Alcól ar luach €403,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gCalafort Bhaile Átha Cliath

Le linn gnáthoibríocht eile an tseachtain seo caite (16/01/2019), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim i gCalafort Bhaile Átha Cliath breis agus 11,000 lítear alcóil ar chostas miondíola de bhreis agus €403,000.

Is ionann an t-alcól smuigleáilte, a raibh os cionn 10,200 lítear d'uisce beatha albanach cumaiscthe agus 800 lítear de mianraí meisciúla ann, agus caillteanas poitéinsil don Státchiste de bhreis agus €255,300.

D'aimsigh na hoifigigh an t-alcól smuigleáilte nuair a chuardaigh siad leantóir a tháinig ón bPolainn. Tá imscrúduithe ar bun.

Tá an urghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar sholáthar agus ar dhíol alcóil sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir fóin faoi rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 21/01/2019]