Aistriú Cónaithe
Réamhrá
Tugann an bhileog eolais seo cur síos ar na tosca ina bhféadfadh duine ag teacht ón iasacht chun cur faoi in Éirinn faoiseamh cánach a fháil i leith mótarfheithicle tugtha ón iasacht mar a m(h)aoin phearsanta. Ciallaíonn cáin Cáin Cláraithe Feithicle (CCF). Clúdaíonn sé freisin táillí allmhairíochta (i.e. Dleacht Chustaim agus CBL) i gcás aistrithe ó lasmuigh den Aontas Eorpach.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Na hOileáin Chanáracha agus Oileáin Mhuir nIocht araon lasmuigh den Aontas Eorpach chun críche CBL. Tá CBL dlite ar mhótarfheithiclí allmhairithe ó na críocha seo. Chun go mbeifeá i dteideal faoiseamh ó CBL ní mór go raibh do chónaí riaIta agat lasmuigh den AE ar feadh tréimhse leanúnaí 12 mhí ar a laghad roimh an aistriú. Caitear le faoiseamh CBL agus le faoiseamh CCF ina gceann agus ina gceann i gcás allmhairí neamh-AE. Le liosta iomlán de chríocha AE atá eisiata ón AE chun críche CBL féach Aguisín 1 den bhileog seo.
Chun a bheith i dteideal faoiseamh ní mór go sásófaí riachtanais áirithe maidir le:
- cónaí, anseo agus san iasacht araon, agus
- an mhótarfheithicil a bhfuil an faoiseamh á héileamh ina leith.
Cad iad na Riachtanais Chónaithe?
Chun críche CCF ní mór go raibh do chónaí rialta, mar a mhínítear thíos, agat lasmuigh den Stát ag am an aistrithe. I gcás aistrithe ó lasmuigh den AE, ní mór go raibh do chónaí rialta agat lasmuigh den AE ar feadh tréimhse leanúnaí 12 mhí ar a laghad roimh an aistriú.
Ciallaíonn Cónaí Rialta:
- an áit ina mbíodh gnáthchónaí ort, ar feadh 185 lá sa bhliain a chríochnaigh ar dháta an aistrithe, mar gheall ar cheangail cheirde agus phearsanta
- mura raibh aon cheangal ceirde agat, an áit ina mbíodh gnáthchónaí ort ar feadh 185 lá sa bhliain a chríochnaigh ar dháta an aistrithe, mar gheall ar cheangail phearsanta
- má bhí do cheangail cheirde i dtír eile seachas an tír ina raibh do cheangail phearsanta glactar ansin leis an tír ina raibh do cheangail phearsanta mar do chónaí rialta má d’fhill tú ansin go rialta (i.e. don chuid is mó de na laethanta neamhoibre).
Níl tú i dTeideal Faoiseamh ó CCF
- má chuaigh tú chun cónaithe thar lear go príomha chun cúrsa léinn a leanúint
- má bhí tú ag obair thar lear ar thasc a mhair níos lú ná bliain amháin agus má d’fhan do cheangail phearsanta sa Stát
- má bhí tú ag obair thar lear ar thasc a mhair níos mó ná bliain amháin agus má fuair tú faoiseamh cánach i leith feithicle eile sa 5 bliana roimhe seo.
Cad iad na Riachtanais maidir leis an Mótarfheithicil?
Baineann na riachtanais seo a leanas leis an bhfeithicil:
- ní mór gurb í do mhaoin phearsanta í
- ní mór go bhfuarthas í agus gach cáin chuí áitiúil íoctha agus gan aon fhaoiseamh faighte nó aisíocaíocht de shaghas ar bith. (Tá eisceachtaí áirithe ann i gcás taidhleoirí agus comhaltaí eagraíochtaí idirnáisiúnta atá aitheanta ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha. Tá achoimre ar na sonraí ar fáil i mbileog ar leith Aistriú Cónaithe (Feithiclí Saor ó Cháin) nó ag aon Oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim).
