú feithicle.
Tá athrú á dhéanamh ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil freisin ar an mbealach a ghearrtar Mótarcháin bhliantúil. Tá teacht ar an láithreán gréasáin atá acu ag www.environ.ie![]()
