Táirgí tobac agus carr gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gCathair Chorcaí

Níos luaithe inniu (13/02/2019), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, le cabhair ó bhrathadóir madra na gCoimisinéirí Ioncaim, Eva, breis agus 11,300 toitín, 5kg tobac agus carr i gCorcaigh mar thoradh ar oibríocht bunaithe ar fhaisnéis.

Rinneadh an ghabháil i ndiaidh cuardach faoi bharántas ar dhá theach i gCathair Chorcaí. Tá luach de bhreis agus €9,400 in éineacht ar na táirgí alcóil agus tobac contrabhanna a gabhadh agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil de thuairim agus €7,500 don Státchiste. San áireamh sna brandaí a gabhadh, tá ‘Excellence’, ‘Gold Classic’, ‘Richman’ agus ‘Flandria’.

Ceistíodh beirt Éireannach fir agus tá imscrúduithe ar bun d’fhonn ionchúiseamh a dhéanamh.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar sholáthar agus ar dhíol táirgí tobac sa scáthgheilleagar. Más eol duit go bhfuil duine páirteach in imghabháil nó smuigléireacht, bí cinnte é a thuairisciú. Déan teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim ar an líne Saorghlao Rúnda 1800 295 295.

[CRÍOCH 13/02/2019]