Calafoirt agus aerfoirt custam le haghaidh teacht agus imeacht árthaí agus aerárthaí

Léargas ginearálta

Ní fhéadann árthaí agus aerárthaí atá ag teacht agus ag imeacht ón Stát ach teacht chuig nó imeacht ó áiteanna a cheadaíonn na Coimisinéirí Ioncaim. Féadfaidh díolúintí ón riail seo a bheith i bhfeidhm má údaraíonn na Coimisinéirí Ioncaim iad.

Mar a fhoráiltear faoin Acht Custam 2015, tá calafoirt agus aerfoirt custam ceaptha chun na críche seo ar fud na tíre. Taobh istigh de na calafoirt agus na haerfoirt seo tá áiteanna ar leith ceadaithe don mhéid seo nó do chuid den mhéid seo a leanas:

  • teacht agus imeacht árthaí agus aerárthaí
  • teacht agus imeacht paisinéirí, criú agus a mbagáiste
  • earraí, stórais agus tíolacas a lódáil agus a dhílódáil.

D’fhéadfadh úsáid na n-áiteanna ceadaithe seo a bheith faoi réir coinníollacha áirithe.

Gheobhaidh tú eolas faoi na háiteanna ceadaithe custam seo sa rannán seo.

Ar aghaidh: Aerfoirt ceaptha ag Custaim