Easpórtálaithe

Léargas ginearálta

Níl an Ríocht Aontaithe ina ball den Aontas Eorpach (AE) a thuilleadh. Ón 01 Eanáir 2021, caithfidh gnóthaí Éireannacha cloí le dualgais custam nuair atá earraí á mbogadh chuig, ó nó tríd an mBreatain Mhór.

Aontaíodh an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an AE agus an Ríocht Aontaithe agus cuireadh i bhfeidhm é go sealadach ar an 01 Eanáir 2021. Tar éis toiliú ó Pharlaimint na hEorpa, tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 01 Bealtaine 2021.

Tabhair do d’aire

Ní bhaineann na róil agus freagrachtaí d’easpórtálaithe a leagtar amach sa chuid seo ach le hearraí a thrádáiltear leis an mBreatain Mhór amháin. Ní bhaineann siad le trádáil le Tuaisceart Éireann.

Féadtar tuilleadh eolais ar thrádáil le Tuaisceart Éireann a fháil in Eolas ar an mBreatimeacht do ghnóthaí ag trádáil le Tuaisceart Éireann.

Ar aghaidh: Earraí a sheoladh ó Éirinn chuig an mBreatain Mhór