Earraí a athiompórtáiltear isteach san Aontas Eorpach (Faoiseamh i leith Earraí Aisdúichithe)

Léargas ginearálta

Féadtar earraí a athiompórtáil isteach san Aontas Eorpach (AE) gan Dleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc. Tá an méid seo i gceist leis na hearraí seo:

  • ní mór gur easpórtáladh iad ón AE ar dtús
  • agus 
  • féadfaidh codanna nó oiriúintí a bhaineann le táirgí eile ar easpórtáladh roimhe seo a bheith san áireamh leo.

Tugtar Faoiseamh i leith Earraí Aisdúichithe (RGR) air seo.

Tabhair do d’aire

Ní cheadaítear an faoiseamh ó CBL ach amháin más é an duine a athiompórtálann na hearraí an duine céanna a d’easpórtáil ar dtús iad.

Tá faisnéis do dhaoine aonair a éilíonn RGR tar éis turas lasmuigh den AE ar fáil ag Míreanna pearsanta a fágadh ina ndiaidh agus tú ag taisteal thar lear a thabhairt ar ais.

Ar aghaidh: Rialacha ginearálta i leith faoiseamh ó dhleacht ar earraí aisdúichithe