Cáin Charbóin ar Bhreosla Soladach (CCBS)

Clárúchán

Ní mór do sholáthraithe clárú le haghaidh na Cánach Carbóin ar Bhreosla Soladach (CCBS) ach an Fhoirm SFCT-reg a chomhlánú. Ba chóir do sholáthraithe an fhoirm seo a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim ar M’Fhiosruithe, atá ar fáil ar moChúrsaí. Chomh maith leis sin féadann soláthraithe an fhoirm a sheoladh sa phost chuig:

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
An tAonad Cánacha Seirbhísí agus Idirbheart
Rannóg an Ard-Bhailitheora
Lána an Mhuilinn
Lios Tuathail
Contae Chiarraí
V31 VF20

Féadfaidh soláthraithe díchlárú ach M’Fhiosruithe a úsáid, atá ar fáil ar moChúrsaí, nó trí Rannóg an Ard-Bhailitheora a chur ar an eolas i scríbhinn.

Ar aghaidh: Tuairisceáin agus iocaíochtaí