Tionscnamh fabhrach agus neamhfhabhrach

Dearbhú soláthraí

Is éard is dearbhú soláthraí ann ná fianaise tacaíochta le haghaidh iarratais ar dheimhniú tionscnaimh. Cuireann soláthraithe na dearbhuithe seo ar fáil d’easpórtálaithe, le tionscnamh a dtáirgí a shonrú.

Dearbhú soláthraí fhadtéarmaigh

Féadtar dearbhú soláthraí aonair a úsáid chun lastais iomadúla earraí a chlúdach sna cásanna seo:

  • soláthraíonn an soláthraí na hearraí duit go rialta
  • agus
  • go bhfuiltear ag súil leis go mbeidh an tionscnamh fabhrach mar an gcéanna ar feadh tréimhse shuntasach ama.

Tá na foirmeacha dearbhú soláthraí ar fáil in Foirmeacha gaolmhara. D'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach treoirlínte maidir le na fóralacha a bhaineann leis an dearbhú soláthraí a chur i bhfeidhm san Aontas Eorpach  - féach Guidance on the Supplier's Declaration.

Foirm INF 4

Is foirm é an INF 4 a eisíonn Údarás Custaim san Aontas Eorpach (AE) a dheimhníonn údaracht an dhearbhú soláthróra. Tá an INF 4 déanta suas d’fhoirm iarratais agus deimhniú. Féadfaidh ceannaitheoir nó Oifig Chustaim laistigh den AE iarratas a dhéanamh. Tá an fhoirm INF 4 ar fáil i bhFoirmeacha gaolmhara.

Ar aghaidh: Faisnéis Cheangailteach i leith Tionscnaimh (FCT)