Seirbhís Rolladh-ann-Rolladh-as Custam (Seirbhís RóRó)

Fógra Réamhbhordála (FRB)

Is éard atá in FRB ná ‘clúdach litreach fíorúil’ ina gcoinnítear sonraí Mháistir-Uimhreacha Tagartha (MUT) na ndearbhuithe custam uile a bhaineann leis na hearraí le chéile in aon áit amháin. Tá a aitheantóir uathúil féin ag gach FRB ar a dtugtar Aitheantas FRB.

Is é an Tarlóir atá freagrach as an FRB a chruthú gus féadfaidh siad an fheidhm seo a tharmligean chuig a gcomhpháirtithe sa slabhra soláthair. Ina measc seo tá an dearbhóir, an t-iompórtálaí, an t-easpórtálaí, an gníomhaire imréitigh nó an chuideachta lóistíochta.

Ní mór na dearbhuithe custam chun na hearraí uile ar an bhfeithicil a chlúdach, lena n-áirítear lastaí iomadúla, a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim roimh ré. Ní mór é seo a dhéanamh sula bhfágann na hearraí chun an Chríochfoirt sa Bhreatain Mhór nó in Éirinn. Ní mór aon riachtanais réamhfhógra maidir le hearraí atá faoi réir seiceálacha sláintíochta agus fíteashláintíochta (SSF) a chomhlánú freisin.

Tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim glacadh leis na dearbhuithe cuí custam, eiseofar Máistir-Uimhreacha Tagartha (MUT) le haghaidh gach dearbhú.

Ní mór do tharlóir nó comhpháirtí eile sannta an tslabhra soláthair an méid seo a dhéanamh:

  • FRB a chruthú ar an gCóras RóRó Custam agus Aitheantóir uathúil FRB a fháil (Aitheantas FRB).
  • Uimhir fóin póca agus seoladh ríomhphoist teagmhála a chur isteach san FRB chun faisnéis chainéil a fháil.
  • Nuair a bheidh sé ar fáil, cuir Máistir-Uimhir Thagartha uile na ndearbhuithe custam leis.
  • Cuir an tAitheantas FRB ar fáil don chuideachta fharantóireachta mar chuid de na sonraí áirithe riachtanacha.
  • Cuir an tAitheantas FRB ar fáil do thiománaí na feithicle.
  • Déan stádas an FRB a sheiceáil le cinntiú go bhfuil sé ‘Ceart go leor leanúint ar aghaidh chuig an tSeiceáil Isteach’ sula dtéann tú go dtí an críochfort farantóireachta.

Gan FRB bailí le stádas ‘Ceart go leor leanúint ar aghaidh chuig an tSeiceáil Isteach’, ní thabharfar cead don fheithicil dul ar bord an bháid farantóireachta. Cuirfear in iúl do na feithiclí sin an limistéar calafoirt a fhágáil.

Treoir Físe

Féadtar féachaint ar an treoir físe seo ar an gcaoi le FRB a chomhlánú.

Ar aghaidh: Samplaí de lastaí farantóireachta a dteastaíonn FRB uathu