Córas Ginearálaithe um Thosaíochtaí (GSP)

Is éard atá sa chóras CGF ná scéim trína dtugtar rochtain fhabhrach do tháirgí de thionscnamh tíortha áirithe i mbéal forbartha ar mhargaí an Aontais Eorpaigh (AE). Tugtar an déileáil fhabhrach i bhfoirm rátaí laghdaithe nó nialasacha Dleachtanna Custam. Dearadh an scéim CGF chun bheith chun leasa tíortha áirithe i mbéal forbartha trí rochtain riachtanach a thabhairt dóibh ar mhargaí an AE.

Féadtar tuilleadh eolais faoi CGF a fháil in:

Chun fáil amach má tá na hearraí atá tú ag iompórtáil incháilithe don taraif fhabhrach, ba chóir duit féachaint ar TARIC.

Tuilleadh eolais

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, nó má tá ceist ar leith agat maidir le CGF, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Aonad um Thionscnamh agus Luacháil.