Sula gceannaíonn tú carr thar lear
Má tá sé ar intinn agat carr a cheannach thar lear, ní mór duit, agus é á thabhairt isteach sa tír agat, é a chlárú agus Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF) a íoc. Caithfear gach mótarfheithicil sa Stát, seachas cinn atá tugtha anseo go sealadach ag cuairteoirí, a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim. Caithfidh feithicil a bheith cláraithe sula ndéanfar í a cheadúnú le haghaidh cáin bóthair.
Ionas go mbeidh tú in ann an fheithicil seo a chlárú, ní mór duit cruthúnas aitheantais a thabhairt leat go dtí an Lárionad STNG, mar shampla Pas nó Ceadúnas Tiomána chomh maith leis an bhfeithicil agus an doiciméadú eile a theastaíonn.
Má tá sé ar intinn agat feithicil athláimhe a cheannach (ceann a cláraíodh den chéad uair 3 mhí ó shin ar a laghad nó go bhfuil 3,000 ciliméadair ar a laghad taistealaithe aige) ní mór duit cinntiú go mbeidh an doiciméadú seo a leanas agat agus tú á cheannach. Tabhair faoi deara nach mbeidh tú in ann an fheithicil a chlárú gan chruthúnas aitheantais agus na chéad 4 dhoiciméad a liostaítear thíos. Mura bhfuil na doiciméid eile agat, d’fhéadfadh an muirear CCF a bheith níos airde ná mar a bheidh tú ag súil leis.
- Fianaise go raibh an fheithicil cláraithe cheana, m.sh. deimhniú eachtrach cláraithe, deimhniú easpórtála buaine nó deimhniú nach bhfuil sí cláraithe a thuilleadh, más cuí, má cláraíodh an carr cheana.
- An sonrasc, agus caithfidh an dáta ceannaigh/díola a bheith le feiceáil go soiléir air.
- Doiciméadú a fhíoraíonn ainm agus seoladh an úinéara sa Stát (Bille Fóntais, Ráiteas Bainc srl.).
- Fianaise dhoiciméadach de d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) mar shampla duillín pá, P60 nó aon doiciméadú a d’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim ar a bhfuil d’uimhir PSP, d’ainm agus do sheoladh.
- Má cheannaigh tú an fheithicil i dTuaisceart Éireann, agus má tá dáta an sonraisc níos mó ná 30 lá roimh an dáta ar tugadh an fheithicil isteach le haghaidh clárúcháin, ní mór duit cur in iúl cá raibh an fheithicil stóráilte ón dáta a ceannaíodh í. Má cheannaigh tú an fheithicil áit éigin eile (ar a n-áirítear an RA), beidh sonraí loingseoireachta ag teastáil uait leis an dáta ar tháinig an fheithicil isteach sa Stát a dhearbhú. Mura féidir leat fianaise shásúil maidir leis an dáta ar tháinig an fheithicil isteach sa Stát a chur ar fáil, d’fhéadfadh na Coimisinéirí Ioncaim muirear breise a ghearradh don tréimhse ó dháta an sonraisc go dtí dáta an chláraithe.
- Má tá díolúine ó CCF á éileamh agat, caithfidh tú an fógra díolúine eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim a bheith agat chomh maith.
- Chomh maith leis sin b’fhéidir go dteastódh doiciméid (mar a bheidh faofa ag na Coimisinéirí Ioncaim) a dhearbhaíonn leibhéal astúchán CO2 na feithicle nuair a rinneadh í. Mura bhfuil fianaise shásúil agat i leith leibhéal astúchán CO2, gearrfar CCF ag an leibhéal infheidhme is airde.
- I gcás feithiclí atá níos sine ná 4 bliana, caithfidh deimhniú ródacmhainneachta a bheith agat ag dearbhú go bhfuil tástáil coibhéiseach leis an STNG bainte amach acu. Sa chás nach bhfuil an doiciméadú seo ar fáil, d’fhéadfaí an carr a ghlaoch le haghaidh tástála ródacmhainneachta STNG go luath i ndiaidh cláraithe.
Má tá sé ar intinn agat feithicil athláimhe a cheannach (ceann a cláraíodh den chéad uair 3 mhí ó shin ar a laghad nó go bhfuil 3,000 ciliméadair ar a laghad taistealaithe aici) ní mór duit cinntiú go mbeidh an doiciméadú seo a leanas agat agus tú á ceannach. Tabhair faoi deara nach mbeidh tú in ann an fheithicil a chlárú gan chruthúnas aitheantais agus na chéad 4 dhoiciméad a liostaítear thíos. Mura bhfuil na doiciméid eile agat, d’fhéadfadh an muirear CCF a bheith níos airde ná mar a bheidh tú ag súil leis.
