Cáin Leictreachais

Clárúchán

Ní mór do gach soláthraí leictreachais clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim tríd an Application for Registration for Electricity a chomhlánú. Ba chóir do sholáthraithe é seo a chomhlánú roimh an soláthar leictreachais a thosú.

Féadann soláthraithe an fhoirm seo a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim trí M’Fhiosruithe atá ar fáil in moChúrsaí.

Féadfaidh soláthraithe chomh maith an fhoirm a sheoladh sa phost chuig Rannóg na gCorparáidí Móra.

Ní mór do sholáthraí nach bhfuil bunaithe in Éirinn duine inniúil sa Stát a cheapadh le cinntiú go dtugtar cuntas i leith na cánach agus go n-íoctar é.

Féadann soláthraithe díchlárú trí M’Fhiosruithe atá ar fáil in moChúrsaí nó trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do Rannóg na gCásanna Móra.

Ar aghaidh: Tuairisceáin agus íocaíochtaí