Seirbhís Rolladh-ann-Rolladh-as Custam (Seirbhís RóRó)

Seiceáil isteach Custam nuair a ghlaoitear chun Custam thú

 Téigh chuig Custaim

Nuair a fhaigheann feithicil cainéal ‘Déan teagmháil le Custaim’, féadann an tiománaí féin-seiceáil isteach nuair atá siad páirceáilte sa chríochfort sannta custam.

Leis an tseirbhís Seiceála Isteach Custam, féadann tiománaí seiceáil isteach le Custaim gan a fheithicil a fhágáil.

Chun teacht ar an tseirbhís Seiceála Isteach Custam, ba chóir don tiománaí ‘Seiceáil Isteach Custam’ a roghnú agus an fhaisnéis seo a leanas a chur isteach:

  • uimhir thagartha FRB
  • uimhir an chuais páirceála
  • cineál na feithicle
  • agus
  • uimhir fóin póca an tiománaí.

Nuair a éiríonn leis an tiománaí seiceáil isteach, eiseofar teachtaireacht deimhnithe chun na chéad chéimeanna eile a chur in iúl don tiománaí.

Mura bhfuil aon Aitheantas FRB ar fáil, cuirfidh an tiománaí uimhir cláraithe na feithicle nó an leantóra, dáta teachta isteach agus sonraí na loinge isteach. Ina dhiaidh sin, iarrfar uimhir fóin póca, uimhir an chuais páirceála agus cineál na feithicle.

Má tá na hearraí faoi réir scrúdú fisiceach, eiseofar teachtaireacht téacs chuig an tiománaí ag cur in iúl dóibh cén uair a bheidh cuas scrúdaithe ar fáil.

Féadann an tiománaí an suíomh páirceála a fhágáil ansin agus leanúint ar aghaidh chuig an gcuas scrúdaithe.

Tabhair do d’aire:

Má chuir an t-úsáideoir sonraí teagmhála leis an FRB nuair a cruthaíodh é, eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis faoi na cainéil agus nuashonruithe go huathoibríoch chuig na teagmhálacha sin. Tá na teachtaireachtaí seo sa bhreis ar an teachtaireacht a chuirtear chuig uimhir fón póca an tiománaí.

Tábhachtach

Ná húsáid d’fhón póca agus tú ag tiomáint.