Úsáid phríobháideach feithiclí curtha ar fáil ag an bhfostóir

Léargas ginearálta

Féadfaidh sé go bhfaighidh d’fhostaí carr le haghaidh úsáid phríobháideach toisc go bhfuil siad fostaithe agat. Sa chás go dtarlaíonn sé seo, ní mór do d’fhostaí Cháin Ioncaim, Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus an Muirear Sóisialach Uilíoch (USC) a íoc i leith na húsáide príobháidí sin.

Meastar, de ghnáth gur úsáid phríobháideach é taisteal ón obair agus chuig an obair.

Is gnách gur ga carr a bheith faighte ag d’fhostaí uait le go mbeifeá faoi dhliteanas an mhuirir seo. Beidh siad faoi dhliteanas chomh maith, áfach, má fuair siad carr toisc go bhfuil siad fostaithe agat (chun críocha urraíochta, mar shampla) ó dhuine díobh seo:

  • páirtí bainteach
  • tríú páirtí.

Baineann an t-eolas sa rannán seo leat, bíodh se gur cuideachta, páirtnéireacht nó trádálaí aonair thú.

Tabhair do d’aire

Chun críocha an choda seo den suíomh idirlín, is tagairt é ‘feithicil curtha ar fáil ag an bhfostóir’ do gach carr a sholáthraíonn fostóirí chuig a bhfostaithe.

Féadfaidh sé gurb éard atá i gceist le ‘carr’ ná aon charr taobh istigh de ghnáthbhrí an fhocail, chomh maith le criúchábáin agus jípeanna. Ní fholaíonn sé:

Ní bhaineann an rannán seo le hábhar ach amháin nuair nach n-aistríonn úinéireacht an chairr chuig an bhfostaí. Má aistríonn tú an carr chuig d’fhostaí, feidhmeofar na gnáthrialacha Sochair Chomhchineáil. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar luacháil sochar.

Má íocann tú liúntas le fostaí chun ligean dóibh carr a cheannach, tuarastal incháinithe a bheidh ann. Ní bheidh feidhm ag an rannán seo.

Thug na Coimisinéirí Ioncaim beart lamháltais maidir le srianta taistil isteach mar gheall ar an bpaindéim COVID-19. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Feithiclí curtha ar fáil ag an bhFostóir in Athruithe don Sochar Comhchineáil le linn srianta COVID-19.

Ar aghaidh: Cén chaoi le luach an tsochair a ríomh