- An Deimhniú Comhréireachta de chuid an ‘European Community Whole Vehicle Type-Approval (ECWVTA)’ nó ‘Individual Vehicle Approval (IVA)’ nó ‘National Small Series Type-Approval (NSSTA)’ nó sa chás gur cláraíodh an fheithicil, fianaise den chlárú sin.
- An sonrasc, agus an dáta ceannaigh/díola a bheith le feiceáil go soiléir air
- Doiciméadú a fhíoraíonn d’ainm agus do sheoladh (Bille Fóntais, Ráiteas Bainc srl.).
- Fianaise dhoiciméadach de d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) mar shampla duillín pá, P60 nó aon doiciméadú a d’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim ar a bhfuil d’uimhir PSP, d’ainm agus do sheoladh.
- Má cheannaigh tú an fheithicil i dTuaisceart Éireann, agus má tá dáta an sonraisc níos mó ná 30 lá roimh an dáta ar a gcaithfidh tú an fheithicil a thabhairt isteach le haghaidh cláraithe, ní mór duit cur in iúl cá raibh an fheithicil stóráilte ón dáta a ceannaíodh í. Má cheannaigh tú an fheithicil áit éigin eile (ar a n-áirítear an RA), beidh sonraí loingseoireachta ag teastáil uait leis an dáta ar tháinig an fheithicil isteach sa Stát a dhearbhú. Mura féidir leat fianaise shásúil maidir leis an dáta ar tháinig an fheithicil isteach sa Stát a chur ar fáil, d’fhéadfadh na Coimisinéirí Ioncaim muirear breise a ghearradh don tréimhse ó dháta an sonraisc go dtí dáta an chláraithe.
- Má tá díolúine ó CCF á éileamh agat, caithfidh tú an fógra díolúine eisithe ag na Coimisinéirí Ioncaim a bheith agat chomh maith.
- Má cláraíodh an fheithicil cheana, teastaíonn an deimhniú eachtrach clárúcháin, deimhniú easpórtála buaine nó deimhniú nach bhfuil sí cláraithe a thuilleadh, más cuí, má cláraíodh an carr cheana.
Beidh Cáin Bhreisluacha iníoctha ar fheithicil nua mar is gnáth. Tá faisnéis bhreise faoi CBL ar fheithiclí nua ar fáil i Treoir maidir le CCF.
Ní mór a thabhairt ar aird nár chóir feithicil nua a thiomáint ar na bóithre gan pláta clárúcháin.
Má thugann duine isteach feithicil (nua nó athláimhe) nach úinéir cláraithe na feithicle é le bheith cláraithe, ní mór go mbeadh litir thoilithe aige a shínigh an té atá ag iarraidh an fheithicil a chlárú. Caithfidh an "duine/gníomhaire/déileálaí mótair" ag feidhmiú ar son duine eile cruthúnas aitheantais a thabhairt leis, mar shampla Pas nó Ceadúnas Tiomána.
Chun an fheithicil a chlárú, caithfidh tú coinne a dhéanamh i lárionad STNG le go ndéanfar an fheithicil a thástáil agus leis an CCF atá dlite a íoc (nó aon dhliteanas cánach eile más cuí). Tá sonraí na lárionad STNG a ghlacann le coinní le feithiclí a chlárú ar fáil ar www.ncts.ie/VRT. Is féidir leat coinne a dhéanamh trí úsáid a bhaint as ceann díobh seo a leanas:
- Ar Líne: www.ncts.ie/vrt.html
- Uimhir theileafóin Íosghlao: 1890 927 787
- Scríobh chuig STNG ag:
Vehicle Registration Tax Booking,
Lakedrive 3026,
Citywest Business Campus,
Naas Road,
Baile Átha Cliath 24
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ag teastáil uait agus an choinne á déanamh agat, óir iarrfar ort í:
- Ainm
- Seoladh
- Uimhir Ghutháin Phóca
- Seoladh Ríomhphoist
- Cineál Feithicle
- Uimhir Fonnaidh/Uimhir VIN
- Uimhir Chláraithe Reatha na Feithicle
Chomh fada is atá na sonraí seo agat, is féidir leat tástáil a chur in áirithe fiú mura bhfuil an fheithicil sa Stát fós.
Tá faisnéis bhreise faoi CCF ar fáil i Treoir maidir le CCF.
Arna athbhreithniú: Lúnasa 2010
