Cáin Charbóin ar Ghás Nádúrtha (CCGN)

Clárúchán

Ní mór do sholáthraithe dliteanacha gáis nádúrtha clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim tríd an bhfoirm Foirm NGCT Reg a chomhlánú. Ní mór do sholáthraithe gáis nádúrtha clárú roimh tosú soláthairtí gáis nádúrtha a dhéanamh. Féadann soláthraithe an fhoirm chlárúcháin seo a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim trí M’Fhiosruithe atá ar fáil in moChúrsaí. Féadtar an fhoirm seo a sheoladh chomh maith chuig Rannóg na gCorparáidí Móra

Ní mór do sholáthraí nach bhfuil bunaithe sa Stát duine inniúil a cheapadh sa Stát atá faoi dhliteanas cuntas a thabhairt i leith an CCGN agus é a íoc. Ní mór don duine inniúil clárú le haghaidh na cánach tríd an Foirm NGCT Reg a chomhlánú agus sonraí an tsoláthraí nach soláthraí Stáit iad a chur san áireamh. 

Féadann soláthraithe díchlárú ach M’Fhiosruithe a úsáid, nó trí Rannóg na gCorparáidí Móra a chur ar an eolas i scríbhinn.

Ar aghaidh: Tuairisceáin agus íocaíochtaí