Faisnéis Taraife Cheangailteach (BTI)

Úsáid a bhaint as Faisnéis Taraife Cheangailteach (FTC)

Ní mór duit cód C626 agus an uimhir thagartha FTC a chur isteach ar do dhearbhuithe custam agus earraí atá clúdaithe ag FTC a eisíodh chugat, á ndearbhú agat.

Bailíocht an FTC

Is iondúil an FTC a bheith bailí ar feadh trí bliana ón dáta eisiúna.

Féadtar FTC a dhéanamh neamhbhailí sna cásanna seo:

  • nuair a athraíonn an cód aicmiúcháin
  • nuair atá tionchar ag bearta Aontais Eorpaigh (AE) nó ag bearta taraife custam idirnáisiúnta uirthi
  • nuair atá tionchar ag breith de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh uirthi.

Féadann na Coimisinéirí Ioncaim ‘tréimhse chairde’ suas le sé mhí a cheadú. Leis seo, ceadaítear leanúint d’úsáid a bhaint as FTC chun conarthaí ceangailteacha atá déanta agat a chur san áireamh.

Beidh an FTC ar neamhní má tá sé bunaithe ar shonraí neamhchruinn nó neamhiomlán ón iarratasóir.

Bunachar FTC

Sa bhunachar seo tá cinntí aicmiúcháin eisithe ag tíortha AE. Tá sonraí ann ar chomhdhéanamh earraí (gan faisnéis faoi rún san áireamh) agus an bonn leis na haicmiúcháin. Féadtar teacht ar an mbunachar ar BTI database.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad Simplithe.