Scaireanna d'fhostaithe

Plean Ceannaithe Scaireanna d'Fhostaithe agus dámhachtainí scairbhunaithe airgeadsocraithe

Pleananna Ceannaithe Scaireanna d’Fhostaithe (PCSF)

Tá PCSF á n-oibriú ag mórán comhlachtaí, go háirithe fochuideachtaí nó brainsí de chorparáidí de chuid na Stát Aontaithe.

Cuireann PCSF ar chumas d’fhostaithe scaireanna a cheannach i do chomhlacht nó i do mháthairchomhlacht ar lascaine. Maoinítear an ceannach trí asbhaintí ó tuarastal glan nó pá an fhostaí. Go hiondúil, an lascaine a cheadaítear ná 15% de luach margaidh na scaireanna ar an gcéad lá nó an lá deiridh den tréimhse tairisceana, cibé acu is ísle. Tréimhse 6 mhí is ea an tréimhse tairisceana go hiondúil.

De ghnáth caitear le scéimeanna PCSF mar dhámhachtainí scaireanna agus gearrtar cáin orthu tríd an gcóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT). Má sholáthraíonn an PCSF rogha don fhostaí na scaireanna a shealbhaigh, ansin caitear leis an dámhachtain mar scair-roghanna neamhcheadaithe. Braithfidh sé seo ar gach phlean aonair.

Ón 1 Eanáir 2024, gearrtar cáin ar scair-roghanna neamhcheadaithe tríd an gcóras ÍMAT chomh maith.

Dámhachtainí scairbhunaithe airgeadsocraithe

Déanann roinnt pleananna sochair fostaí íocaíochtaí airgid thirim a thairiscint d’fhostaithe bunaithe ar luach na scaireanna i gcuideachta. Athróidh an modh chun an tsuim airgid a ríomh ag brath ar an scéim. Féadann gurb ionann an íocaíocht agus luach na scaireanna bunúsacha ar dháta áirithe, nó aon mhéadú ar a luach thar thréimhse shocraithe.

I measc samplaí de dhámhachtainí den sórt sin tá scaireanna fánaíochta, Cearta Luachmhéadú Stoic (CLU) agus stoc aonaid srianta airgeadsocraithe (stoc aonaid SAS).

Sa chás go n-íoctar dámhachtainí den sórt sin mar airgid tirim, ba cheart caitheamh leis an íocaíocht airgid mar ghnáthphá. Ní mór duit asbhaint mar is cuí faoin gcóras ÍMAT:

Níl íocaíochtaí airgid dhíolmhaithe ó ÁSPC an fhostóra.

Uaireanta bíonn fostaí i dteideal íocaíochtaí airgid thirim atá coibhéiseach leis na díbhinní a fhabhraíonn do na scaireanna bunúsacha. Is díolaíochtaí incháinithe na fostaíochta iad na coibhéisí díbhinne seo agus tá siad ar chuntar gnáth-asbhaintí párolla.

Riachtanas tuairiscithe

Caithfidh tú sonraí an PCSF agus na ndámhachtainí roinnte airgid a thuairisciú ar an bhFoirm DSF.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Dualgais tuairiscithe scaireanna.

Ar aghaidh: Scair-roghanna neamhcheadaithe