- ní mór go raibh an fheithicil i do sheilbh agus in úsáid go dearfa agat lasmuigh den Stát ar feadh 6 mhí ar a laghad roimh d’aistriú go hÉirinn. I gcás faoisimh ó thaillí allmhairíochta, ní mór go raibh an fheithicil in úsáid agat ag do chónaí rialta roimhe seo. Ní thagann aon seilbh nó úsáid sa Stát, fiú le linn amanna nuair a bhí cónaí ort thar lear san áireamh.
- ní mór duit an fheithicil a thabhairt isteach sa Stát laistigh de 12 mhí ó dháta d’aistriú cónaithe.
An bhfuil Cruthú Cónaithe Riachtanach?
Tá. Beidh ort leorfhianaise a chur ar fáil chun a thaispeáint go raibh cónaí ort thar lear le linn na tréimhse riachtanaí ama. Beidh ort freisin a thaispeáint go bhfuil tú ag teacht chun cónaithe sa Stát. Tá san áireamh san fhianaise doiciméid maidir le:
- fáil agus cur de lámh maoine thar lear agus sa Stát (e.g. comhaontuithe cíosa, doiciméid mhorgáiste, íocaíochtaí cíosa/morgáiste srl.)
- fostaíocht thar lear agus sa Stát (e.g. duillíní pá, taifid chánach, taifid leasa shóisialaigh etc.)
- idirbhirt eile a rinneadh le linn an mhaireachtála ó lá go lá (raitis bhainc/doiciméid idirbheartaíochta, billí/admhálacha ar leictreachas, teileafón, táillí seirbhíse agus costais mhaireachtála eile lá go lá)
- taifid taistil bainteach le turais isteach i agus amach as an Stát
- fianaise eile mar a iarrtar i gcasanna aonair.
Cuimhnigh gur ortsa atá an fhreagracht a chruthú go raibh cónaí ort thar lear don tréimhse ráite. Mura gcuirtear an fhianaise dhoiciméadach ar fáil, ní féidir faoiseamh cánach a thabhairt.
Cén Fhianaise atá Riachtanach Maidir leis an bhFeithicil?
Éilítear ort a chruthú go raibh an fheithicil i do sheilbh agus in úsáid agat go dearfa thar lear ar feadh 6 mhí ar a laghad roimh aistriú agus go bhfuil na cánacha áitiúla cuí íoctha agus gan a bheith aisíoctha. Is éard a bheidh sa chruthú seo go hiondúil ná:
- doiciméad cláraithe na feithicle
- an deimhniú árachais
- an sonrasc díola, admháil cheannaigh nó doiciméad eile dá leithéid
- fianaise den dáta ar tugadh an fheithicil isteach sa Stát (e.g. ticéad seoltóireachta)
Beidh ort freisin fianaise a chur ar fáil maidir le úsáid na feithicle thar lear. Is éard a bheidh sa fhianaise seo, mar shampla, ná:
- taifid seirbhíse agus cothabhála
- fáltais breosla
- doiciméadacht a thaispeánann gur íocadh cáin cúrsaíochta agus cláraithe bliantúil srl.
- Cibé fianaise mar a iarrtar i gcasanna aonair.
An bhfuil Srianta ar Dhíol nó ar Dhiúscairt Feithicle ar tugadh Faoiseamh Cánach ina leith?
Tá. Ní ceadmhach duit an fheithicil a dhíol, a dhiúscairt, a chur ar cíos nó a thabhairt ar iasacht le linn an 12 mhí tar éis dáta an chláraithe. Ma dhéanann tú amhlaidh, ní mór an CCF (agus dleacht Chustaim agus CBL más cuí) a íoc ina n-iomláine.
Cén áit agus cathain a dhéanfaidh mé iarratas?
Má tá tú ag aistriú cónaithe ó laistigh den AE, ní mór duit iarratas a thabhairt chuig D’oifig Áitiúil Cánach laistigh de 7 lá i ndiaidh don fheithicil a theacht isteach sa Stát.
Má tá tú ag aistriú cónaithe ó lasmuigh den AE, ní mór duit d’iarratas a lóisteáil, nuair atá an fheithicil á hallmhairiú, ag an Oifig Chustaim ag pointe iontrála an Stáit.
