Scaireanna d'fhostaithe

Scéimeanna Brabús-Roinnte Ceadaithe agus Iontaobhais Scairúinéireachta d'Fhostaithe

Tabhair do d'aire

Teastaíonn cead ó na Coimisinéirí Ioncaim chun Scéimeanna Brabús-Roinnte Ceadaithe (SBRC) agus Iontaobhais Scairúinéireachta d’Fhostaithe (ESOT) a oibriú.

Tá mionsonraí na gceanglas maidir le ceadú leagtha amachChapter 10 - Approved Profit Sharing Schemes (APSS) and Chapter 11 - Employee Share Ownership Trusts (ESOT).

SBRC

Cuireann an SBRC meicníocht ar fáil atá éifeachtúil ó thaobh cánach de chun scaireanna a thabhairt do d’fhostaithe. Teastaíonn cead ó na Coimisinéirí Ioncaim SBRC a oibriú.

Faoi réir coinníollacha áirithe, beidh d’fhostaí díolmhaithe ó mhuirear Cáin Ioncaim ar an leithghabháil scaireanna. Beidh d’fhostaí fós faoi dhliteanas an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) fostaí. Ní mór duit an MSU agus ÁSPC fostaí a bhailiú faoin gcóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT). Ní bhaineann ÁSPC Fostóra ar luach saothair scairbhunaithe.

Teastaíonn iontaobhas chun scaireanna a fháil agus a shealbhú do na fostaithe rannpháirteacha. Ní mór gur gnáthscaireanna iad na scaireanna agus go gcoinnítear iad in iontaobhas ar feadh dhá bhliain ar a laghad. Tar éis an tráth sin, féadann fostaithe rannpháirteacha na scaireanna a dhiúscairt, ach beidh siad faoi réir Cánach Ioncaim.

Tá scaireanna a dhéantar a dhiúscairt tar éis trí bliana díolmhaithe ó Cháin Ioncaim.

Féadfaidh sé go mbeidh Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) dlite freisin i gcás ina ndéantar na scaireanna a dhiúscairt.

Féadtar asbhaint Cánach Corparáide a éileamh as do chuid ranníocaíochtaí leis an iontaobhas agus an costas a bhaineann leis an scéim a bhunú.

Ní mór do d’fhostaithe uile a shásaíonn na coinníollacha cáilitheach a bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh ar théarmaí comhchosúla.

ESOT

Is meicníocht iontaobhais fabhrach cánach é ESOT arna bhunú ag cuideachta chun scaireanna a chur i lámha na bhfostaithe. Féadtar scaireanna a choinneáil san iontaobhas ar feadh suas le 20 bliain lena ndáileadh ar fhostaithe. Úsáidtear Iontaobhais Scairúinéireachta d’Fhostaithe de ghnáth i dteannta le SBRC.

Ní féidir leis an gcuideachta a bhunaíonn an Iontaobhais Scairúinéireachta d’Fhostaithe a bheith faoi rialúchán comhlacht eile. Is iad comhlachtaí stáit agus leathstáit a bhunaigh na scéimeanna go dtí seo go príomha.

Riachtanas tuairiscithe

Ní mór d'iontaobhaithe bainteach le scéim cheadaithe tuairisceán bliantúil a thíolacadh, fiú mura bhfuil aon ghníomhaíocht scéime ann don bhliain áirithe sin:

Ní mór na tuairisceáin seo a thíolacadh fiú mura bhfuil aon ghníomhaíocht scéime ann don bhliain áirithe sin. Má loictear tuairisceán a dhéanamh go tráthúil, féadtar ceadú na scéime a tharraingt siar.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Dualgais tuairiscithe scaireanna.

Ar aghaidh: Scéimeanna Sábháil Mar a Thuillir (SMAT)