Comhairle faoi Chustaim do thiománaithe trucaile atá ag baint úsáide as calafoirt Éireannach

Ar an mbealach amach as Éirinn go dtí nó tríd an mBreatain Mhór

An méid a theastaíonn

Sula dtagann tú go dtí an chalafoirt fágála in Éirinn, ní mór go mbeadh Fógra bailí Réamhbhordála agat. Féadtar teacht ar thuilleadh eolais sa rannán ar Sheirbhís Rolladh-Ann Rolladh-As (RóRó) Custam.

Tabhair do d'aire

Mura bhfuil FRB bailí agat, ní thabharfaidh an t-oibreoir bhád farantóireachta cead duit seiceáil isteach. Molfar duit an calafort a fhágáil.

Gheobhaidh tú eolas mionsonraithe ar an gcaoi leis an tSeirbhís RóRó Custam a úsáid in:

Comhairle faoi Chustaim do Thiománaithe ag úsáid Chalafort Bhaile Átha Cliath agus Chalafort Ros Láir.

dutch estonian french hungarian latvian

turkey lithuanian polish romanian russian

Gheobhaidh tú eolas ar an gcaoi le do bhealach a dhéanamh timpeall an chalafoirt in Department of Transport, Tourism and Sport (DTTAS) traffic plan.

Tabhair do d'aire

Tá riachtanais na Ríochta Aontaithe maidir le hiompórtálacha ó Éirinn le teacht i bhfeidhm ón 31 Eanáir 2024. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach an sceideal teacht i bhfeidhm.

Cén áit le nuashonruithe tráchta a fháil

Roinnfear eolas le tiománaithe ar bhealaí éagsúla. Ba chóir do thiománaithe aird a thabhairt ar nuashonruithe rialta raidió ar:

  • Stáisiún raidió ‘Live Drive’ Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (103.2FM)
  • South East Radio (95.6FM, 96.2FM, 96.4FM)
  • Craoltaí náisiúnta raidió.

Seolfar amach eolas ar shrutha tráchta trí na suíomh idirlín náisiúnta seo a leanas:

www.dublinport.ie

www.dublintunnel.ie

www.hgv.ie

www.rosslareeuroport.ie

www.mapalerter.ie

Ar aghaidh: Sláinte agus Sábháilteacht ag calafoirt Éireannach