Cad iad na foirmeacha atá le comhlánú agam?
I gcás aistriú cónaithe laistigh den AE,
Form VRT TOR - Transfer of Residence from within the EU - Application and Declaration for Relief from Vehicle Registration Tax
(PDF, 528KB).
I gcás aistriú cónaithe lasmuigh den AE, Form C&E 1076 - Transfer of Residence from outside the EU - Application and Declaration for Exemption from Import Charges and Vehicle Registration Tax (PDF,53KB).
Tá na foirmeacha seo ar fáil ag gach Oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.
Cén áit a chláróidh mé?
Cheap na Coimisinéirí Ioncaim STNG le roinnt feidhmeanna a bhaineann le clárú feithiclí a chur i gcrích ar a son. Ó 1 Mean Fómhair 2010, chun an fheithicil a chlárú, caithfidh tú coinne a dhéanamh i lárionad STNG le go ndéanfar an fheithicil a thástáil agus leis an CCF atá dlite a íoc (nó aon dhliteanas cánach eile más cuí). Tá sonraí na lárionad TNG a ghlacann le coinní le feithiclí a chlárú ar fáil ar www.ncts.ie/vrt.html![]()
Is féidir leat coinne a dhéanamh trí úsáid a bhaint as ceann de na modhanna seo a leanas:
- Ar Líne: www.ncts.ie/vrt.html

- Uimhir theileafóin Íosghlao: 1890 927 787
- Scríobh chuig STNG ag:
Vehicle Registration Tax Booking
Lakedrive 3026,
Citywest Business Campus,
Naas Road,
Baile Átha Cliath 24.
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ag teastáil uait agus an choinne á déanamh agat, óir iarrfar ort í:
- Ainm
- Seoladh
- Uimhir Ghutháin Phóca
- Seoladh Ríomhphoist
- Cineál Feithicle
- Uimhir Fonnaidh/Uimhir VIN
- Uimhir Chláraithe Reatha na Feithicle
Tá tuilleadh eolais faoi conas coinne a chur in áirithe ar fáil ar láithreán Gréasáin na STNG ar www.ncts.ie/vrt.html![]()
Cé go gcaithfidh tú íoc as an tseirbhís seo déanfar an muirear a chur in aghaidh aon íocaíochta CCF a bheidh ort a íoc ag deireadh phróiseas an chláraithe.
Conas a chláraím?
Chun aon fheithicil a chlárú, ní mór duit cruthúnas aitheantais a thabhairt leat, mar shampla Pas nó Ceadúnas Tiomána chomh maith leis an bhfeithicil agus an doiciméadú eile a theastaíonn. Moltar duit uimhir fonnaidh/VIN (Uimhir Aitheantais na Feithicle) a aimsiú don chigire STNG agus an fheithicil á tabhairt isteach agat le haghaidh cigireachta.
Más feithicil athláimhe (ceann a cláraíodh den chéad uair 3 mhí ó shin ar a laghad agus go bhfuil 3,000 ciliméadair ar a laghad taistealaithe aici) atá á clárú agat ní mór iad seo a thabhairt leat:
- Fianaise go raibh sí cláraithe cheana, mar shampla deimhniú eachtrach cláraithe, deimhniú easpórtála buaine nó deimhniú nach bhfuil sí cláraithe a thuilleadh, más cuí (coinneoidh an Lárionad TNG an doiciméad seo, mar sin déan cóip de sula dtéann tú chuig an lárionad cláraithe).
- An sonrasc, agus caithfidh an dáta ceannaigh/díola a bheith le feiceáil go soiléir air.
- Doiciméadú a fhíoraíonn ainm agus seoladh an úinéara chláraithe (Bille Fóntais, Ráiteas Bainc). Tugann an bhileog eolais Ainm an Úinéara agus Seoladh Dearbhuithe faisnéis bhreise maidir le hainm agus seoladh an úinéara.
- Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) an duine a mbeidh an fheithicil cláraithe faoina ainm. Beidh fianaise dhoiciméadach den UPSP ag teastáil. Cuimsíonn seo duillín pá, P60 nó aon dhoiciméadú a d’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim ar a bhfuil d’uimhir PSP, d’ainm agus do sheoladh.
