AE-Ríocht Aontaithe - Tionscnamh fabhrach

Cóid dhearbhaithe iompórtála in CIU

Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU)

Ba chóir duit na cóid seo a leanas a úsáid le tionscnamh fabhrach a éileamh ar scaoileadh saorchúrsaíochta san Aontas Eorpach:

  • Ba chóir go mbeadh an cód ‘300’ san áireamh i Mír Sonraí CIU 4/17 (Fabhar).
  • Mír Sonraí CIU 5/16 (Tír an tionscnaimh fhabhraigh) is ea ‘GB’.
  • Ba chóir ceann amháin den na cóid seo a leanas a úsáid le haghaidh Mír Sonraí CIU 2/3 (Doiciméid a tíolacadh, deimhnithe agus údaruithe, tagairtí breise):
    • Sa chás go bhfuil an t-éileamh ar chóir fhabhrach taraife bunaithe ar ‘dhearbhú tionscnaimh’ le haghaidh lastas aonarach, bain úsáid as an gcód ‘U116’ agus NAI ina dhiaidh.
    • Sa chás go bhfuil an t-éileamh ar chóir fhabhrach taraife bunaithe ar ‘eolas an iompórtálaí’, bain úsáid as an gcód ‘U117’ agus NAI ina dhiaidh.
    • Sa chás go bhfuil an t-éileamh ar chóir fhabhrach taraife bunaithe ar ‘dhearbhú tionscnaimh’ le haghaidh lastais iomadúla, bain úsáid as an gcód ‘U118’ agus NAI ina dhiaidh.

Ar aghaidh: Samplaí