Níos mó ná 48,800 toitíní gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim in Aerfort Chorcaí

Ar maidin (04/03/19), mar thoradh ar ghnáthphróifíliú, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 40,400 toitíní in Aerfort Chorcaí nuair a stop agus chuardaigh siad paisinéir a tháinig ón Nigéir. Ba é an branda ‘Benson & Hedges’ a bhí ar na toitíní. Rinneadh an Paisinéir, fear Nigéarach sna fichidí a cheistiú.

Mar chuid d’oibríocht eile, ghabh oifigigh de chuid na Coimisinéirí Ioncaim 8400 toitíní tráthnóna inné (03/03/2019) nuair a rinneadh siad stopadh agus cuardach ar bagáiste de chuid paisinéir d’aerfort Chorcaí. Fuarthas na toitíní, brandáilte ‘Double-Happiness’ agus ‘Hongtasher’ i bhfolach i mála taistil an paisinéir a tháinig isteach ar eitilt ón tSín. Ceistíodh Éireannach fir sna caogaidí.

Tá luach measta miondíola níos mó ná €29,280 ar na toitíní agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil tuairim is €23,100 don Státchiste.

Tá imscrúduithe ar bun d’fhonn ionchúiseamh a dhéanamh.

Íocann formhór na ndaoine an cháin agus an dleacht ceart. Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar sholáthar agus ar dhíol táirgí tobac sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthais nó ag an bpobal maidir le toitíní nó táirgí tobac á smuigleáil nó a dhíol, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir theileafóin faoi rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 04/03/2019]