- I gcás feithiclí a iompórtáiltear ó Thuaisceart Éireann, áit a bhfuil dáta an sonraisc níos mó ná 30 lá roimh an dáta ar a gcaithfidh tú an fheithicil a thabhairt isteach le haghaidh cláraithe, ní mór duit cur in iúl cá raibh an fheithicil stóráilte. I gcás feithiclí a ceannaíodh áit éigin eile (ar a n-áirítear an RA), beidh sonraí loingseoireachta ag teastáil uait leis an dáta ar tháinig an fheithicil isteach sa Stát a dhearbhú. Áit nach bhfuil fianaise shásúil ar fáil maidir leis an dáta ar tháinig an fheithicil isteach sa Stát, d’fhéadfadh na Coimisinéirí Ioncaim muirear breise a ghearradh don tréimhse ó dháta an sonraisc go dtí dáta an chláraithe.
- Áit a n-éilítear díolúine ó CCF, an fógra díolúine eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
- Doiciméadú (mar a bheidh faofa ag na Coimisinéirí Ioncaim) a dhearbhaíonn leibhéal astúchán CO2 na feithicle nuair a rinneadh í. Sa chás nach bhfuil doiciméadú ar fáil a dhearbhaionn leibhéal astúchán CO2 na feithicle nuair a rinneadh í ag am an chláraithe gearrfar CCF ag an ráta infheidhme is airde.
- I gcás feithiclí atá níos sine ná 4 bliana, deimhniú ródacmhainneachta nach bhfuil imithe in éag ag dearbhú go bhfuil tástáil coibhéiseach leis an STNG bainte amach acu. Sa chás nach bhfuil an doiciméadú seo ar fáil, d’fhéadfaí an carr a ghlaoch le haghaidh tástála ródacmhainneachta STNG go luath i ndiaidh an chláraithe.
Tá Doiciméid 1-4 thuas éigeantach agus ní chlárófar an fheithicil mura bhfuil siad ar fáil leis an bhfeithicil agus í á clárú.
Ní mór na doiciméid thíos a bheith le feithicil nua (ceann a cláraíodh den chéad uair níos lú ná 3 mhí ó shin ar a laghad nó go bhfuil níos lú ná 3,000 ciliméadair déanta aici ag am an chláraithe):
- An Deimhniú Comhréireachta de chuid an 'European Community Whole Vehicle Type-Approval (ECWVTA)' nó 'Individual Vehicle Approval (IVA)' nó 'National Small Series Type-Approval (NSSTA)'. Má cláraíodh an fheithicil cheana, beidh fianaise ag teastáil go raibh an fheithicil cláraithe cheana, m.sh. deimhniú eachtrach clárúcháin, deimhniú easpórtála buaine nó deimhniú nach bhfuil sí cláraithe a thuilleadh, más cuí. (Coinneoidh an Lárionad STNG an doiciméad seo, mar sin déan cóip de sula dtéann tú chuig an lárionad tástála).
- An sonrasc, agus caithfidh an dáta ceannaigh/díola a bheith le feiceáil go soiléir air.
- Doiciméadú a fhíoraíonn ainm agus seoladh an úinéara chláraithe (Bille Fóntais, Ráiteas Bainc). Tugann an bhileog eolais Ainm an Úinéara agus Seoladh Dearbhuithe faisnéis bhreise maidir le hainm agus seoladh an úinéara.
- Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) an duine a mbeidh an fheithicil cláraithe faoina ainm. Beidh fianaise dhoiciméadach den UPSP ag teastáil. Cuimsíonn seo duillín pá, P60 nó aon doiciméadú a d’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim ar a bhfuil d’uimhir PSP, d’ainm agus do sheoladh.
