64,000 toitín gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim in iarthar Bhaile Átha Cliath.

Dé Máirt (15/01/2019), le linn gnáthoibríocht, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ó Chalafort Bhaile Átha Cliath 64,100 toitín. Aimsíodh na toitíní neamhstampáilte taobh istigh de dhá phacáiste a tháinig ón Moldóiv agus a bhí beartaithe le haghaidh seoladh in iarthar Bhaile Átha Cliath.

Tá luach measta miondíola níos mó ná €31,300 ar na toitíní seo den bhranda ‘Marlboro’ agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil tuairim is €26,800 don Státchiste. Ceistíodh fear agus bean Moldóvach sna tríochaidí agus tá imscrúduithe ar bun d’fhonn ionchúiseamh a dhéanamh.

Íocann an chuid is mó de dhaoine an tsuim cheart cánach agus dleachta. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal faoi thoitíní nó táirgí tobac á smuigleáil nó a ndíol, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir fóin faoi rún ar 1800 295 295.