Toitíní agus alcól ar luach €90,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gCalafort Bhaile Átha Cliath

Tráthnóna Dé hAoine (15/02/2019), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 98,000 toitín, breis agus 4kg de thobac agus 2,950 lítear d’alcól i gCalafort Bhaile Átha Cliath.

Thángthas ar an alcól agus na toitíní nuair a rinne oifigigh stopadh agus cuardach ar veain cláraithe thar lear agus a tháinig i dtír ar bhád farantóireachta as Holyhead na Breataine Bige. Ba iad na brandaí ‘Marlboro’, ‘Kent’, ‘Winston’, ‘Winchester’, ‘Vogue’ agus ‘Davidoff’ a bhí ar na táirgí tobac. Bhí na táirgí i bhfolach i mórán pacáistí a bhí á n-iompar sa bhus agus sa veain.

Tá luach miondíola €89,600 in éineacht ar na táirgí alcóil agus tobac a gabhadh agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil de thuairim agus €62,500 don Státchiste.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar sholáthar agus ar dhíol táirgí alcóil agus tobac sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir fóin faoi rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 18/02/2019]