- I gcás feithiclí a iompórtáiltear ó Thuaisceart Éireann, áit a bhfuil dáta an sonraisc níos mó ná 30 lá roimh an dáta ar a gcaithfidh tú an fheithicil a thabhairt isteach le haghaidh cláraithe, ní mór duit cur in iúl cá raibh an fheithicil stóráilte. I gcás feithiclí a ceannaíodh áit éigin eile (ar a n-áirítear an RA), beidh sonraí loingseoireachta ag teastáil uait leis an dáta ar tháinig an fheithicil isteach sa Stát a dhearbhú. Áit nach bhfuil fianaise shásúil ar fáil maidir leis an dáta ar tháinig an fheithicil isteach sa Stát, d’fhéadfadh na Coimisinéirí Ioncaim muirear breise a ghearradh don tréimhse ó dháta an sonraisc go dtí dáta an chláraithe.
- Áit a n-éilítear díolúine ó CCF, an fógra díolúine eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
Tá Doiciméid 1-4 thuas éigeantach agus ní chlárófar an fheithicil mura bhfuil siad ar fáil leis an bhfeithicil agus í á clárú.
Má chuirtear feithicil i láthair i gcomhair cláraithe ag duine nach úinéir cláraithe na feithicle é, ní mór go mbeadh litir thoilithe aige a shínigh an té atá ag iarraidh clárúcháin. Caithfidh an "duine/gníomhaire/déileálaí mótair" ag feidhmiú ar son dhuine eile cruthúnas aitheantais a thabhairt leis, mar shampla Pas nó Ceadúnas Tiomána.
Scrúdófar an fheithicil féin sa Lárionad de chuid na TNG le deimhniú gurb ann do na gnéithe éagsúla a leagtar síos sa doiciméadú tionlacain, mar shampla uimhir aitheantais na feithicle (VIN), uimhir chláraithe (má cláraíodh an fheithicil cheana), déantóir, múnla, athraitheach, méid an innill, líon na ndoirse srl. Mura bhfuil an doiciméadú riachtanach ar fáil agus an fheithicil á tástáil nó murab ionann sonraí na feithicle agus sonraí an doiciméadaithe, ní chlárófar an fheithicil.
Nuair is léir go gcáilíonn an fheithicil do chlárú tabharfar doiciméad duit ina mbeidh sonraí na feithicle agus beidh ort é sin a shíniú le dearbhú gur mian leat an fheithicil a chlárú. I ndiaidh an dearbhaithe, sannfaidh Coimisinéirí Ioncaim uimhir chláraithe don fheithicil agus eiseoidh an STNG í seo chugat nuair a íoctar an cháin atá dlite.
Ba chóir a thabhairt ar aird, más gá dul go dtí lárionad de chuid na STNG an dara huair mar gheall ar dhoiciméadú a bheith mícheart nó a caillte, beidh ort íoc as an dara cuairt.
I ngach cás, ní mór an fheithicil a chlárú laistigh de 30 lá tar éis di teacht isteach sa Stát agus ní mór an uimhir chláraithe a chur ar an bhfeithicil laistigh de thrí lá ón gclárú.
An féidir liom Diúltú m’Iarratais a Achomharc?
Is féidir. I gcás a dhiúltú d’éileamh, seolfar litir chugat a leagann amach cúis le do dhiúltú. Ma tá leorfhorais agat, féadann tú achomharc a dhéanamh laistigh de dhá mhí ó dháta an chinnidh. Leagann amach bileog ar leith, Nósanna Imeachta Achomhairc, an nós imeachta achomhairc CCF.
Críocha AE atá eisiata ón AE chun críche CBL
Oileáin Mhuir nIocht, Giobráltar, Andóra, San Mairíne. Na hOileáin Canáracha, Ceuta, Melilla (An Spáinn).
Livigno, Campione d’Italia, Uiscí Iodálacha Loch Lugano (An Iodáil).
Na Ranna Francacha thar lear, i.e. An Ghuadalúip, Martinique, Reunion, Saint-Pierre-et-Miquelon agus Guáin na Fraince.
Oileáin Faró, An Ghraonlainn (An Danmhairg).
Oileán Heligoland agus Críoch Busingen (An Ghearmáin).
Sliabh Athos (An Ghréig).
An chuid sin den Chipir nach bhfuil rialú éifeachtach ag an mball den AE uirthi.
Arna Athbhreithnithe: Lúnasa 2010
