An Tuirc - Aontas Custam agus Tionscnamh Fabhrach

Meastar an chuid is mó de tháirgí tionsclaíocha i saorchúrsaíocht san Aontas Eorpach (AE) a bheith i saorchúrsaíocht sa Tuirc, agus a mhalairt. Bíonn earraí i saorchúrsaíocht nuair atá na gnásanna uile iompórtála críochnaithe agus na Dleachtanna Custam íoctha. Féadtar rátaí Dleachta Custam a bhaineann le hearraí a iompórtáil ón Tuirc in TARIC. Féadtar an deimhniú ATR a úsáid mar fhianaise ar shaorchúrsaíocht.

Ní mór, áfach, cruthúnas ar thionscnamh a bheith ag roinnt táirgí talmhaíochta, mara, guail agus cruach le go gcáileoidh siad le haghaidh fabhrachta.

Féadtar tuilleadh eolais a fháil ag European Commission - Turkey: Customs Unions and preferential arrangements.