Comhairle faoi Chustaim do thiománaithe trucaile atá ag baint úsáide as calafoirt Éireannach

Ag teacht isteach go hÉirinn ón mBreatain Mhór

An méid a theastaíonn uait

Sula dtagann tú go dtí an chalafoirt fágála sa Bhreatain Mhór, ní mór go mbeadh Fógra bailí Réamhbhordála agat. Féadtar teacht ar thuilleadh eolais sa rannán ar Sheirbhís Rolladh-Ann Rolladh-As (RóRó) Custam.

Tabhair do d'aire

Mura bhfuil FRB bailí agat, ní thabharfaidh an t-oibreoir bhád farantóireachta cead duit seiceáil isteach.
Molfar duit an calafort a fhágáil.

Nuair atá tú ar bord an bháid farantóireachta agus sula dtagann tú isteach go hÉirinn (30 nóiméad roimh thabhairt le balla), ní mór duit a sheiceáil cibé acu:

  • an bhfuil tú saor an calafort a fhágáil tar éis duit teacht isteach
  • an bhfuil ort dul chuig na custaim.

Le do chainéal a fháil, ba chóir duit d’Aitheantas FRB a chur isteach ar Sheirbhís Róró Custam na gCoimisinéirí Ioncaim. De rogha ar sin, má tá uimhir fóin póca curtha ar fáil, gheobhaidh tú teachtaireacht téacs le d'fhaisnéis chainéil.

Seiceáil isteach Custam ar theacht isteach go hÉirinn

Má fhaigheann tú cainéal téigh chuig na custaim, ní mór duit na comharthaí a leanúint go dtí an críochfort chuí. Nuair atá tú páirceáilte sa chríochfort, ba chóir duit seiceáil isteach le Féin-seiceáil isteach Sheirbhís RóRó Custam na gCoimisinéirí Ioncaim. Tar éis duit seiceáil isteach, seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim teachtaireacht téacs chugat le sonraí ar cén áit is gá duit dul go dtí leis na seiceálacha riachtanacha a chomhlánú.

Nuair a bheidh na seiceálacha riachtanacha comhlánaithe agat, ní mór duit an críochfort agus an calafort a fhágáil.

Gheobhaidh tú eolas mhionsonraithe ar an gcaoi leis an tSeirbhís RóRó Custam a úsáid in Comhairle faoi Chustaim do Thiománaithe ag úsáid Chalafort Bhaile Átha Cliath agus Chalafort Ros Láir.

dutch  estonian  french  hungarian latvian

turkey lithuanian polish romanian  russian

Gheobhaidh tú eolas ar an gcaoi le do bhealach a dhéanamh timpeall an chalafoirt in Department of Transport, Tourism and Sport (DTTAS) traffic plan.

Cén áit le nuashonruithe tráchta a fháil

Roinnfear eolas le tiománaithe ar bhealaí éagsúla. Ba chóir do thiománaithe aird a thabhairt ar nuashonruithe rialta raidió ar:

  • Stáisiún raidió ‘Live Drive’ Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (103.2FM)
  • South East Radio (95.6FM, 96.2FM, 96.4FM)
  • Craoltaí náisiúnta raidió.

Seolfar amach eolas ar shrutha tráchta trí na suíomh idirlín náisiúnta seo a leanas:

Ar aghaidh: Ar an mbealach amach as Éirinn go dtí nó tríd an mBreatain Mhór