Cead isteach sealadach d'earraí áirithe le haghaidh díol féideartha

Léargas ginearálta

Féadtar an nós imeachta um chead isteach sealadach a úsáid chun an méid seo a leanas a iompórtáil go sealadach ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE)

  • earraí, seachas earraí monaraithe go nua, a iompórtáiltear d’fhonn iad a dhíol ag ceant
  • saothair ealaíne, míreanna do bhailitheoirí, agus seandachtaí a iompórtáiltear le haghaidh taispeántais agus díol féideartha
  • coinsíneachtaí ar cheadú, is é sin earraí is mian le coinsíneoir a dhíol, agus a fhéadfaidh sé gur mian leis an gcoinsíní iad a cheannach tar éis iad a scrúdú.

Tabhair do d’aire

Má úsáideann tú an nós imeachta seo, beidh ort urrús a chur ar fáil nó do dhleacht a íoc ar éarlais. Féadfaidh tú é seo a aiséileamh má dhéanann tú d’earraí a ath-easpórtáil.

Ar aghaidh: Rialacha maidir le cead isteach sealadach d'earraí áirithe le haghaidh díol féideartha