Earraí neamh-Aontais Eorpaigh (AE) a iompórtáil lena soláthar ar aghaidh chuig Ballstát eile

Féadfaidh trádálaithe atá cláraithe le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) earraí ó áit taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) a iompórtáil isteach go hÉirinn ag an ráta nialasach. Chun cáiliú don fhaoiseamh, áfach, ní mór na hearraí seo a bheith le haghaidh soláthar chuig custaiméir atá cláraithe le haghaidh CBL i mBallstát eile.

Tugtar ‘Faoiseamh i leith Soláthar ar Aghaidh’ nó ‘Nós Imeachta 42’ ar an scéim seo. Tá sonraí uile na scéime agus na coinníollacha infheidhme ar fáil sa treoirleabhar Custam ar CBL iompórtála in Customs Manual on Import VAT.

Tuilleadh eolais

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le Custaim.