Lamháltais maidir le Cáin Chorparáide a rinneadh

Tuairisceáin Chánach Corparáide Déanacha comhlánaithe gan srianta ar faoisimh

Tá faoisimh áirithe cosúil le faoiseamh i leith caillteanais agus grúpfhaoiseamh, srianta i gcásanna nach tíolactar tuairisceáin chánach in am. Tá sé seo riachtanach de réir Alt 1085(2) den ACC 1997.

Féadfaidh sé gur comhlánaíodh tuairisceán Cánach Corparáide CT1 gan srian ar fhaoisimh sa chás go raibh an méid seo a leanas i gceist:

  • tíolactha go déanach, ach tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2021
  • nach meastar an tuairisceán de bheith tíolactha go déanach faoi Alt 1084(1)(b) den ACC, 1997
  • agus
  • tíolactha go déanach mar thoradh ar na gcúinsí COVID-19.

Bhí feidhm aige seo maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch idir Meitheamh 2019 agus Meán Fómhair 2020, i gcásanna go raibh tuairisceáin dlite idir 23 Márta 2020 agus 30 Meitheamh 2021.

Ar aghaidh: Formhuirear ar ráitis airgeadais iXBRL déanacha a chur ar fionraí