Earraí a iompórtáiltear go buan le haghaidh taispeántas, aonach nó cruinnithe

Nós imeachta iar-iompórtála

Ní mór taifead a choinneáil d’úsáid agus diúscairt na n-earraí a iompórtáiltear. Ba chóir go bhfolódh do thaifead sonraí iomlána faoi ainm, dáta agus áit na himeachta.

Sa chás gur cuireadh urrús ar fáil, ba chóir duit do thaifead a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim taobh istigh de na tréimhsí seo:

  • taobh istigh de mhí amháin ó dheireadh na himeachta
  • taobh istigh de shé mhí ó dháta na hiompórtála

cibé acu is luaithe.

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim socruithe chun an t-urrús a aisíoc, a chealú, nó a leasú.

Maidir le hearraí a iompórtáladh don imeacht agus nár dáileadh nó nár úsáideadh ag an imeacht, ní mór iad a easpórtáil, é sin nó is gá muirir iompórtála a íoc.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.