Faisnéis Taraife Cheangailteach (BTI)

Léargas ginearálta

Céard is FTC ann?

Is éard is cinntí FTC ann ná cinntí maidir le rangú arna n-eisiúint ag córais riartha Custam sna Ballstáit éagsúla. Tá siad ina gceangal dlí ar fud an Aontais Eorpaigh (AE).

Buntáistí FTC

Is iad seo a leanas buntáistí an FTC do thrádálaithe:

  • Cinnteacht dlí maidir le cinntí rangaithe taraife.
  • Feidhmiú comhionann ar rialacha an rangaithe ar fud an Aontais Eorpaigh.
  • Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim trádálaithe ar an eolas má tharlaíonn aon athruithe ó thaobh rangú a imríonn tionchar ar a FTC.
  • Féadtar FTC a dhéanamh neamhbhailí, mar shampla, mar gheall ar athrú i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. I gcásanna den chineál sin, féadann trádálaithe a bheith i dteideal ‘tréimhse chairde’. Má cheadaítear é seo, féadann trádálaithe aon chonarthaí ceangailteacha a dhéantar a chríochnú ar bhonn an FTC sin.

Ar aghaidh: Rialacha maidir le Faisnéis Taraife Cheangailteach (BTI) a fháil