Tarlóirí agus lasta-sheoltóirí

Leantóirí 'Droimiompair' a iompar agus Fógra Réamhbhordála (FRB) a chruthú

Má tá leantóirí folmha á iompar ag bád farantóireachta RóRó ar bhealach cruachta nó droimiompartha, féadtar iarratas a dhéanamh do na Coimisinéirí Ioncaim ar uimhir údaraithe. Féadtar úsáid a bhaint as an uimhir údaraithe seo le Fógra Réamhbhordála (FRB) a chruthú.

Cén chaoi le cur isteach ar an údarú seo agus é a úsáid

Ba chóir do chuideachtaí ar mian leo údarú chun leantóirí ‘droimiompair’ a iompar Foirm iarratais le haghaidh Údarú do Leantóirí ‘Droimiompair’ a chomhlánú. Tá an t-údarú seo ar fáil don earnáil tarlaithe.

Ba chóir don iarratasóir an fhoirm iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh chuig RoRoNCH@revenue.ieRosslare@revenue.ie. Tar éis dóibh an fhoirm iarratais chomhlánaithe a fháil, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an t-iarratas a phróiseáil agus, má cheadaítear é, seolfaidh siad uimhir údaraithe don iarratasóir.

Iarrtar ar an iarratasóir glacadh le téarmaí agus coinníollacha an údaraithe. Le linn FRB a chruthú, féadtar an uimhir údaraithe a chur isteach sa réimse ainmnithe. Le haghaidh tuilleadh eolais ar FRB a chruthú, féach ar an PBN User Guide.

Cuireann an t-údarú ceadaithe ar chumas do thrádálaithe leantóirí ‘droimiompair’ a iompar isteach, nó amach as calafort Bhaile Átha Cliath nó Ros Láir ar bhonn leanúnach.

Tuilleadh eolais

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le CustomsPBN@revenue.ie